Na Cúigí dírithe ar an Pro 14 agus an Iodáil ag teacht go Baile Átha Cliath

Níl aon easpa rugbaí ann an deireadh seachtaine seo le cluichí Pro 14 agus filleadh an rugbaí idirnáisiúnta

Na Cúigí dírithe ar an Pro 14 agus an Iodáil ag teacht go Baile Átha Cliath

Munster Rugby Squad Training. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Cuirfidh na Cúigí ar fad chun páirce i mBabhta 3 den Pro 14 an deireadh seachtaine seo agus gan fáil acu ar a gcuid imreoirí idirnáisiúnta.

Tá foireann bhainistíochta chomórtas na Sé Náisiún ag iarraidh críoch a chur leis an gcomórtas a cuireadh ar athló de bharr an Covid-19 ón Márta seo caite.

Ag an am sin stop rialtas na tíre seo cluiche i mBabhta 4 idir Éirinn agus an Iodáil, ceann a bhí le himirt i Staid  Aviva. Seachtain ina dhiaidh sin chuir lucht bainistíochta an chomórtais cluichí Bhabhta 5 ar fad ar ceal. Fágann sin go mbeidh Éire ag fáiltiú roimh an Iodáil san Aviva amárach i mBabhta 4 agus imreoidh na foirne ar fad cluichí Bhabhta 5 faoi cheann seachtaine.

Maidir le cluiche idirnáisiúnta an lae amárach, beidh na hIodálaigh in Áth Cliath agus iadsan ar thóir a gcéad bhua sa gcomórtas seo. Ní hamháin gur theip orthu sna trí chluiche a d’imir siad go dtí seo, theip orthu oiread agus scór amháin féin a shlánú i bpéire acu agus iad i gcoinne na Breataine Bige agus na hAlban.

Bhí na hIodálaigh faoi bhrú damanta nuair ab éigean stop a chur leis an gcomórtas agus níl aon fhianaise againn go bhfuil aon athrú ar chúrsaí, a mhalairt más tada é. I gcás na hÉireann, is fiú a mheabhrú nár chaill siad ach cluiche amháin as trí iarracht sa gcomórtas. Ba i gcoinne Shasana in Twickenham a bhí siad sa gcluiche sin (24-12) ach bhí dhá bhua mhaithe acu san Aviva i gcoinne na hAlban (19-12) agus na Breataine Bige (24-14) freisin.

Tá roinnt imreoirí chéad rogha, Ian Henderson, Jordan Larmour agus Tadhg Furlong, in easnamh ar Andy Farrell, bainisteoir na hÉireann. Mar sin féin agus fiú agus Farrell ag tabhairt deis do cúpla ógánach, is deacair bua a thuar do na cuairteoirí. Is cinnte gur maith an buntáiste d’fhoireann na hÉireann an méid cluichí ar ardchaighdeán a d’imir an triúr déag imreoirí ó Chúige Laighean atá i measc an triúr fichead a bheas san Aviva.

Ní hamháin go bhfuil mé ag súil le bua d’fhoireann na hÉireann, níl mé ag cur bua le cúig úd as an áireamh ach oiread. Má éiríonn leo an bua sin a chinntiú beidh na hÉireannaigh ar thrí phointe dhéag agus iad cothrom ar bharr thábla an chomórtais ach má éiríonn leo ceithre úd a aimsiú is iad a bheas ar a bharr ar fad ar  cheithre phointe dhéag. Nach mór an spreagadh é sin!

Beidh Cúige Laighean i gcoinne Zebre san RDS anocht sa bPro 14.  Níl bealach ar bith gur féidir liom bua a thuar don fhoireann Iodálach seo fiú agus iad i gcoinne foireann dara nó fiú tríú rogha na gcuradh.

Ar an  Domhnach, beidh Cúige Uladh i gcoinne na Dragons agus Cúige Mumhan i gcoinne Caerdydd ach is ag foirne na hÉireann a bheas buntáiste an bhaile sna cluichí sin. Seans go mbainfidh siad chuile leas as an mbuntáiste sin.

Is scéal eile ar fad atá agam i gcás na gConnachtach, fir a bheas ar a mbealach go Dún Éideann le tabhairt faoi fhoireann an bhaile sin. Beidh foireann na Gaillimhe ar thóir a gcéad bhua as baile i gcomórtas na bliana seo ach seans go bhfuil an mí-ádh orthu go mbeidh siad ag imirt i gcoinne foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua óna thús.  Más le Cúige Chonnacht aon phointe a aimsiú sa gcluiche seo, caithfidh feabhas a theacht ar an bhféinsmacht a lig síos go dona iad go dtí seo. Má éiríonn leo é sin a dhéanamh níl cúis ar bith nach mbeidh seans acu.

Seans gur buntáiste eile do na Connachtaigh an líon beag dá gcuid imreoirí atá ar an bpainéal idirnáisiúnta. Mar sin féin, cé go bhfuil mé ag súil go mbeidh an lá le fir na Gaillimhe, níl sé de mhisneach agam aon euro a chur orthu!

Fág freagra ar 'Na Cúigí dírithe ar an Pro 14 agus an Iodáil ag teacht go Baile Átha Cliath'