Na cúil, na cluichí agus na himreoirí is fearr atá feicthe againn i bPríomhroinn Shasana go dtí seo…

Agus muid ag tabhairt aghaidh ar 2016, breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na cúil, na cluichí agus na himreoirí is fearr atá feicthe againn i bPríomhroinn Shasana go nuige seo

Imreoir an tséasúir go dtí seo – Jamie Vardy (Leicester City)

Jamie Vardy ag imirt do Shasana. INPHO/Gary Carr
Jamie Vardy ag imirt do Shasana. INPHO/Gary Carr

Is beag duine a chreidfeadh ag tús an tséasúir gur beirt ó Leicester City is mó a bheadh san iomaíocht don ghradam seo ag tús mhí Eanáir ach is cinnte gurb iad Riyad Mahrez agus Jamie Vardy is mó a bhfuil a gaisce déanta go dtí seo acu.

Agus iad ag imirt le ceann d’fhoirne beaga na sraithe, chuir gaiscí Vardy agus Mahrez ba chúis iontais ag daoine sár-imirt na beirte seo, ach ní shin le rá nach bhfuil an gradam seo tuillte acu. D’fhear a bhíonn ag imirt ar an gcliathán, is éacht dochreidte é go bhfuil 13 cúl scóráilte ag Mahrez cheana féin, ach toisc gur scóráil sé in 11 chluiche as a chéile, chun curiarracht Ruud Van Nistelrooy a shárú, ní fhéadfaí dul thairis Jamie Vardy.

Cluiche is fearr – Everton 3-4 Stoke City

Is cóir aitheantas a thabhairt do thaispeántais Liverpool, Tottenham agus Arsenal ina mbuanna i gcoinne Manchester City, West Ham agus Manchester United faoi seach, ach ó thaobh an cluiche is fearr de, bheadh sé deacair an choimhlint idir Everton agus Stoke ar an 28 Nollaig a shárú.

Ba chluiche é a bhí ag tuile agus ag trá agus Stoke ag dul chun tosaigh faoi dhó sa chéad leath, a bhuíochas do chúl den scoth ó Xherdan Shaqiri an dara huair. Ach ní raibh port Everton seinnte fós agus iad 3-2 chun cinn agus 20 nóiméad fágtha. Ní shin deireadh na scéala áfach, ná baol air. Chuir Joselu Stoke ar comhscór arís  sular bronnadh cic éirice ar Marko Arnautovic sa nóiméad deireanach, deis a thapaigh sé chun an bua a thabhairt d’fhoireann Mark Hughes.

Cúl is fearr – Cuco Martina (v. Arsenal)

Fuair leantóirí Southampton bronntanas Nollag déanach go maith agus bua 4-0 acu ar Arsenal ar Lá Fhéile Stiofáin. Bhí Cuco Martina ag tosú a chéad chluiche do Southampton agus is cinnte gur chuir sé fhéin in aithne don slua leis an gcúl diamhair a d’aimsigh sé.

Tar éis do Arsenal an liathróid a chur chomh fada le himeall na cearnóige, phreab an pheil os comhair Martina agus thug sé iarracht ar an gcúl. Cé gur bhreathnaigh sé go rachadh a iarracht cúpla troigh amú, thosaigh an liathróid ag casadh agus d’éalaigh sí isteach díreach an taobh ceart den phosta.

Foireann na bliana go dtí seo

Foireann 2015


Cúl Báire: Petr Cech (Arsenal)

gur chuir Cech drochthús lena chéad chluiche do Arsenal nuair a rinne botún sa chluiche a chaill siad i gcoinne West Ham, is ó neart go neart atá imithe ó shin agus ról lárnach aige i bhfeachtas Arsenal go dtí seo agus iad ar bharr na sraithe.


Cosantóirí: Bacary Sagna (Manchestery City), Laurent Koscielny (Arsenal), Toby Alderweireld (Tottenham Hotspur), Robbie Brady (Norwich City)

Ar na cliatháin, tá níos mó cúil cruthaithe ag Sagna Manchester City agus Brady Norwich ná aon chosantóir eile agus trí cinn an duine cruthaithe acu. Sa lár tá a stádas mar an cosantóir is tábhachtaí atá ag Arsenal deimhnithe ag Laurent Koscielny fad is atá is atá an stádas céanna bainte amach ag Toby Alderweireld do Tottenham, cé ag tús an tséasúir seo a d’imir sé a chéad chluiche dóibh ach.


Lár na Páirce: N’Golo Kanté (Leicester City), Mesut Özil (Arsenal), Riyad Mahrez (Leicester City)

gur chaith na foirne eile na milliúin i rith an tsamhraidh, beirt as Leicester atá roghnaithe againn i lár na páirce. Imreoir é Mahrez atá in ann cúil a scóráil agus cúil a chruthú. Bíodh is nach bhfuil sé chomh cruthaitheach céanna le Mahrez tá Kanté ar an imreoir is fearr sa tsraith go dtí seo ag baint seilbh na liathróide ón bhfreasúra. Ba é an locht is mó a bhí ar Mhesut Özil roimhe seo ná nach raibh aon bhuanseasmhacht ina a chuid imeartha. Agus é anois ag déanamh an beart seachtain i ndiaidh seachtaine anois, tá Arsenal seolta go barr na sraithe aige.


Tosaithe: Odion Ighalo (Watford), Romelu Lukaku (Everton), Jamie Vardy (Leicester City).

Is cinnte nach raibh mórán ann cheap ag tús an tséasúir gurb iad an triúir seo a bheadh ar barr na rangú ó thaobh na scórála san athbhliain. Tá Vardy agus Lukaku cothrom agus 15 cúl an duine aimsithe acu i 20 chluiche, ceann amháin níos mó mar atá aimsithe ag Ighalo.

Fág freagra ar 'Na cúil, na cluichí agus na himreoirí is fearr atá feicthe againn i bPríomhroinn Shasana go dtí seo…'