Na daoine is mó a gortaíodh fós ag fulaingt fad is atá daoine eile ag caint

Tá cúiteamh d’íobartaigh na dTrioblóidí curtha ar an méar fhada arís eile agus is náire shaolta é

Na daoine is mó a gortaíodh fós ag fulaingt fad is atá daoine eile ag caint

Státrúnaí na Breataine, Brandon Lewis

Suim ollmhór don ghnáthdhuine is ea £100 milliún nó €111.6 milliún.

Níl ann áfach ach oiread na fríde de bhuiséad rialtas na Breataine agus ní bheadh sé róchostasach do Stormont dá gcinnfeadh an Feidhmeannas go mb’eigean dó é a chaitheamh.

Is ceist tosaíochta é mar sin.

Arís eile, tá íobartaigh na dTrioblóidí caite i leataobh fad is atá ‘cuir tharat an beart’ ar siúl acu siúd ba cheart cúram a sholáthar dóibh.

In ionad na socruithe a dhéanamh chun scéim pinsin d’íobartaigh a oscailt ag deireadh na míosa seo tá an plean in abar sa choraíocht idir Stormont agus rialtas na Breataine faoi airgead. Rith Westminster an reacht chun an pinsean a bhunú agus leag freagracht ar Stormont é a bhainistiú. Tá siad araon ag maíomh anois gurb iad an dream eile atá freagrach as maoiniú na scéime.

Is minic é ráite cheana sa cholún seo gur náire shaolta í an fhaillí a rinneadh sna híobartaigh go dtí seo agus an tsíor-argóint faoi conas ba cheart déileáil le hoidhreacht phianmhar anróiteach na dTioblóidí. Ach tá na daoine is mó a gortaíodh fós ag fulaingt fad is atá daoine eile ag caint.

Tugadh léas dóchais do chuid acu níos luaithe i mbliana –iad sin a gortaíodh gan aon mhilleán orthu féin – go mbeadh tacaíocht le fáil acu i mbliana ach is buille eile dóibh an tsáinn reatha.

Bhí cur agus cúiteamh ar chúla téarmaí idir Stormont agus Státrúnaí na Breataine, Brandon Lewis, le roinnt seachtainí faoi cé a sheasfadh an costas. Nochtadh san Tionól Dé Céadaoin nach raibh an rannóg a rithfeadh an scéim in Stormont bunaithe agus nach rabhthas faoi réir le haghaidh oscailt na scéime Dé hAoine seo chugainn, an 29 Bealtaine, mar a bhí geallta.

D’inis an Chéad-Aire, Arlene Foster, do na Teachtaí freisin nach raibh an Feidhmeannas in acmhainn an costas a sheasamh, agus nach raibh soiléireacht faighte ó rialtas na Breataine faoi airgead a sholáthar.

Bhí an Státrúnaí Lewis thar a bheith soiléir faoin scéal ar an Déardaoin, áfach, agus níorbh údar dóchais d’íobartaigh a chuid cainte.

In agallamh teilifíse ar an mBBC chuir sé cos i dtaca, é diongbháilte faoi go raibh an t-airgead curtha ar fáil ag Whitehall cheana fein.

Ba gheall le seanmóir a raibh le rá aige faoin gcabhair atá dlite d’íobartaigh – rud nach bhfuil aon cheist faoi.

D’airigh sé an frustrachas céanna le heagraíochtaí na n-íobartach faoin moill, a dúirt sé, ach ní raibh smid uaidh faoi dhualgas a rialtais; dualgas morálta chomh maith le freagracht as feidhmiú reachtaíochta a ritheadh in Westminster.

Bhí an maoiniú san áireamh, dar leis, sa bhlocdheontas, an buiséad bliantúil a cheadaíonn an Bhreatain do Thuaisceart Éireann, giota le cois £10 billiún. Deir foinsí in Whitehall go bhfuair Stormont £250 milliún chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí agus go raibh £100 milliún le haghaidh pinsean na n-íobartach san áireamh sa tsuim sin.

Ní ghlacann Stormont leis an leagan sin den scéal agus tá airí ar a míle dícheall ag iarraidh a thuilleadh airgid a shracadh as Whitehall le trí mhí.

Measann Coimisinéir na nÍobartach, Judith Thompson, nach bhfuil sé indéanta ag Stormont an t-ualach ar fad a iompar. Tá freagracht ar Westminster chomh maith le Stormont, dar léi. Beidh daoine a bhfuil cónaí orthu in áiteacha eile, Birmingham nó Manchain cuir i gcás, i dteideal pinsin freisin. Thairis sin bheadh iaríocaíochtaí go dtí 2014 i gceist agus costas mór dá réir ag tús na scéime. Ní bheadh sé praiticiúil iarraidh ar Stormont an bille sin ar fad a íoc, dar le Coimisinéir na nÍobartach.

Ní mó ná sásta a bhí sí le Brandon Lewis. Dúirt sí gur cheart dó labhairt le híobartaigh faoi phráinn agus éisteacht lena scéalta. Is daoine goilliúnacha iad a bhfuil compord agus sólás éigin tuillte acu, iad ag druidim le deireadh a saoil.

Tá an iomarca fulangtha acu cheana féin.

Masla i gceann na héagóra is ea an mhoilleadóireacht seo, ar sí. Sin é lomchlár na fírinne.

Ní ar an Státrúnaí amháin atá locht faoin scéim seo a bheith ina brachán. Gan dabht bhí Stormont cruógach leis an ngéarchéim sláinte ach theip orthu rannóg nó aonad a cheapadh leis an scéim pinsin a riaradh.

Seans gur teaictic ab ea é sin is iad ag iarraidh airgead a fháil as an mBreatain, ach mheas roinnt mhaith de na híobartaigh go raibh neamhaird á déanamh arís orthu. Bhí fearg ar chuid acu, bhí a thuilleadh croíbhriste.

Ní briathra cráifeacha atá uathu ach gníomh.

Is é an pinsean beag sin, idir £2,000 agus £10,000 sa bhliain ar feadh a saoil do dhaoine atá ag dul in aois, an rud is lú atá tuillte acu.

Agus tá sé tuillte acu gan a thuilleadh moille.

Fág freagra ar 'Na daoine is mó a gortaíodh fós ag fulaingt fad is atá daoine eile ag caint'