Na dualgais nua teanga a bheidh ar chomhlachtaí poiblí le míniú dóibh ag sraith cruinnithe

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, beidh ar sheirbhísigh phoiblí taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil amach anseo

Na dualgais nua teanga a bheidh ar chomhlachtaí poiblí le míniú dóibh ag sraith cruinnithe

Tá an Rialtas le sraith seimineár faisnéise a reáchtáil do chomhlachtaí poiblí chun na dualgais nua a bheidh orthu i leith na Gaeilge a mhíniú dóibh.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le fios go bhfuil na seimineáir le cur ar bun sna míonna amach romhainn agus tús le cur le feidhmiú na reachtaíochta teanga nua a achtaíodh mí na Nollag.

Is í príomhsprioc Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ná gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030 ach, chomh maith leis sin, beidh ar chomhlachtaí poiblí seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil as Ghaeltacht amach anseo, bíodh siad lonnaithe sa Ghaeltacht nó ná bíodh.

I measc na ndualgas nua a bheidh ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht Teanga leasaithe, beidh orthu a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada in ainmneacha daoine, ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge agus, freagra i nGaeilge a thabhairt chomh maith ar aon chumarsáid a dhéanfar leo i nGaeilge ar na meáin shóisialta. Beidh orthu 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain.

Cuirfidh an reachtaíocht nua deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta. In áit chóras na scéimeanna teanga tabharfar isteach scéim na gcaighdeán faoina leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers sa Dáil go mbeadh sé ag obair i gcomhar le hoifigigh a Roinne chun feidhm a thabhairt d’fhorálacha an Achta “sa tréimhse amach romhainn” agus go raibh plean oibre forbartha ina leagtar amach na céimeanna éagsúla atá le glacadh.

Dúirt sé go raibh seisiúin eolais le cur ar bun chun a mhíniú do chomhlachtaí poiblí na hoibleagáidí a bheadh orthu maidir leis an nGaeilge faoin reachtaíocht nua.

“Tá beartaithe agam, thar na míonna amach romhainn, sraith seimineár faisnéise a eagrú do chomhlachtaí poiblí maidir le forálacha an Achta nua, agus tús a chur le hailt ábhartha den Acht ar bhonn céimiúil.”

Dúirt an tAire Stáit gurb í an “phríomhthosaíocht” a bhí aige ná beirt chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht ar lucht na Gaeilge a earcú ar an gCoiste Comhairleach nua atá le bunú faoin acht, próiseas earcaíochta a bhfuil tús curtha leis cheana féin.

Réiteoidh an coiste an Plean Náisiúnta Earcaíochta chun príomhsprioc earcaíochta an bhille a bhaint amach. Ceapfar an bheirt, duine a dhéanfaidh ionadaíocht ar an nGaeltacht agus duine eile a dhéanfaidh ionadaíocht ar phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, ar an gcoiste i dteannta státseirbhíseach sinsearacha.

Tá an Coiste Comhairleach le bunú taobh istigh de shé mhí ón lá ar ritheadh an tAcht, rud a fhágann go gcaithfear na ceapacháin a dhéanamh roimh dheireadh mhí an Mheithimh. Beidh dhá bhliain ansin ag an gcoiste chun an plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú.

Beidh sé i gceist faoin bplean níos mó Gaeilgeoirí a fhostú trí chomórtais ar leith a reáchtáil, trí mhodhanna nua earcaíochta agus trí dheiseanna cianoibre a thairiscint d’fhostaithe.

Fág freagra ar 'Na dualgais nua teanga a bheidh ar chomhlachtaí poiblí le míniú dóibh ag sraith cruinnithe'