Na Deich nAitheanta ó bhíobla nua le cuma ‘chok-chok’ a chur ar do chraiceann

Comhairle phraiticiúil faoi chúram cnis ó fhoilseachán nua

Na Deich nAitheanta ó bhíobla nua le cuma ‘chok-chok’ a chur ar do chraiceann

Tá mé tar éis an bíobla á léamh ó chlúdach go clúdach fad is atá mé ag obair ón mbaile agus ag cleachtadh scaradh sóisialta! Chuir sé ionadh orm nuair a chuala mé go raibh cóip á fáil agam mar bhronntanas agus ba mhó fós m’iontas nuair a chonaic mé gur i mála siopadóireachta de chuid Urban Outfitters a seoladh chugam é. Le hiopstairí is mó a shamhlófaí an branda sin de ghnáth. 

Ach ní hé an Bíobla beannaithe atá i gceist agam in aimsir seo an uafáis ach The Korean Skincare Bible*.

Le gairid a foilsíodh an saothar seo agus is í Lilian Yang ón Chóiré Theas ach atá ina cónaí anois sa Spáinn a scríobh an leabhar i dteannta le Leah Ganse agus Sara Jiménez.

Le roinnt blianta anuas tá ardmholadh faighte ar fud an domhain ag táirgí cúram cnis na Cóiré Theas agus níos tábhachtaí ná sin, tá dea-chleachtas mhuintir na Cóiré Theas maidir le haire a thabhairt den chraiceann á leanúint ag na milliúin in iarthair an domhain anois.

Tá go leor le foghlaim ón mbíobla seo ach roghnaigh mé féin deich gcinn de phrionsabail – na deich n-aitheanta más maith leat – mar chomhairle mhaith do léitheoirí Tuairisc.ie

  1. Tosaigh ag tabhairt aire do do chraiceann agus tú óg. Tosaíonn go leor de chailíní óga na Cóiré Theas ag úsáid táirgí cúram cnis agus iad 15 bliana d’aois agus tá brandaí ar leith de na táirgí sin á gcur ar fáil dóibh.
  2. Le huisce bogthe is ceart d’éadan a ní i gcónaí. Má bhíonn sé rófhuar ní ghlanfaidh sé na póireanna i gceart agus déanann uisce a bhíonn róthe dochar do chumas an chraicinn feidhmiú mar bhacainn in aghaidh an tsalachair.
  3. Úsáid dhá ghlantóir le smideadh a bhaint díot. Roghnaigh glantóir ola ar dtús agus glantóir glóthaí ina dhiaidh sin. Cinnteoidh an nós seo go mbeidh d’éadan glanta i gceart i gcónaí agat.
  4. Ná triomaigh d’éadan tar éis duit é a níochán. Cuir tonóir nó séiream ort agus d’éadan fós tais. Cuideoidh sé seo le haon uisce a bheidh ar an dromchla a shú isteach sa gcraiceann.
  5. Cuimil aon táirge cúram cnis isteach i do chraiceann go deas éadrom seachas a bheith ag úsáid fórsa nó brú. Is ionann sin agus a rá go gcaithfidh tú a bheith cinnte nach bhfuil tú rógharbh le do chraiceann le cuma na haoise a sheachaint.
  6. Bain úsáid as masc aghaidhe go rialta – cúpla uair sa tseachtain más féidir leat. Ní thógann sé seo mórán le deich nóiméad agus bíonn comhábhair thar cionn iontu, go háirithe na cinn de dhéantús na Cóiré Theas.
  7. Bain úsáid as an gcóras ar a dtugtar ‘Seven Skin Method’. Ciallaíonn seo gur cheart duit tonóir hiodráitithe a chur ar d’aghaidh seacht n-uaire sula gcuirfidh tú an séiream ort, sa gcaoi go mbeidh do chraiceann lán le hábhar a choinneoidh do chraiceann maoth.
  8. Má tá do chraiceann tirim, is ceart duit cúpla braon ola craicinn a mheascadh le do mhaothóir.
  9. Cuir ‘BB cream’ ort féin in áit bonnsmideadh trom chun cuma ‘chok-chok’ a chur ar do chraiceann. Ciallaíonn ‘chok-chok’ craiceann atá an-sláintiúil agus lonrach.
  10. Má fhágann tú an teach ar chor ar bith, cuir fachtóir cosanta gréine (SPF) ort féin, fiú i lár an gheimhridh.

*The Korean Skincare Bible le Lilian Yang, Leah Ganse agus Sara Jiménez, foilsithe ag Cassell, Londain, 2019. 

Fág freagra ar 'Na Deich nAitheanta ó bhíobla nua le cuma ‘chok-chok’ a chur ar do chraiceann'