Ná déanadh muid dearmad go deo ar an dream a thug allas a gcnámh i dtír Sheáin Bhuí

Tá Ultan Cowley ag bailiú eolais le os cionn 30 bliain faoi na náibhithe Éireannacha a bhíodh ag obair i Sasana

Ná déanadh muid dearmad go deo ar an dream a thug allas a gcnámh i dtír Sheáin Bhuí

Tharla sé go raibh cúpla stroipín comhrá agam le gairid le Ultan Cowley. Seo é an fear atá ag bailiú eolais le os cionn 30 bliain faoi na náibhithe Éireannacha a bhíodh ag obair i Sasana. Rinne sé os cionn 60 uair a’ chloig d’agallaimh le cuid mhaith acu agus scríobh sé dhá leabhar bunaithe ar a raibh le rá acu. Is iad sin Mc Alpine’s Men agus The Men Who Built Britain: A History of the Irish Navvy.

Tar éis dom a bheith ag caint le Ultan léigh mé an leabhar Mc Alpine’s Men ó thús go deireadh. Is iontach go deo an léiriú atá inti ar shaol na nÉireannach thall.

Chuirfeadh sí Dialann Deoraí le Dónall Mac Amhlaigh i gcuimhne dhuit ar an bpointe. Tá ardmheas ag Ultan Cowley ar shaothar Dhónaill. Is air a bhí an ríméad, a dúirt sé liom, an lá ar tháinig sé ar chóip i siopa leabhar athláimhe de An Irish Navvy: The Diary of an Exile, an t-aistriúchán a chuir Valentin Iremonger ar Dialann Deoraí.

Is minic a chuimhním ar an léamh a rinne Macdara Ó Fátharta ar an aistriúchán céanna. Bhí a chuid léitheoireachta chomh beo, nádúrtha go bhféadfá a shamhlú agus tú ag éisteacht leis go raibh tú féin in éineacht leis na fir oibre ag cartadh sna trinsí, ag tarraingt an chábla agus ag obair ar na láithreacha tógála.

Nach é an trua nach n-iarrfadh dream eicínt ar Mhacdara an bunleagan a léamh freisin? Bheadh an léiriú a dhéanfadh sé air sin chomh maith céanna, nó níos fearr fós go deimhin.

Tá cuntas lom fírinneach i leabhar Ultan Cowley ar na fir ag dul anonn, cásanna smolchaite acu agus gan mórán ar bith thíos iontu. Insítear chomh deacair agus a bhíodh sé acu lóistín a fháil ar shroicheadh cheann cúrsa dóibh, cé gur mhór an chabhair dóibh an t-eolas a bhíodh le fáil acu óna leithéidí féin a bhí thall le tamall.

Sprionlaithe go maith a bhíodh cuid de na mná lóistín. Gann go maith a bhíodh an bia a chuiridís ar an bpláta, go mór mór le linn an Dara Cogadh Mór agus tamall maith ina dhiaidh. “An spam lofa sin,” mar a dúirt duine sa sraithdhráma raidió a scríobh Eoin Ó Súilleabháin, ‘Colm i Sasana’.

Sé buaic an leabhair na cuntais atá inti ar an obair chrua a dhéanadh na náibhithe. Ag cartadh thíos i dtrinsí ba mhinice iad. ‘Dig deep lads, and throw it well back,’ a d’fhógraítí orthu. Bhíodh caint mhór ar na ‘foot irons’ a bhíodh ar na bróga le nach gcuirfí ó chéile iad. Dúirt Tom a’ tSeoige i gceann de na hamhráin a chum sé nach raibh air féin ach péire Wellingtons a fuair sé ‘ar sale’ i Leitir Móir! Ní mórán cosanta a bheadh iontu sin.

Ar dhuine díobh siúd a casadh le Ultan Cowley bhí Noel O’Donnell as Ros Muc. Nuair a chuaigh tú go Sasana ar dtús, a dúirt Noel, thosófá ag cartadh sa trinse ag a seacht a chlog ar maidin agus bheifeá ar do bhionda ansin go titim na hoíche. Ní thabharfá de shásamh go mbéarfaí ort ag leadaíocht ná ag ligean tharat. Ach ansin nuair a bhéarfadh an t-ól ort ní bheifeá in ann coinneáil suas leis an gcuid eile de na fir. Ní bheadh de rogha agat an uair sin ach éirí as agus taobh eicínt eile a thabhairt ort féin.

Níl rud ar bith rómánsúil sna cuntais seo a thug na fir d’Ultan Cowley. Níor dhearmad siad na ‘subbies’ (na fochonraitheoirí) a bhíodh ag cur an phionna iontu go minic. Thug siad faoi deara gur mhó an t-ómós a bhíodh ag saoiste Sasanach dóibh ná ag duine dá dtreibh féin a gheobhadh ardú céime.

Bíonn saol maith ag formhór na nÉireannach a théann anonn inniu ach ná déanadh muid dearmad go deo ar an dream a thug allas a gcnámh i dtír Sheáin Bhuí san am a caitheadh.

Fág freagra ar 'Ná déanadh muid dearmad go deo ar an dream a thug allas a gcnámh i dtír Sheáin Bhuí'