Na daoine fuadaithe agus briseadh croí a muintire arís agus arís eile

Ní mhaolódh aimsiú thaisí na n-íobartach - idir na mairbh agus a ngaolta – ar úafás a bhfulaingthe ach, ar a laghad, chuirfeadh sé deireadh leis an síorfhanacht agus leis an éadóchas

25/6/2015.The Irish Killing Fields The scene in Coghalstown, County Meath for the search for Joe Lynskey. Remains were discovered earlier today. But after a visit by the State Pathologist, Marie Cassidy, it was discovered that the grave contained two bodies. It is now believed that the bodies are those of Seamus Wright and Kevin McKee. Photo shows cattle grazing in an almost pastoral scene,while behind is a grave containing the bodies of two of the disappeared. Photo Eamonn Farrell/Photocall IrelandPhoto Eamonn Farrell/Photocall Ireland
An áit i gcondae na Mí  a gceaptar go bhfuarthas taisí Kevin McKee an tseachtain seo caite. PICTIÚR: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

a gceaptar go bhfuarthas a thaisí i gContae na Mí an tseachtain seo caite

“Shílfeá gur thóg siad mo mháthair freisin nuair a d’fhuadaigh siad Kevin. Bhris sé í. Ní raibh sí i gceart ariamh ina dhiaidh sin; chaith sí blianta isteach agus amach as ospidéil meabharghalair. Bhí sí á chaoineadh ar lá a báis, dhá scór bliain ón uair dheiridh a chonaic sí é ”.

Bhí Philomena McKee ag tagairt d’fhuadach agus dúnmharú a dearthár, Kevin, a gceaptar go bhfuarthas a thaisí i gContae na Mí an tseachtain seo caite.

Bhí sé ar dhuine den 16 atá “ar iarraidh” agus a fuadaíodh, a maraíodh is a cuireadh faoi cheilt. Bhí sé ag druidim le seacht mbliana déag d’aois nuair a thóg an tIRA Sealadach é féin agus Béal Feirsteach eile, Seamus Wright i 1972  dhá mhí sula bhfuair Jean McConville an íde chéanna. Chaith muintir na ndaoine a bhi ar iarraidh blianta fada, cráite gan fhios acu céard a tharla go dtí 1999 nuair a d’admhaigh an tIRA go raibh siad freagrach as cuid de na dúnmharuithe.

Níor chuir sé sin deireadh leis an anró. Bhí fanacht fada i ndán d’an-chuid de na teaghlaigh. Bunaíodh an Coimisiún Neamhspleách um Aimsiú Taisí Íospartach a chuir tús le cuardaithe oifigiúla. Ba mhinic a theip ar an saothar, áfach, mar nach raibh an fhaisnéis a tugadh don Choimisiún cruinn. Le himeacht aimsire cuireadh leis an liosta; ghlac an tIRA freagracht as trí dhuine dhéag, mharaigh an tINLA duine amháin agus níor admhaigh aon dream baint a bheith acu le marú na beirte eile.

Nuair a chuir an Coimisiún ceann leis an gcuardach reatha, bhí deichniúr aimsithe cheana féin, cúigear fós ar iarraidh in Éirinn agus duine amháin, Séamus Ruddy, sa bhFrainc. Bunaithe ar fhaisnéis rúnda, bhí an fhoireann sa tóir ar thaisí iarbhráthair Sistéirseach, Joseph Lynskey as Béal Feirste. B’eisean an chéad duine den ghrúpa a d’fhuadaigh an tIRA – i mí Lúnasa 1972, dhá mhí roimh Kevin McKee agus Seamus Wright.

Ba mhór an faoiseamh é nuair a scaoil an pháirc i mBaile na gCochall a rún brónach. Ceapadh i dtosach gur corp Joe Lynskey a bhí ann go dtí go bhfaca an fhoireann taisí beirte le hais a chéile. Meastar gurb iad Kevin McKee agus Seamus Wright iad mar gur tugadh eolas gur cuireadh an bheirt in éindí. Lean an cuardach do thaisí Joseph Lynskey ag an láthair.

Is iomaí gníomh barbartha a rinneadh mar chuid de na Trioblóidí agus ní mian liom rangú a dhéanamh orthu ach bhí uafás thar na bearta ag baint le cleachtas an IRA daoine a fhuadach, a dhúnmharú agus a chur faoi cheilt. Ní hamháin gur thóg siad beatha ó na híobartaigh ach d’fhág siad a muintir cráite, gan eolas. Thairis sin ba mhinic a scaip siad ráflaí ghránna i gcásanna áirithe – masla i gceann na héagóra.

Mar ba léir óna ndúirt deirfiúr Kevin McKee, rinneadh damáiste do-fhuascailte do ghaolta. Chomh maith leis an tionchar ar shláinte daoine, bhí ciallachais shóisialta i gceist: d’fhulaing go leor go ciúin, tostach ar feadh i bhfad, faitíos ar roinnt; náire ar dhaoine eile. Tá an suathadh soiléir ar a n-aghaidheanna ag láithreacha mar a n-aimsítear taisí – áthas gur féidir a ngaol a adhlacadh, le dínit, faoiseamh go bhfuil deireadh leis an bhfanacht agus súil acu le cneasú de chineal éigin agus an brón, brón faoin mbás agus faoin drochíde.

Táthar ag súil go n-aimseofar taisí Joseph Lynskey gan mhoill agus go gcruthóidh tastálacha gurb iad Kevin McKee agus Seamus Wright a fritheadh an tseachtain seo caite. Fágfaidh sin Seamus Ruddy fós ar iarraidh sa bhFrainc, áit ar mharaigh an tINLA é; an Captaen Nairac, Arm na Breataine ar mharaigh an tIRA i ndeisceart Ard Mhacha é i 1977; agus Columba McVeigh ón Domhnach Mór i gContae Thír Eoghain, ar fhuadaigh an tIRA é i 1975. Rinneadh cuardaigh i bportach an Bhragáin i gContae Mhuineacháin sé huaire le cúig bliana déag ach níor fritheadh é – briseadh croí, arís agus arís eile dá mhuintir.

Tá achainí déanta ag teaghlaigh na ndaoine a fuadaíodh ar éinne le heolas faisnéise nua a sholáthar don choimisiún. Déanann ceannairí Shinn Féin an achainí chéanna. Ní foláir nó tá daoine i Sinn Féin a bhfuil tuairim mhaith acu cé hiad na daoine le heolas; b’fhearr éifeacht a imirt orthusan go príobháideach ná ráitis phoiblí chráifeacha. Ní mhaolódh sé an t-uafás a rinneadh ar na híobartaigh – idir na mairbh agus a ngaolta – ach, ar a laghad, chuirfeadh sé  deireadh leis an síorfhanacht agus leis an éadóchas.

 

Fág freagra ar 'Na daoine fuadaithe agus briseadh croí a muintire arís agus arís eile'