Na deich gclár is mó lucht féachana riamh ar TG4…

Ba é beochraoladh Chluiche Ceannais Roinn 1 den tSraith Náisiúnta Peile Dé Domhnaigh an clár ba mhó lucht féachana riamh ar TG4, ach céard iad na cláracha eile is mó a mheall lucht féachana don stáisiún Gaeilge le 20 bliain anuas?

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Beochraoltaí spóirt iad naoi gcinn de na deich gclár is mó a mheall lucht féachana ar TG4 de réir figiúirí a chuir an stáisiún ar fáil do Tuairisc.ie.

Fógraíodh ar an Luan gurb é beochraoladh Chluiche Ceannais Roinn 1 den tSraith Náisiúnta Peile Dé Domhnaigh an clár a mheall an lucht féachana is mó riamh don stáisiún Gaeilge.

621,000 duine a chaith súil ar an gcraoladh ar an gcluiche idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh. 334,000 ar an meán a d’fhéach ar chluiche an Domhnaigh ar TG4.

Seacht gcinn de chluichí ceannais sraithe CLG atá sa chéad deich n-áit ar an liosta de na cláracha is mó lucht féachana le fiche bliain anuas. San áireamh ar an liosta sin chomh maith, tá cluiche rugbaí PRO12 idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan in 2014, agus cluiche sacair Chorn UEFA 2004 idir Barcelona agus Celtic.

Is é Laochra, an seó a chuir CLG ar bun mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca i ndiaidh chluichí ceannais na Sraithe ar an Domhnach, an t-aon chlár ar an liosta nach beochraoladh spóirt é.

Bhí meán lucht féachana 288,000 duine ag Laochra, rud a fhágann sa seachtú háit ar an liosta é. Cluichí ina raibh Baile Átha Cliath páirteach iontu ba ea trí cinn den chúig chlár is mó a mheall lucht féachana chuig TG4 ó tháinig sé ar an saol Oíche Shamhna 1996.

Idir an dá linn, bhí dea-scéal eile an tseachtain seo caite ag TG4 ag Féile na Meán Ceilteach i nDún Garbhán. Ba é an clár Cuimhní ón mBlascaod a thug leis gradam ‘Spiorad na Féile’ i bPort Láirge. Clár eile de chuid TG4 Pioc do Ride a thug leis gradam na féile i rannóg na siamsaíochta. Ba é Dónall Mac Ruairí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhuaigh ‘Pearsa Raidió’ na bliana.


Screen Shot 2016-04-26 at 15.30.26

Meán – an meán lucht féachana a bhí ag clár, gach nóiméad áirithe ó thús go deireadh
Ard – an lucht féachana ab airde a bhí ag clár le linn a chraolta
Aimsiú – an líon a d’fhéach ar aon nóiméad amháin, ar a laghad, de chlár.
Sciar  – % lucht féachana a bhain clár áirithe amach le linn an tseala ama ar craoladh é. Mar shampla, dá mbeadh 100k duine ag féachaint ar chlár, agus go mbeadh 1m ag féachaint ar an teilifís ag an am sin, bheadh sciar féachana 10% ag an gclár.

 

Fág freagra ar 'Na deich gclár is mó lucht féachana riamh ar TG4…'

  • Seán Ó Drisceoil

    Cén céadatán de na cláracha a chraoltar ar TG4 a bhíonn i ngaeilge? An ceart stáisiún “gaeilge” a thabhairt ar stáisiún muna bhfuil furmhór na gcláracha i ngaeilge?

  • Seán Mag Leannáin

    Is díol spéise é gur cláracha spóirt iad na deich gcinn seo is mó lucht féachána riamh ar TG4. Cruthaíonn sé arís go ndéanann an Cumann Lúthchleas Gael níos mó ar son chur chun cinn na Gaeilge ná aon eagras eile sa tír, agus i bhfad níos mó ná ceann ar bith de na hinstitúidí Stáit i mbliain seo cheiliúradh céad bliain an Stáit chéanna.