Stiúrthóir: Tim Mielants
Cliar: Cillian Murphy, Eileen Walsh, Emily Watson, Michelle Fairley, Clare Dunne, Zarah Devlin
I radharc ciúin, cumhachtach amháin sa saothar seo tá an lánúin Bill (Murphy) agus Eileen (Walsh) ag comhrá le chéile sa seomra leapan. An fear trína chéile ag eachtra a thug sé faoi dara sa Tigh Maigdiléana áitiúil agus é ag seachadadh guail. Táimid i Ros Mhic Thriúin in Éirinn na bliana 1985 agus cumhacht thar na bearta ag an Eaglais i gcónaí. Ní a dhath dár ngnó-sa é, dar le hEileen. Ní theastaíonn uaithi go dtarraingeodh sé aird orthu: “Má tá fút dul chun cinn a dhéanamh sa saol seo caithfidh tú a bheith toilteanach neamhaird a thabhairt ar rudaí áirithe,” a deir sí go léargasach. Dar léi go gcaithfear fanacht ar an taobh ceart de dhaoine. Ní dhéanann Bill faic, go fóill ar aon nós.
Ar shlí sin an radharc is cumhachtaí, is léargasaí agus is éifeachtaí in Small Things Like These; scannán atá bunaithe ar leabhar le Claire Keegan, an t-údar a scrígh an leabhar Béarla ar a bunaíodh an scannán An Cailín Ciúin. Is saothar é seo faoi na Tithe Maigdiléana ach tá an scéal á insint ón taobh amuigh; conas mar a ghéill an pobal don drochíde seo a bhí ag tarlú ina measc. Faoi mar a deir an seanrá “Ná feic a bhfeicir, is ná clois a gcloisir, is má fiafraítear díot, abair ná feadraís”. Sí Eileen pearsanú an phobail ag an am; bean mheasúil, chráifeach a bhfuil dea-rúin aici. Ag am céanna tá sí faoi bhois cait ag an tsochaí choimeádach atá cruthaithe is faoi smacht ag an Eaglais Chaitliceach.
Ag pointe eile sa scannán meabhraítear do Bill go bhfuil a ladar ag na mná i ngach cúram agus cumhacht faoi leith acu dá réir. “Coimeád an drochghadhar i d’fhochair agus ní bhainfidh an gadhar maith greim asat,” an chomhairle a fhaigheann Bill ó dhuine de mhuintir na háite; focail a bhaineann macalla as comhairle a mhná céile.
Tá seo le feiscint go rábach sna radharcanna leis an Mháthair-Uachtaráin (Watson). Í ag bagairt agus ag breabaireacht ag an am céanna. An Tigh ar an dtaobh eile den bhalla ó scoil na gcailíní mar a bhfuil, agus a bheidh, cúigear iníonacha le Bill ag freastal. Cé go bhfuiltear ar imeall an characatúir is cumhachtach an radharc é agus tugann Watson faoi le flosc.
Tugtar spléachadh ar thragóidí óige Bill in iardhearcthaí difriúla. Ní dhéantar na toisí seo don scéal a chíoradh chun mo shástachta cé gur fhág siad lorg ollmhór ar an bhfear dúthrachtach seo. Rian den imní nó galar dubhach á chiapadh. Níl sárú Murphy ann le tabhairt faoina leithéid de ról, na súile úd ag dul tríot agus sinn i dtaobh le seatanna teanna dá chuntanós ar feadh tréimhsí fada. Sé an brón sin a fhágann faoi bhois an chait é agus a spreagann chun gnímh é ag an am céanna.
Fág freagra ar 'Ná feic a bhfeicir, is ná clois a gcloisir, is má fiafraítear díot, abair ná feadraís…'