Na Francaigh nach mbeidh aon chárta Vailintín ó Éirinn acu

Tá an Fhrainc agus foireann na hÉireann ag tabhairt aghaidh ar a chéile ar Lá Fhéile Vailintín, tá Francaigh ann nach bhfuil aon ghrá rómhór ag muintir na hÉireann dóibh

Vincent Clerc ag ceiliúradh a úd i gcoinne na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i 2007. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Vincent Clerc ag ceiliúradh a úd i gcoinne na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i 2007. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Vincent Clerc

Ní cheapfá go mbeadh fear nach raibh ach 5’10’ in ann an oiread sin eagla a chuir ar mhuintir tíre ach sin a tharla aon uair a fuair Vincent Clerc seilbh na liathróide i gcoinne na hÉireann. Bhí cúis mhaith ag na hÉireannaigh amhras a bheith orthu mar mhothaigh sé gur aimsigh an cliathánaí scór aon uair a fuair sé seilbh na liathróid inár

Aon uair a luaitear ainm Clerc, cuimhníonn muintir na hÉireann siar ar an 11 Feabhra 2007. Ba é seo an chéad uair a imríodh cluiche rugbaí i bPáirc an Chrócaigh. Gan ach dhá nóiméad fágtha sa chluiche, bhí Ronan O’Gara tar éis na hÉireannaigh a chur 17-13 chun cinn. Ón tús, rinne na Francaigh an-dul chun cinn agus le 78:13 nóiméad caite, thrasnaigh Clerc an líne úid chun Páirc an Chrócaigh a chiúnú agus croíthe na n-Éireannach a bhriseadh.

Ba é sin an t-aon chluiche a chaill na hÉireannaigh sa chomórtas an bhliain sin agus chun rudaí a dhéanamh níos measa, rinne Clerc scrios orainn arís an bhliain dár gcionn, é ag aimsiú trí úd sa chéad leath sa Stade de France.

Thierry Henry sa chluiche sin i 2009. Pictiúr: Sky Sports
Thierry Henry sa chluiche sin i 2009. Pictiúr: Sky Sports

Thierry Henry

Tá a fhios ag gach duine beo an scéal faoin am seo. Agus muid 1-0 chun cinn ar na Francaigh i bPáras, ag iarraidh áit a bhaint amach ag Corn an Domhain 2010, buaileadh liathróid fhada isteach i mbosca na hÉireann. Bhreathnaigh sé go raibh sí chun dul ar fóraoil go dtí gur úsáid an diabhal sin, Thierry Henry, a lámh faoi dhó chun an liathróid a smachtú. Threoraigh sé í i dtreo William Gallas agus d’aimsigh an cosantóir an cúl cinniúnach.

Bhí uafás ar an bpobal anseo agus chuaigh an FAI chomh fada le hiarratas oifigiúil a dhéanamh go dtabharfaí áit thabhairt dúinn i gCorn an Domhain, mar gheall ar an gcaoi ar chaill muid an cluiche. Dar ndóigh, dhiúltaigh FIFA don iarratas seo agus rinneadh ceap magaidh dúinn nuair a d’fhógair Sepp Blatter an scéala os comhair mheáin an domhain.

Cinneadh eile de chuid Romain Poite ag dul in aghaidh Phaul O’Connell agus Chúige Mumhan. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Cinneadh eile de chuid Romain Poite ag dul in aghaidh Phaul O’Connell agus Chúige Mumhan. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Romain Poite

Le teacht mhicreafóin an réiteora sa rugbaí tá i bhfad níos mó cáile ar leithéid Nigel Owens, Wayne Barnes agus Steve Walsh ná mar atá ar réiteoirí sa sacar. Ach tá droch-chlú bainte amach ag réiteoir amháin sa tír seo, sinRomain Poite.

Cuirtear lucht tacaíochta na hÉireann le cuthach aon uair a bhíonn Poite i bhfeighil ar chluiche a bhfuil an fhoireann idirnáisiúnta nó ceann de na cúigí páirteach ann. Cuid mhaith dá n-údar frustrachais is ea an chaoi a ndéanann Poite réiteoireacht ar an gclibirt, rud nach raibh taithí ag imreoirí na hÉireann air roimhe seo. I gcluiche amháin i gcoinne na hIodáile i 2011, gearradh pionós ar na hÉireannaigh 14 uair. Mar chompráid, thug siad leath an méid sin uathu an deireadh seachtaine seo caite.

Cé go bhfuil an ghráin atá ar Poite ag maolú beagáinín – is é a bhí i gceannas ar bhua na hÉireannach in aghaidh na hAfraice Theas anuraidh – tá a dhroch-chlú cinnte toisc go raibh sé de mhuineál aige cárta buí a thaispeáint do laoch na Mumhan agus na hÉireann, Paul O’Connell, i gcluiche cúpla bliain.

 

Fág freagra ar 'Na Francaigh nach mbeidh aon chárta Vailintín ó Éirinn acu'