Na dúshláin a bhaineann le cur síos a dhéanamh ar dhath craicinn i nGaeilge

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Fuair ár gcolúnaí cuireadh léacht a thabhairt ag Comhdháil Bhliantúil Léann na hÉireann sa Bhrasaíl. Na dúshláin a bhaineann le cur síos a dhéanamh ar dhath craicinn i nGaeilge a bhí faoi chaibidil

Na dúshláin a bhaineann le cur síos a dhéanamh ar dhath craicinn i nGaeilge

Is fánach an áit a bhfaighfeá … Léann na hÉireann. Creid é nó ná creid ach tá cúrsaí sa Léann sin ar fáil ag ollscoileanna éagsúla sa Bhrasaíl agus, arís, creid é nó ná creid, an tseachtain seo bhí a gcomhdháil bhliantúil ar siúl i gcathair Salvador, mar a bhfuil cónaí orm féin.

Fuair mé cuireadh léacht a thabhairt.

Níl campas Ollscoil Fheidearálach Bahia (UFBA) éagsúil le campas Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath: tá sé mór millteach agus an rud is moltaí a d’fhéadfá a rá faoi ailtireacht na bhfoirgneamh ann ná go mbaineann siad le stíl na brúidiúlachta. Tá crainn phailme ar fud champas na UFBA, sin é an difear is mó. Ó is ea, agus an teas ar ndóigh.

Ar ámharaí an tsaoil bhí an córas aer-oiriúnaithe ar siúl sa bhuncar coincréite ina raibh an 12ú Comhdháil Bhliantúil i Léann na hÉireann sa Bhrasaíl ar siúl. Bhí bratacha na hÉireann agus seamróga gearrtha amach as páipéar greamaithe de na ballaí.

Chaill mé an chéad lá, nuair a d’oscail ambasadóir na hÉireann, Seán Hoy, na himeachtaí agus nuair a bhí James Joyce ar an gclár den chuid is mó.

Eicléictiúil go maith a bhí sceideal an dara lá: idir léacht faoi scannáin uafáis Éireannacha agus léacht faoin tionchar Ceilteach ar theanga agus ar chultúr na Gailísise a bhí mo chaintín féin ar siúl, léacht ar ar bhaist mé ‘Traduzindo a realidade Soteropolitana para o gaélico’ – ‘Iarrachtaí saol Salvador a léiriú do léitheoirí na Gaeilge’ a thabharfainn air i nGaeilge.

Iontas ort gur iarradh orm an léacht sin a thabhairt i bPortaingéilis? Bhí ormsa, leis – ach thuig mé cén fáth nuair a d’fhiafraigh mé ag tús mo chainte, le teann fiosrachta, cá mhéad duine sa lucht éisteachta a thug cuairt ar Éirinn riamh. (Tá caighdeán an oideachais Bhéarla chomh dona sin sa Bhrasaíl nach n-éiríonn le muintir na tíre ach go hannamh a gcuid féin a dhéanamh den Bhéarla gan tréimhse a chaitheamh thar lear.)

Beirt a chuir suas a lámh, bean mheánaosta agus fear óg a bhí, de sheans, ina suí in aice le chéile. Bhí thart ar leathchéad duine sa lucht éisteachta. Ní raibh oiread agus Éireannach amháin sa halla léachta.

Ar aghaidh liom mar sin agus fuadar fúm, óir ní raibh agam ach tríocha nóiméid chun mé féin a chur i láthair, rud nó dhó a mhíniú faoi staid na Gaeilge, agus díriú ansin ar na dúshláin agus na deacrachtaí a bhaineann le saol na cathrach is Afracaí ar an Oileán Úr a léiriú trí Ghaeilge.

Daoine de dhath formhór mór na ndaoine a bhí os mo chomhair agus gan mhoill bhí an tseancheist úd maidir le ‘gorm’ agus ‘dubh’ faoi chaibidil agam.

Is ea, iontas na n-iontas, céard é an dúshlán is mó a bheadh roimh an té a bheadh ag iarraidh saol ildaite (ó thaobh dath cnis de) a léiriú trí Ghaeilge?

Easpa téarmaíochta. Tar éis breis is 15 bliain ar an ealaín seo bím fós i dtuilleamaí téarmaí nach bhfuilim go hiomlán ar mo chompord leo, leithéidí ‘craiceann ar dhath seacláide/cainéil/uachtair’; leaganacha ciotacha ar nós ‘craiceann nach bhfuil ach oiread na fríde níos dorcha ná mo chraiceann féin’; nó sin, leaganacha ar nós ‘tláithbhuí’, ‘crónbhuí’ agus ‘ciarbhuí’ a bhfuil cuma bhreá dhúchasach orthu ach nach bhfuilim cinnte ar chor ar bith an dtuigfeadh mórán léitheoirí iad inniu gan dul á gcuardach san fhoclóir.

Ach theastódh comhdháil de chineál eile chun an cheist sin a réiteach.

Fág freagra ar 'Na dúshláin a bhaineann le cur síos a dhéanamh ar dhath craicinn i nGaeilge'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Tá an fhadhb chéanna sa Bhéarla agus seans maith gurb amhlaidh le teangacha eile. Luaitear “daoine le dath” agus “people of colour” nuair is daoine le dath bán atá ag caint. Ach is dath é bán chomh maith. Is léir nach bhfuil éinne ar a chompord leis na téarmaí seo agus an prótacal ag athrú go laethúil.
    B’fhiú cuimhneamh ar an gcéad fhear gorm go bhfaca muintir Dhún Chaoin nuair do tháinig criú ó long cogaidh a chuaigh go tóin poill sa Chéad Chogadh Domhanda. Fear abea é “ná ghealann le breoiteacht is ná deargaíonn le náire” de réir dhuine cáiliúil ón bparóiste!

  • alan titley

    Tuigim duit. Ach cheapfainn go bhfuil fadhbanna mar sin ag mórán teangacha nach mbíodh taithí acu ar chraicinn éagsúla nár chraicinn gheala iad. Bheadh sé suimiúil féachaint conas a phléann teangacha Afracacha le cineálacha éagsúla ‘gileachta’ ina dteangacha dúchais,,,agus go deimhin, conas mar atá an réiteach sa Phoirtingéilis féin.
    Agus is sea, Joyce is mó a bhíonn idir chamáin phléite ag seisiúin litríochta de Léann na hÉireann ar fud an domhain.