Na Dúnaibh ag ceiliúradh i nDún na nGall ach díomá sa Daingean agus i gCarna-Caiseal

Bhí lá mór ag Na Dúnaibh agus Craobhacha Sóisir A agus B buaite acu i nDún na nGall ach tháinig deireadh le feachtas contae an Daingin i gCiarraí agus tá Carna-Caiseal i mbaol ísliú céime a fháil i nGaillimh

Na Dúnaibh ag ceiliúradh i nDún na nGall ach díomá sa Daingean agus i gCarna-Caiseal

Dhá chúis ag Na Dúnaibh a bheith ag ceiliúradh i nDún na nGall

Rinneadh ceiliúradh ar leith sna Dúnaibh inné tar éis dá bhfoirne Sóisir A agus Sóisir B Craobhacha an Chontae a bhuachan. Bua aon phointe amháin, 0-11 in aghaidh 0-7, a bhí ag an bhfoireann Sóisir A ar Naomh Pádraig Mhagh agus bhí cúig phointe le spáráil ag foireann na Sóisir B i gcoinne Ghaeil Leitir Ceanainn, 2-8 in aghaidh 0-9.

Ba é an t-ionadaí Garry Bán Mac Laifeartaigh laoch na nDúnaibh sa chluiche Sóisir A tar éis dó scór an bhua a aimsiú sa chéad nóiméad d’am gortuithe ag deireadh an dara leath.

Bhí rudaí ag dul in olcas do na Dúnaibh nuair a tugadh Mac Laifeartaigh isteach agus beagán le cois deich nóiméad fágtha sa chluiche. Bhí Oisín McColgan díreach tar éis cúl a scóráil chun Naomh Pádraig a chur trí phointe chun cinn ach tháinig Na Dúnaibh ar ais go láidir.

Níor aimsigh Naomh Pádraig scór ar bith san am a bhí fágtha, áfach. Thug cúilíní Colin Ó Gallchóir agus Lorcan Connor (2) Na Dúnaibh ar ais ar comhscór agus gan ach cúpla nóiméad fágtha, sula ndearna Mac Laifeartaigh an beart.

Ba é sin an dara cupán a bhuaigh na Dúnaibh inné mar níos túisce sa tráthnóna, bhí a bhfoireann Sóisir B ag ceiliúradh bua i gCraobh an Chontae chomh maith.

Ní hionann agus an cluiche eile, bhí smacht ag Na Dúnaibh ar an imirt don chuid is mó den choimhlint seo in aghaidh Gaeil Leitir Ceanainn. Bhí siad trí phointe chun cinn, 0-5 in aghaidh 0-2, ag druidim ar leath ama nuair a scóráil captaen na foirne, Séamus Mac Giolla Bhríde, an chéad chúl sa chluiche.

Tháinig na Gaeil ar ais sa chluiche beagáinín sa dara leath agus d’éirigh leo an farasbarr a laghdú go dtí trí phointe arís ag staid amháin, ach nuair a scóráil Máirtín Mac Giolla Bhríde cúl eile do Na Dúnaibh agus gan ach 12 nóiméad fágtha, chinntigh sé go mbeadh an lá leis an bhfoireann a chaill i gcluiche ceannais 2015.

Is bliain den scoth a bhí in 2016 do Na Dúnaibh tríd agus tríd bua sna sóisir acu freisin i gComórtas Peile na Gaeltachta i mBaile Bhuirne ag tús an tsamhraidh.

An rás rite ag an Daingean i gCraobh an Chontae

GAA Football All Ireland Senior Championship Final, Croke Park, Dublin 21/9/2014 Donegal vs Kerry Kerry's Paul Geaney reacts to a missed chance Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Imreoir Dhaingean Uí Chúis, Paul Geaney. INPHO/James Crombie

Tá deireadh tagtha le feachtas Dhaingean Uí Chúis i gCraobh an Chontae i gCiarraí agus an ceann is fearr faighte ag Crócaigh Chill Airne orthu sa bhabhta leathcheannais inné. I gcluiche ina raibh na foirne ar comhscór ocht n-uaire, is beag a bhí eatarthu, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, bhí beagáinín níos mó ag fir Chill Airne. Beidh siad buíoch dá gcúl báire, Shane Murphy, chomh maith, mar rinne an báideoir cúpla sábháil thábhachtach i rith an 60 nóiméad.

Is iad an Daingean is fearr a thosaigh an cluiche agus iad dhá phointe chun tosaigh taobh istigh de chúpla nóiméad ach ní fada go raibh na Crócaigh féin faoi lán tseoil. Bhí na foirne cothrom, sé phointe an taobh, ag teacht i dtreo leath ama ach, mar a dhéanfaidís sa dara leath freisin, chuir na Crócaigh críoch láidir leis an gcéad leath le trí phointe as a chéile.

Bhí an Daingean ar comhscór taobh istigh de sheacht nóiméad den dara leath ach tugadh spreagadh ollmhór do na Crócaigh díreach ina dhiaidh sin nuair a d’aimsigh Eoin Brosnan cúl dóibh. Arís, throid an Daingean ar ais agus ar comhscór a bhí na foirne fós agus 53 nóiméad imeartha. Ba ansin a rinne na Crócaigh biaiste sócrála, ceann nach raibh aon fhreagra ag an Daingean air.

Scóráil fir Chill Airne ceithre phointe as a chéile as sin go deireadh an chluiche. Cé gur chríochnaigh siad le 13 imreoir, agus imreoirí an chontae, Colm Cooper agus Fionn Fitzgerald, curtha den pháirc, bhí a ndóthain déanta ag na Crócaigh chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais, cluiche ina dtabharfaidh siad aghaidh ar Dhúiche Neidín, a bhuaigh ar An Ráth Mhór sa chluiche leathcheannais eile.

Deis amháin eile ag Carna-Caiseal a stádas sinsir a shábháil

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Tá cluiche amháin fágtha ag Carna-Caiseal chun a stádas i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe a choinneáil tar éis dóibh cluiche leathcheannais dícháilithe a chailleadh ar an Satharn. Is i gcoinne bhoic mhóra an chontae, Cill Fhir Iarainn, a bhí Carna-Caiseal agus cé gurbh ag fir Chonamara a bhí an bua nuair a chas na foirne ar a chéile níos túisce sa chraobh, is iad foireann thuaisceart na Gaillimhe a thug an lá leo arú inné i ndiaidh am breise, 2-13 in aghaidh 1-14.

Agus ciceanna éirice slánaithe ag an dá thaobh sa chéad leath (Jonathan Keane do Chill Fhir Iarainn agus Seosamh Ó Cathasaigh do Charna-Caiseal), bhí Cill Fhir Iarainn péire de phointí chun cinn ag an mbriseadh. Bhreathnaigh sé go raibh Carna-Caiseal i dtrioblóid mhór go luath sa dara leath nuair a bhí siad cúig phointe chun deiridh ach tháinig siad ar ais go láidir agus bhí na foirne ar comhscór agus gan ach 20 nóiméad fágtha. Níor scóráil Cill Fhir Iarainn sa tréimhse sin agus cé go raibh deiseanna ag an dá thaobh an bua a fháil roimh an gcríoch, níor thapaigh siad iad, rud a d’fhág go mbeadh 20 nóiméad eile ag teastáil.

Chuir Cill Fhir Iarainn tús iontach leis an dtréimhse am breise sin agus d’aimsigh Gearóid Smith cúl aimsithe taobh istigh de 30 soicind. Ach tháinig Carna-Caiseal ar ais go láidir arís agus ba iad a d’aimsigh an chéad cheithre chúilín eile, rud a d’fhág pointe chun cinn iad. Ní raibh a gcéilí comhraic buailte fós, áfach, agus bhí Cill Fhir Iarainn féin imithe chun cinn faoin am go raibh leath ama in am breise sroichte. Cé gur chothromaigh Carna-Caiseal an scór arís sa dara leath, ba iad na pointí a d’aimsigh Tomás Fahy agus Jonathan Keane a chinntigh an bua do Chill Fhir Iarainn.

Tabharfaidh Carna-Caiseal aghaidh anois ar Naomh Anna, Leitir Móir nó Eanach Dhúin faoi cheann cúpla seachtain féachaint lena n-áit a choinneáil sa Chraobh Shinsir.

Fág freagra ar 'Na Dúnaibh ag ceiliúradh i nDún na nGall ach díomá sa Daingean agus i gCarna-Caiseal'