Ná cuireadh toghchán roimh dheireadh na bliana iontas ar aon duine

Ní mba thúisce caint dhearfach an Taoisigh agus an Phríomh-Aire déanta ná gur tosaíodh an chaint faoi thoghchán

Ná cuireadh toghchán roimh dheireadh na bliana iontas ar aon duine

Is fada muid ag trácht anois ar an mBreatimeacht agus a thionchar ar pholaitíocht na tíre seo. Tá an córas plúchta agus sáinnithe mar go bhfuil  sceon ar pholaiteoirí agus ar thráchtairí araon faoina bhfuil i ndán dúinn tar éis imeacht na Ríochta Aontaithe. Ní mba thúisce caint dhearfach an Taoisigh Leo Varadkar agus an Phríomh-Aire Boris Johnson déanta Déardaoin seo caite ná tosaíodh ag caint ar thoghchán.

Ar ndóigh, cuirfidh torthaí na pobalbhreithe a foisíodh ar an Irish Times inné leis an mbrú atá ar an Taoiseach toghchán a reachtáil go luath.

Is léir ón bpobalbhreith sin go bhfuil Leo Varadkar ag baint tairbhe as a chuid oibre ar scéal an Bhreatimeachta. Cá bhfios an dtiocfar ar mhargadh agus is iomaí sin rud a tharlaíonn i gcainteanna dá leithéid ag an nóiméad deireadh.

Ach má bhíonn margadh ann cén fáth nach mbeadh toghchán againn ag deireadh mhí na Samhna? Cén fáth nach seachnódh muid an t-anró a bhainfeadh le ceithre fhothoghchán a reáchtáil an mhí sin agus olltoghchán a bheith againn?

Sin cuid de na ceisteanna a bheidh á gcur ag lucht Fhine Gael orthu féin. Is cosúil, de réir na dtuairiscí, go bhfuil brú ag teacht ar an Taoiseach taobh istigh dá pháirtí féin agus leithéidí Eoghan Murphy, Simon Harris agus Patrick O’Donovan ag iarraidh air dul chuig na bothanna.

An chúis go bhfuil an oiread deifre orthu ag an bpointe seo? Le súil agus go mbeidh cuimhne i gcónaí ag an bpobal ar an méid atá déanta ag an rialtas seo ó thaobh an Bhreatimeachta, b’fhéidir? Nach bhfuil sé spéisiúil go bhfuil beirt airí atá i bhfeighil na ranna a bhfuil na géarchéimeanna is mó sa tír luaite leo atá ag brú an toghcháin; géarchéim leanúnach na tithíochta i gcás Murphy agus tubaiste an chórais sláinte Simon Harris. Ar ndóigh, is le linn an gheimhridh is measa a bhíonn chaon ghéarchéim. Céard eile a cheilfeadh na drochscéalta ón dá Roinn seachas an Breatimeacht?

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin ag an deireadh seachtaine gur cleasaíocht pholaitiúil a bheadh ann ag an Taoiseach toghchán a fhógairt roimh dheireadh na bliana. Dá ndéanfadh an Taoiseach sin, a dúirt Martin, bheadh próiseas an bhuiséid á chur ar leataobh aige “ar mhaithe lena leas féin”. Tá Fianna Fáil den tuairim go bhfuil leo de bharr na dtorthaí sna pobalbhreitheanna is déanaí a foilsíodh agus go bhfuil an páirtí ag baint tairbhe as an seasamh atá glactha acu a bheith foighdeach stuama i dtaobh an Bhreatimeachta. Tá siad sásta cead a thabhairt anois don tuairimíocht seo leanacht ar aghaidh, súil acu fothoghchán amháin ar a laghad a ghnóthachtáil agus tabhairt faoin olltoghchán le teann misnigh, pé uair go gcinneann Leo  Varadkar dul chuig an Áras.

An cheist nach bhfuil aon fhreagra go fóill uirthi ná an ndéanfar socrú i dtaobh an Bhreatimeachta. Ní túisce dóchas ná a mhalairt maidir leis an scéal sin. Tá súil ag Fine Gael tairbhe pholaitiúil a bhaint as an obair atá déanta acu maidir le hÉirinn a chosaint. B’fhearr le Leo Varadkar gur san earrach seo chugainn a bheadh san cás sin le déanamh. Tuigeann polaiteoirí go bhfuil sé tábhachtach an dáta ceart a roghnú i gcomhair olltoghcháin; d’fhan Enda Kenny rófhada an babhta deiridh nuair a ghéill sé do bhrú ó Joan Burton. Rinne sé dochar, dá réir, do chás Fhine Gael.

Beidh Leo Varadkar ag iarraidh an tríú téarma rialtais as a chéile d’Fhine Gael a chinntiú lena rogha dáta féin.

Ná bíodh iontas ar dhaoine más ag deireadh na Samhna nó tús mhí na Nollag a tharlóidh sé sa gcás go mbíonn margadh déanta leis an mBreatain.

Fág freagra ar 'Ná cuireadh toghchán roimh dheireadh na bliana iontas ar aon duine'