Na cúigí chun cinn sna babhtaí leathcheannais

Nuair a chuimhnítear ar an tús fíorlag a chuir Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht leis an séasúr, is ábhar mórtais dóibh gur éirigh leo an babhta leathcheannais a bhaint amach

Na cúigí chun cinn sna babhtaí leathcheannais

Josh Murphy, Shamus Hurley-Langton agus Conor Oliver. Pictiúr: INPHO/Steve Haag Sports/Thinus Maritz

Má theastaigh fianaise ar a fholláine agus atá cúrsaí rugbaí gairmiúil na tíre seo, níl le déanamh ach breathnú ar an leagan amach atá ar bhabhtaí leathcheannais URC an tséasúir seo, cluichí a bheas á n-imirt inniu.

Thosaigh ceithre fhoireann déag comórtas ina raibh ocht réamhbhabhta dhéag ann i mí Mheán an Fhómhair seo caite, ach níl ach ceithre fhoireann fós ina seasamh agus is as an tír seo trí cinn acu sin.

Ní raibh amhras ariamh ann nach mbeadh Cúige Laighean i measc na bhfoirne a bheadh fós san iomaíocht agus muid ag druidim le deireadh an chomórtais. Nuair a chuimhnítear ar an tús fíorlag a chuir Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht leis an séasúr rugbaí seo, is cinnte gur ábhar iontais agus mórtais dá lucht leanúna gur éirigh leo iad féin a bhrú isteach sna cluichí leathcheannais. Thug an dá chúige taispeántais iontacha uathu agus iad ag imirt as baile i gcoinne Chúige Uladh agus Ghlaschú seachtain ó shin, torthaí nach raibh mórán súil leo.

Cuirfidh Cúige Chonnacht chun páirce inniu i gCape Town i gcoinne na Stormers, curaidh an chomórtais anuraidh.

Ba dheacair dúshlán níos mó ná mar atá roimh na Connachtaigh a thuar d’aon fhoireann ón limistéar seo agus gan ach seachtain réitigh acu tar éis cluiche thar a bheith crua i gcoinne na nUltach i mBéal Feirste. Ní hamháin go gcaithfidh siad an gortú a fuair cúpla imreoir sa gcluiche sin a shárú, ach caithfidh siad teacht chucu féin freisin ón turas fada sin ó Ghaillimh go Cape Town.

Is iad na Stormers rogha mórán chuile dhuine don chluiche seo ach is fiú a mheabhrú gurbh amhlaidh an scéal maidir leis an gcluiche i gcoinne Chúige Uladh an Aoine seo caite. Beidh Andy Friend ag súil go mbeidh a chúram in ann teacht ar an tsár-imirt, an sprid agus an uaillmhian chéanna le brú a chur ar na curaidh.

Mar sin féin, má thagann na Stormers ar fiú roinnt den tsár-imirt a chonaic muid uathu agus iad ag cur na mBulls ó dhoras sa gcluiche ceathrú ceannais, ochtó nóiméad an-chrua atá i ndán d’fhir na Gaillimhe.

I Staid Aviva a bheas Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag tabhairt faoina chéile tráthnóna inniu. Ach an oiread leis na Stormers sa gcéad chluiche, tá na geallghlacadóirí cinnte nach bhfuil ach foireann amháin sa gcluiche seo, sin Cúige Laighean.

Seans go bhfuil an ceart acu más ag breathnú ar thorthaí an tséasúir amháin atáthar,  ach is fiú a mheabhrú freisin nach mbeidh Leo Cullen in ann a chéad rogha iomlán a chur chun páirce mar go mbeidh leathshúil aige ar chraobhchluiche Chorn na gCuradh faoi cheann seachtaine. Seans gur bainistiú imreoirí an dúshlán is mó tá roimh Cullen inniu. Tá deacrachtaí maidir le fáil ar imreoirí folláine chéad rogha ag Graham Rowntree na Mumhan freisin.

Bhí an cluiche ceathrú ceannais i gcoinne Ghlaschú thar a bheith fisiciúil agus chaill na Muimhnigh neart imreoirí de bharr gortuithe agus tá cuid acu sin fós ar liosta an dochtúra. Dá mbeadh fáil ag Cúige Mumhan ar Snyman, Murray, Fekitoa agus Nash ní bheadh siad gan seans ach dá n-uireasa is deacair tada eile seachas bua baile agus áit i gcraobhchluiche eile a thuar do Chúige Laighean.

Fág freagra ar 'Na cúigí chun cinn sna babhtaí leathcheannais'