Ná dearmad féachaint suas ar na réalta seachas síos ar do chosa – cúig ráiteas de chuid Stephen Hawking

Tá Stephen Hawking, réalta mór na heolaíochta agus údar ‘A Brief History of Time’, tar éis bháis in aois a 76. Seo cúig cinn dá sheodráitis agus Gaeilge curtha orthu…

Ná dearmad féachaint suas ar na réalta seachas síos ar do chosa – cúig ráiteas de chuid Stephen Hawking

1. Ná dearmad féachaint suas ar na réalta seachas síos ar do chosa. Déan iarracht meabhair a bhaint as a bhfeiceann tú agus déan iontas dá gcoinníonn an chruinne ag imeacht. Bí fiosrach. Agus dá anróití a fhaigheann tú an saol, beidh rud éigin i gcónaí ann gur féidir leat tabhairt faoi agus é a bhaint amach. Tá sé tábhachtach nach gcaillfeá do mhisneach.

 

2. Tá sé tugtha faoi deara agam, fiú na daoine sin a áitíonn gurb í an chinniúint a shocraíonn gach a bhfuil i ndán dúinn, agus nach féidir linn faic a dhéanamh chun sin a athrú, go bhféachann siad rompu sula dtéann siad trasna an bhóthair.

 

3. Níl ionainn dáiríre ach cleas sofaisticiúil de mhoncaí ar mhionphláinéad réalta nach bhfuil dada suaithinseach fúithi. Ach is féidir linn an chruinne a thuiscint. Agus fágann sin gur dream speisialta muid.

 

4. Ar feadh na milliún bliain, ar nós an ainmhí a mhair an duine. Ansin tharla rud éigin a bhain an gad de chumhacht na samhlaíochta againn. D’fhoghlaimíomar caint agus éisteacht.

 

5. Tá saol amháin againn chun iontas mór na cruinne a thuiscint, agus tá mise fíorbhuíoch as sin.

Fág freagra ar 'Ná dearmad féachaint suas ar na réalta seachas síos ar do chosa – cúig ráiteas de chuid Stephen Hawking'

  • MacAnRí

    B’iontach neach daonna é.. tá ár saol níos saibhre de thoradh é….suaimhneas síoraí dá anam

  • léitheoir

    Eiseamláir suaithní de spiorad agus de mheabhair an duine. Glóir na síoraíochta dá anam uasal.

  • Sam

    ‘nach bhfuil dada suaithinseach fúithi’? ‘agus déan iontas’….? Mearbhall orm.

  • learraī

    Scrígh sé ‘A Brief History of Time’ ach rinne sé spior spear dá ndúirt sé sa leabhar sin blianta ina dhiaidh sin. ‘Bhíos mícheart’ ar sé. Saothar iomlán a bheatha á dhíspeagadh aige! Léiriú é sin ar a umhlaíocht agus ar a éiginnteacht faoi oibriú na cruinne, faoina thuiscintí féin. Bíonn eolaithe ag foghlaim ó lá go lá dála sinn go léir ach ní hiad a chruthaigh an chruinne. Neach éigin eile a chruthaigh í .i. ‘Dia’. ‘Míorúilt’ ab ea oibriú na cruinne dar le Einstein agus ghéill sé i nDia. Bíonn a cheart féin ag gach duine.