Ná déan dearmad ar na huibheacha i dtaos do chuid próis!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Amhail uibheacha agus plúr i gcistin an chócaire, níor chóir go mbeadh cónaisc gann i gcistin an scríbhneora! 

Ná déan dearmad ar na huibheacha i dtaos do chuid próis!

Ar chuala tú trácht ar tháthaitheoirí riamh? Seans nár chuala. Ní ortsa an locht: ar mhí-ámharaí an tsaoil, ní minic a bhíonn an Ghaeilge le feiceáil ar lipéid bhia. ‘Binding agent’ a déarfadh cócaire an Bhéarla agus plúr, uibheacha, iógart, geilitín nó im a bheadh i gceist aige. Nó earra breá Gaelach: an carraigín.

Is éard a dhéanann na comhábhair seo ná bia a tháthú: murach iad bheadh an t-anraith tanaí agus thitfeadh maróg nó císte as a chéile.

Císte grabhrógach a mheabhraigh m’úrscéal féin dom nuair a léigh mé tríd an dréacht deireanach den uair dheireanach. Bhí blas ar an mionbhruar – ach mionbhruar a bhí ann mar sin féin. Bhí cuma stadach ar roinnt mhaith den téacs agus níor léir i gcónaí an bhaint idir abairt amháin agus an chéad abairt eile.

Cén chaoi ar tharla sé sin? Ar chúis éigin – seans gur stíl lom íostach a bhí uaim – bhí cuid mhór cónasc fágtha amach agam.

Cónaisc? Seans gur chuala tú trácht orthu sin sna ranganna Gaeilge ar scoil. Ach ar eagla na heagla, seo linn. Cónaisc, sin iad na focail a nascann abairtí le chéile. ‘Ach’ agus ‘agus’, sin iad na cinn is aitheanta. Ach cónaisc iad freisin focail agus struchtúir ar nós ‘óir’, ‘murach’, ‘nuair a’, ‘le linn’, ‘d’ainneoin’, ‘cé go’, ‘toisc go’ agus araile.

Gach seans gurb é ‘ach’ an ceann is fusa le fágáil amach – agus uaireanta is fearr é a fhágáil amach. Sampla beag amháin:

Tháinig Kim Kardashian ar an eitleán. Tháinig Greta Thunberg ar an traein.

Is léir an chodarsnacht idir na habairtí thuas agus lagódh an cónasc ‘ach’ í.

Cónaisc eile ar féidir iad a fhágáil amach go furasta ná ‘agus’ agus ‘toisc go’: go hiondúil bíonn an léitheoir in ann an bhaint idir dhá abairt aonair a nascfadh na cónaisc sin le chéile a oibriú amach ina aigne féin, agus is minic a bhíonn cuma lúfar láidir ar an téacs dá bharr.

Ach má bhaineann tú barraíocht úsáide as an gcleas seo, is baolach go mbeidh císte agat a thitfidh as a chéile: mionbhruar abairtí gearra stadacha.

Beidh orm roinnt uibheacha breise a chur i dtaos m’úrscéil. Ar ámharaí an tsaoil, tá sé i bhfad níos fusa cónaisc a chur ar ais i dtéacs ná breis uibheacha a chur isteach i gcíste atá nach mór bácáilte.

 

Fág freagra ar 'Ná déan dearmad ar na huibheacha i dtaos do chuid próis!'