Na cúigí go léir ag prapáil do mhórchomórtas na hEorpa

Agus tús á chur le comórtas Chorn na gCuradh, caithfidh na cúigí ar fad a chruthú go bhfuil an áit i measc mhóruaisle rugbaí an limistéir seo tuillte acu

Na cúigí go léir ag prapáil do mhórchomórtas na hEorpa

Andrew Conway (Cúige Mumhan) agus Jacob Stockdale (Cúige Uladh). Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Nach iontach go bhfuil na ceithre chúige cáilithe le himirt i gCorn na gCuradh, comórtas sinsearach na hEorpa sa rugbaí.

Ní bhíonn cead imeartha sa gcomórtas seo ach ag fiche foireann as sé thír. Is éacht ann féin é mar sin gur éirigh leis na ceithre fhoireann ghairmiúil ón tír seo an cead sin a fháil.

Cuimhnigh nár éirigh ach le foireann amháin as Albain agus ceann amháin as an mBreatain Bheag áit a chinntiú. Ach anois agus an comórtas tosaithe ó aréir, caithfidh na cúigí ar fad a chruthú go bhfuil an áit i measc mhóruaisle rugbaí an limistéir tuillte acu.

Is iad na hUltaigh an chéad fhoireann as Éirinn a bheas san iomaíocht agus iadsan as baile inniu in Bath i Sasana. Tá an t-ádh ar na hUltaigh go bhfuil siad i gcoinne ceann de na foirne is laige sa Premiership i mBabhta 1. Níl ach dhá bhua as ceithre chluiche faighte ag Bath go dtí seo. Mar sin féin, is ag na Sasanaigh atá buntáiste an bhaile sa gcoimhlint seo agus is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh cur leis na deacrachtaí a bhí ag na hUltaigh agus iad i gcoinne na Muimhneach an deireadh seachtaine seo caite. Ach tá mise den tuairim go mbeidh fir Bhéal Feirste róláidir do na Sasanaigh.

Cuirfidh na Laighnigh fáilte chuig an RDS roimh Treviso na hIodáile. Chas na foirne seo ar a chéile ag deireadh mhí Mheán Fómhair, nuair a bhí an lá leis na Laighnigh (32-27) i gcluiche Pro 14. Is i Treviso a imríodh an cluiche sin tráth nach raibh fáil ag na foirne ar a gcuid imreoirí idirnáisiúnta. Ní bheidh an leithscéal sin ann an Satharn seo, rud a fhágann nach cúis iontais ar bith é gurb iad fir an bhaile rogha na coitiantachta.

Sa mBreatain Bheag a bheas na Muimhnigh agus iadsan ag tabhairt faoi na hOspreys den dara huair in imeacht trí seachtaine. Bhí an lá leis na Muimhnigh (28 – 12) nuair a chas na foirne ar a chéile i gCorcaigh ach níl comparáid ar bith idir an fhoireann atá anois ag na hOspreys agus an ceann a d’imir sa gcluiche sin. Tá mise ag súil le sárchoimhlint idir dhá fhoireann atá ag imirt sa ngrúpa céanna le Saracens, curaidh an chomórtais, agus Racing 92, foireann eile atá i measc na bhfoirne atá mar rogha na n-údar don chomórtas.

Má bhíonn an lá leis na Muimhnigh amárach ní hamháin go mbeidh éacht déanta acu ach beidh tús maith curtha acu le comórtas na bliana seo. Creid uaim é, ní bheidh tada éasca ag baint leis.

Tá an t-ádh ar na Connachtaigh gur acu atá buntáiste an bhaile agus iad in aghaidh Montpellier na Fraince.  Chuir na Connachtaigh tús maith le séasúr na bliana seo, sin nó gur mhúin na Laighnigh ceacht rugbaí dóibh an deireadh seachtaine seo caite. Tá go leor athruithe curtha i bhfeidhm ag Andy Friend ar a fhoireann ó náirigh Cúige Laighean iad. Beidh le feiceáil an leor na hathruithe sin. Seans go mbeidh gá le hathrú ar mheoin agus ar mhodh oibre na foirne freisin.

Mar sin féin, buntáiste dóibh a laige is a bhíonn foirne na Fraince agus iad ag imirt thar sáile. Caithfidh foireann na Gaillimhe teacht i dtír ar an drochnós sin. Níl cúis ar bith nach mbeadh na Connachtaigh in ann ag Montpellier, foireann nár bhuaigh ach trí chluiche as naoi gcinn sa Top 14 go dtí seo. Bí ag súil le sáriarracht ó fhoireann an bhaile agus fios acu nach fiú dóibh a bheith ag imirt sa gcomórtas seo mura mbíonn siad in ann bua a fháil ina gcluichí baile.

Fág freagra ar 'Na cúigí go léir ag prapáil do mhórchomórtas na hEorpa'