Ná dearmad an dream gan dídean an Nollaig seo…

Tá fadhb ollmhór na heaspa dídine ag dul in olcas i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre bliain i ndiaidh bliana

Ná dearmad an dream gan dídean an Nollaig seo…

Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Den dara bliain as a chéile tá sé i gceist ag pobal na Gaeltachta i gConamara codladh amuigh faoin spéir le haird a tharraingt ar fhadhb na tithíochta agus na ndaoine gan dídean i gcathair na Gaillimhe.

“Tá sé soiléir nach bhfuil aon fheabhas tagtha ar an scéal ó anuraidh agus go mbeidh brú mór ar ghrúpaí ar nós pobal Shíomóin arís i mbliana,” a deir Micheál Ó Cadhain as Cill Chiaráin.

An t-am seo bliana is é Daidí na Nollag a bhíonn ag cur imní ar go leor teaghlach ar fud na tíre, daoine eile ag súil go mbeidh ‘Nollaig bhán’ againn agus cuid eile ag súil le cairde agus gaolta ag teacht abhaile le haghaidh na féile. Ach tá a gcros féin le n-iompar ag an 6,525 duine, de réir figiúirí Focus Ireland, atá gan dídean.

Tá méadú 40% ar líon na dteaghlach atá gan dídean ón am seo anuraidh, figiúr suntasach nach gcuireann san áireamh na daoine a mbíonn orthu codladh amuigh.

Tá fadhb ollmhór na heaspa dídine ag dul in olcas i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre bliain i ndiaidh bliana agus ní haon eisceacht cathair na Gaillimhe.

Dar leis an gcarthanacht ‘Cope’, tá ar a laghad 20 duine ag codladh amuigh ar shráideanna na Gaillimhe i láthair na huaire. In 2015 chaith Comhairle Cathrach na Gaillimhe €16,857 ar chóiríocht éigeandála phríobháideach i gcomparáid le €25,273 i mbliana. Sin méadú 50% ar an gcaiteachas i mbliain amháin.

Ceann de na rudaí is suntasaí faoin bhfadhb i nGaillimh ná nár tógadh aon tithíocht shóisialta ó 2009, ach deir Helena Martyn, ó rannóg tithíochta na Comhairle Cathrach, go bhfuil sé i gceist 14 aonad a thógáil mar thithíocht shóisialta. Cuirfear tús leis an obair thógála i lár na míosa seo ar bhóthar Bhaile an Mhóinín agus tá súil acu an obair ar fad, a chosnóidh €3.1 milliún, a bheith curtha i gcrích roimh 2018.  Tá sé beartaithe go dtosófaí ar 55 aonad eile a thógáil go gairid ina dhiaidh sin.

In Aibreán na bliana seo, baineadh geit asam féin nuair a bhí píosa físe faoi dhaoine gan dídean i gcathair na Gaillimhe á thaifeadadh agam, mar níor thuig mé go dtí sin chomh dona is a bhí an fhadhb seo i lár na cathrach.

Bhíomar i mbun taifeadta le haisteoir ar feadh uair go leith le titim na hoíche, trí lá as a chéile agus níor chreid mé an oiread daoine a bhí le feiceáil ar na sráideanna ina gcuid málaí codlata agus iad ag fáil réidh le codladh amuigh an oíche ar fad. Chonaic mé freisin, áfach, chomh flaithiúil a bhí daoine leo agus tá súil ag grúpa deonach as Conamara go mbeidh daoine chomh flaithiúil céanna an Nollaig seo nuair a thabharfaidh siad faoi chodladh amuigh oíche Shathairn, an 17 Nollaig, ar mhaithe le Pobal Shíomóin na Gaillimhe.

“Gnáthdhaoine ón gceantar a bheidh ann, daoine atá ag iarraidh tacú leosan atá gan dídean, poiblíocht a fháil don fhadhb seo agus airgead a bhailiú do Phobal Shíomóin a dhéanann fíorobair chuile Nollaig agus i rith na bliana ar fad,” arsa Micheál Ó Cadhain.

Ó mhí Eanáir 2016 go dtí Meán Fómhair 2016 d’oibrigh carthanacht Phobal Shíomóin na Gaillimhe le 529 teaghlach i gcomparáid le 366 sa mbliain 2015 ar fad. Fuair siad tithíocht do 101 duine agus d’oibrigh siad le 112 teaghlach, i gcomparáid le 32 duine aonair in 2015 agus cúig theaghlach in 2014.

Is é seo an dara bliain a bhfuil ócáid ar son na ndaoine gan dídean á reáchtáil ag teach ósta Thigh Chadhain i gCill Chiaráin agus tá súil acu cur leis an €5,000 a bhailigh siad anuraidh. Ba mhaith leo go gcuimhneodh muid ar na daoine gan dídean seachtain na Nollag, agus muid deas teolaí cois tine agus daoine a bhfuil cúnamh uathu amuigh faoi shioc agus faoi bháisteach.

“Tá muid ag reáchtáil an ‘Codladh Taobh Amuigh’ arís i mbliana chun tacú le daoine gan dídean agus le daoine a mbeidh brú airgid orthu ag teacht suas go dtí an Nollaig agus sa mbliain nua,” arsa Micheál Ó Cadhain.

Más mian le haon duine páirt a ghlacadh sa ‘Codladh Taobh Amuigh’, is féidir cártaí urraíochta a fháil ó Theach Ósta Thigh Chadhain, nó tá breis eolais le fáil ar leathanach Facebook Thigh Chadhain agus ar Twitter.

Fág freagra ar 'Ná dearmad an dream gan dídean an Nollaig seo…'