Púicíní ar chuile bhean agus ar chuile fhear. Iad scartha amach óna chéile. An Teach Bán in Washington. Ceithre bliana ó shin agus Rialtas nua Mheiriceá ag réiteach faoi chomhair na mblianta a bhí amach rompu.
Aimsir an ghalair Covid.
Tháinig an pictiúir seo go hIonad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna i gConamara. Marty Walsh, iarMhéara Bhoston agus iar-Rúnaí Saothair Mheiriceá, a chuir an beartán téagartha trasna an Atlantaigh.
Pictiúr stairiúil é sa mhéid agus go speánfaidh sé ar feadh na síoraíochta Rialtas Mheiricá agus iad uilig ar an gcosaint in aghaidh Covid-19. Níl aon phictiúr eile i stair fhada na hUachtaránacht sna Stáit Aontaithe ar nós an chinn seo.
Ach, chomh fada agus a bhaineann sé le Conamara, tá stair ag baint leis an bpictiúr. Tá beirt ar eascair a sinsir as Conamara ansin – an Rúnaí Saothair, Marty Walsh, agus an Rúnaí do Chúram Iarshaighdiúirí Mheiriceá, Denis McDonough, i measc an Rialtais Dhaonlathaigh seo. Ré órga a bhí ann do shliocht Chonamara sa bpolaitíocht sna Státaí.
Tar éis athrú ollmhór na seachtaine seo cén cosán anois é do threibh Chonamara sa saol poiblí sna Stáit Aontaithe mar cé nach bhfuil púicíní orthu anois, tá cromnasc orthu. Is leis na Poblachtánaigh an lá agus an chreach.
Ba é Marty Walsh, arb as Ros Muc a mháthair agus arbh as Carna a athair, is mó de shliocht Chonamara a bhain stádas amach i Rialtas Joe Biden. Chomh maith leis an bpost Rialtais a bhí aige, ba chairde pearsanta é féin agus an tUachtarán. Go deimhin, ba mhór an t-ionadh é gur imigh an Breathnach as an Rialtas taobh istigh de dhá bhliain. Ach is maith an scéalaí í an aimsir agus is léir anois go ndearna Marty cinneadh stuama pearsanta.
Saothraíonn sé os cionn $3 mhilliún sa mbliain mar cheannasaí ar Chumann Imreoirí Gairmiúla Haca na Stát Aontaithe agus Cheanada.
Tá lámh coinnithe ag Marty sa bpolaitíocht thall ó shin. Bhí sé ainmnithe ag an Uachtarán Bíden le bheith ar dhuine de na Gobharnóirí ar Sheirbhís Náisiúnta an Phoist sna Státaí. Tharraing Biden an t-ainmniúchán sin siar nuair a toghadh an tUachtarán Trump mar go raibh a fhios aige go gcinnteodh an tUachtarán nua gur Poblachtánaigh a bheadh sna poist seo. Ar ndóigh, rinne Marty soilíos freisin don Leasuachtarán Harris nuair a bhí sise ina hiarrthór Uachtaránachta ag na Daonlathaigh agus bhí chuile sheans ann go n-iarrfaí air filleadh ar an Rialtas dá mba aicise a bheadh an bua. Ach sin scéal thairis anois.
Má tá Marty Walsh le filleadh ar an bpolaitíocht, is dóigh ná a mhalairt gur ar phost Ghobharnóir Mhassachusetts a bheadh súil aige. Ach chaithfeadh sé an Gobharnóir Daonlathach atá ann faoi láthair, Maura Healy, a chur de leataobh. Cé nach bhfuil aon cháil mhór uirthi, tá an suíochán agus an post aici agus sin tús maith ag teannadh leis an toghchán sin faoi cheann dhá bhliain. Dá bhfaigheadh Marty ainmniúchán na nDaonlathach, iarrthóir an-láidir a bheadh ann.
Ní hionann cás ag Denis McDonough.
B’as an Aird Thiar i gCarna é seanathair Denis McDonough agus b’as Leitir Mealláin a sheanmháthair.
Tá go leor dá shaol oibre caite ag McDonough mar chomhairleoir ar an gcaidreamh idirnáisiúnta, mar mhúinteoir agus mar fhear acadúil. Ní raibh McDonough (56) bainteach le gort garbh na polaitíochta go dtí seo. Chuile sheans gur leis an saol acadúil nó comhairleoireachta a rachaidh sé, cé nach féidir a chur as an gcomhaireamh nach mbeadh post sinsearach aige arís in Washington amach anseo. Ach, níor mhór do na Daonlathaigh an Uachtaránacht a bheith acu sula gcuirfidís comhairleoir ná compánach sa Teach Bán. Agus is ansin a thagann muid go dtí Martin O’Malley, iarMhéara ar Baltimore agus iarGhobharnóir ar Stát Maryland. Ba as an Mám i gConamara iad muintir Martin O’Malley ar thaobh a athar.
Tá cathaoirleach nua le toghadh ar Choiste Náisiúnta an Pháirtí Dhaonlathaigh ar an gcéad lá den mhí seo chugainn agus tá Martin O’Malley san iomaíocht go láidir. Is é sin an Coiste Náisiúnta a chuireann stiúir ar fheachtais náisiúnta agus áitiúla an Pháirtí Dhaonlathaigh agus bíonn go leor le déanamh ag an gcoiste sin le polasaí agus straitéisí a mhúnlú.
Chomh maith leis an bpolaitíocht i Stát Maryland, tá suim léirithe ag an Máilleach i bpolaitíocht náisiúnta Mheiriceá. Thug sé iarraidh faoi ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán uachtarántachta 2016 ach ba léir dó tar éis tamaill nach raibh dóthain tacaíochta ar fáil dó.
Thit Martin O’Malley i leataobh roinnt sa bPáirtí Daonlathach sna Státaí ina dhiaidh sin cé go raibh a cháil ag scaipeadh go forleathan roimhe sin. Chomh maith lena chumas mar riarthóir agus mar fhear pobail, tá buanna aige mar cheoltóir agus mar fhonnadóir, bua ar bhain sé leas as ina chuid feachtas. Shocraigh an tUachtarán Biden os cionn bliana ó shin go mbeadh an Máilleach ina Choimisinéir ar Choimisiún Leasa Shóisialaigh na Stát Aontaithe. D’imigh sé as an bpost sin le gairid le hiarraidh a thabhairt faoin bpost cumhachtach mar chathaoirleach ar Choiste Náisiúnta na nDaonlathach.
Creideann Martin O’Malley go bhfuil go leor den cheangal caillte ag an bPáirtí Daonlathach le cosmhuintir na tíre agus go gcaithfidh siad filleadh ar a ndúchas polaitiúil más leo a bheith buacach aríst.
Tá sé in am na púicíní a chur i leataobh agus cá bhfios nach fear de bhunadh Chonamara a réiteodh an cosán go doras an Tí Bháin aríst.
Fág freagra ar 'Na Daonlathaigh ar leathchois i SAM – céard a dhéanfaidh na polaiteoirí de bhunadh Chonamara?'