Na fadhbanna a bhaineann le fiosrúcháin phoiblí

An gcuirfear duine ar bith i bpríosún mar gheall an bhfiosrúchán seo

Na fadhbanna a bhaineann le fiosrúcháin phoiblí

Ceist agam ort, a léitheoir dhil. Cén t-achar a thóg sé ar an mbinse fiosrúcháin sin, a bunaíodh chun ‘cúrsaí pleanála áirithe’ a fhiosrú, a chuid oibre a dhéanamh?

(a) cúig bliana?

(b) deich mbliana?

(c) cúig bliana déag? (Freagra thíos*).

Bhíomar go léir, beagnach, ar aon tuairim in 2013 nuair a foilsíodh an tuairisc dheireanach ó bhinse fiosrúcháin a d’éist le fianaise go poiblí.

Shíl ár bhformhór an uair sin go raibh an chontúirt a ghabh le binsí fiosrúcháin léirithe arís eile. I mbeagán focal: bhí an chuid is mó acu róchostasach, róleadránach, agus rómhall.

Bhí súil ag an rialtas seachtain ó shin gur faoi reachtaíocht nua, a chuir córas nua fiosrúcháin ar bun, a d’fhiosrófaí gach a bhain le cás an tSáirsint Maurice McCabe agus na líomhaintí eile a bhaineann le mí-iompar sna Gardaí. Ach ar chúiseanna intuigthe, ghéill an Rialtas d’éileamh an tSáirsint gur os comhair a tsaoil a dhéanfaí an obair an babhta seo.

Ainneoin gach a tharla ag binsí fiosrúcháin eile roimhe seo, agus ainneoin an chostais, ní cóir beag is fiú a dhéanamh roimhré den saothar fiúntach a bheidh ar chumas an fhiosrúcháin nua a dhéanamh.

Thar aon rud eile, tabharfar deis lena linn don tSáirsint McCabe, don Cheannfort David Taylor (agus do sceithirí eile amach anseo) fianaise a aimsiú agus ceisteanna a chur ar na Gardaí a raibh baint acu, dar leo, le feachtas clúmhillte eagraithe. Beidh deis ag an bpobal an fhianaise a thabharfar a mheá gan mhoill, cé gur faoin mbreitheamh Charleton a bheidh sé tuairisc chothrom ar an bhfianaise sin a sholáthar.

Faraor, ní foláir aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste is mó a bhaineann le gach fiosrúchán poiblí sa tí seo. B’fhéidir go gcloisfear fianaise náireach ag an mbinse fiosrúcháin seo, ach ní bheidh tionchar ná téagar ag baint leis an bhfianaise sin ó thaobh an dlí de. Ní bheidh stádas dlíthiúil ach oiread ag tuairim an té a bheas i gceannas ar an mbinse fiosrúcháin. Ní cheadaíonn an dlí úsáid fianaise ar bith ó bhinse fiosrúcháin i gcúirt choiriúil.

Gearradh tréimhsí príosúin (dátaí i bpríosún idir lúibíní) ar thriúr finnéithe a bhí os comhair binsí fiosrúcháin éagsúla. Ní raibh baint dhíreach ach ag cás amháin, cás Frank Dunlop, le fianaise a d’aimsigh binse fiosrúcháin.

Liam Lawlor: iarTheachta Dála nach maireann, a dhiúltaigh ceisteanna a fhreagairt ag an mbinse fiosrúcháin faoi chúrsaí pleanála (2001-02).

Ray Burke: iar-aire, a thug fianaise ag an mbinse fiosrúcháin pleanála. Fuarthas ciontach é i gcuntas easnamhach cánach a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim (2005)

Frank Dunlop: iar-stocaire, a d’admhaigh ag an mbinse pleanála gur thug sé airgead do chomhairleoirí contae sular vótáil siad ar chúrsaí pleanála (2009-10).

Má táthar le duine ar bith a chúiseamh amach anseo mar gheall ar na hábhair a bheas faoi chaibidil ag an mBreitheamh Charleton, beidh fiosrú nua iomlán riachtanach. Ní féidir fiosrú dá leithéid a thosú de réir dlí go mbeidh saothar iomlán an bhreithimh críochnaithe.

Ní cóir cúiseamh agus ciontú finnéithe a chur as an áireamh, ach féach na deacrachtaí:

1. Moill, go h-áirithe má iarann duine atá á cheistiú ag binse fiosrúcháin Charleton ar chúirt stop a chur le fiosrú nithe áirithe, nó srian a chur leis an bhfiosrú.

2. An tionchar a bhíonn ag Airteagal 40.3.2 den Bhunreacht (a dheimhníonn cosaint ar dhea-clú gach saoránach) ar gach fiosrúchán poiblí, nó ar chás cúirte a leanann é.

3. An deacracht fhollasach a chuirfeadh isteach ar fhiosrú coiriúil a bhainfeadh le Garda sinsearach (níltear ag glacadh leis anseo go bhfeicfear nó gur dóigh go bhfeicfear a leithéid amach anseo).

Spreagann gach fiosrú poiblí ceisteanna mar seo, go h-áirithe nuair a chloistear fianaise a chuireann alltacht ar dhaoine macánta.

‘Tá go maith, drochscéala gan dabht, ach abair liom: an bhfuil seans ar bith ann go gcuirfear duine ar bith i bpríosún mar gheall an bhfiosrúchán seo?’

Má chuimhnítear ar gach binse fiosrúcháin roimhe seo, agus ar na cúinsí neamhghnácha a bhaineann leis an gceann seo, níl ach freagra amháin oiriúnach.

Caol seans.

* FREAGRA: (c) 15 bliain.

Cuireann Cathal Mac Coille Morning Ireland i láthair ar RTÉ Raidió a hAon.