Na cúigí ar mhuin na muice sa rugbaí ach neamhaird á tabhairt orthu sa bhaile

A raibh le foghlaim ó spórt an deireadh seachtaine, idir ghaiscí na gcúigí i gCorn na gCuradh, an freastal suarach ar chluichí idirchúige CLG, agus buanna lúthchleasaithe Céiniacha i gCraobh na hEorpa

Na cúigí ar mhuin na muice sa rugbaí ach neamhaird á tabhairt orthu sa bhaile

Jaco Taute. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Deireadh seachtaine gan locht ag na cúigí san Eoraip

An séasúr seo caite, theip ar gach ceann de na trí fhoireann, Cúige Laighean, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh, cáiliú óna ngrúpaí i gCorn na gCuradh sa rugbaí. An uair seo, agus muid leath bealaigh tríd an mbabhta céanna, tá deis mhaith ag na trí cinn acu áit a bhaint amach i gcluiche ceathrú ceannais, rud a d’fhéadfadh Cúige Chonnacht a dhéanamh fós chomh maith, cé gurbh iad an t-aon fhoireann ón tír seo a chaill ag an deireadh seachtaine.

Tar éis dóibh críochnú ag bun a ngrúpa anuraidh, tá Cúige Laighean ar an mbóthar ceart athuair agus bhí bua suntasach as baile acu ar Northampton ar an Aoine. Agus gortú bainte de Joey Carbery luath sa chluiche, bhí ar Ross Byrne, ionadaí an ionadaí, teacht isteach ach níor chuir sin aon mhairg ar na Laighnigh agus bua 27 pointe acu ag an deireadh.

Bhí farasbarr níos mó fós, 38 pointe, ag Cúige Mumhan nuair a rinne siad slad ar Leicester. Bhuaigh na Sasanaigh ar na Muimhnigh faoi dhó an séasúr seo caite ach ba léir ón taispeántas i bPáirc Thuamhan go bhfuil fuinneamh nua ag foireann Rassie Erasmus.

Beidh díomá ar imreoirí Chúige Uladh gur lig siad do Clermont dhá phointe bónais a fháil i gcluiche an tSathairn ach ní tharlaíonn sé go minic go n-éiríonn le foireann cúig úd a scóráil i gcoinne na bhFrancach agus tabharfaidh an méid sin muinín dóibh agus iad ag iarraidh, ar a laghad, críochnú sa dara háit sa ghrúpa

Pictiúr: Donall Farmer
Pictiúr: Donall Farmer

An pobal fós ag tabhairt neamhaird ar na comórtais idirchúige

Imríodh cluichí leathcheannais na gcomórtas idirchúige iomána agus peile ag an deireadh seachtaine agus arís eile, a laghad daoine a d’fhreastail orthu an t-ábhar cainte is mó a bhí i mbaol an phobail. Níos lú ná 200 duine san iomlán a d’fhreastail ar na cluichí san iomáint agus is beag thairis sin a bhí ag na cluichí peile.

Is léir go bhfuil suim fós ag na himreoirí sa chomórtas agus cuid de na himreoirí is mó le rá sa tír ag glacadh páirte iontu, roinnt imreoirí a bhuaigh gradam All-Star i mbliana ina measc. Mar sin féin, thug an pobal neamhaird ar an gcomórtas, cé nach raibh mórán eile ar siúl ag an deireadh seachtaine.

Ní bhíonn aon locht ar na taispeántais a thugtar ach an oiread agus cluichí breátha, oscailte á n-imirt i gcónaí, saor ó na córais chosanta atá tagtha isteach sa pheil agus san iomáint le tamall anuas. Dhá chúl déag agus 129 pointe a scóráladh sna cheithre chluiche ar an Satharn agus an Domhnach.

Is cuma faoi sin uile, áfach, mura ndéantar athrú éigin chun na sluaite a mhealladh. Moltar go minic cluichí ceannais na gclubanna sa pheil agus san iomáint a scaradh óna chéile agus na cluichí ceannais idirchúige a imirt rompu. Ceann de na cúiseanna nach bhfuil sé sin tarlaithe ná go ndeirtear gur iontach an ócáid lá mór na gclubanna i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig ach, ó tá athrú le teacht ar struchtúr an tséasúir le gairid, b’fhéidir gurbh fhiú triail a bhaint as.

Fionnuala McCormack Mandatory Credit ©INPHO/Sasa Pahic Szabo
Fionnuala McCormack. Pictiúr: INPHO/Sasa Pahic Szabo

Na Turcaigh ag teacht sa bhealach ar McCormack arís

Caithfidh go bhfuil Fionnuala McCormack tinn de bheith ag féachaint sa droim ar veisteanna lúthchleasaithe na Tuirce. Ag Craobh Reathaíochta Trastíre na hEorpa san Iodáil inné, chríochnaigh bean Bhaile Átha Cliath sa chúigiú háit. Cé gur theip uirthi cur leis na boinn óir a bhuaigh sí ag craobhacha 2011 agus 2012, bheadh bonn tugtha léi aici inné murach beirt reathaithe, Yasemin Can agus Meryem Akda, a tháinig sa chéad agus sa dara háit agus iad ag rith don Tuirc.

Is é an cor sa scéal ná gur sa Chéinia a rugadh an bheirt agus nach raibh aon bhaint acu leis an Tuirc roimh Mhárta na bliana seo. Ní hamháin gur chríochnaigh siad chun cinn ar McCormack inné ach níos luaithe i mbliana, bhuaigh Can Craobh na hEorpa sa rás 10,000km, rás inar chríochnaigh McCormack sa 4ú háit.

Chomh maith le rás na mban, ba bheirt eile a rugadh sa Chéinia agus a bhí ag rith ar son na Tuirce, Aras Kaya agus Polat Kemboi Arikan, a tháinig sa chéad agus sa dara háit i rás na bhfear.

Mar a luaigh Jerry Kiernan ina chuid anailíse ar RTÉ i ndiaidh an rása inné, ní hí an Tuirc an t-aon tír atá ag tabhairt airgead mór do lúthchleasaithe ón Afraic chun ionadaíocht a dhéanamh orthu. Ní san Eoraip a rugadh seisear den deichniúr is sciobtha i rás na bhfear.

Antonio Conte
Antonio Conte

Deis ag Chelsea ceannas a ghlacadh ar an bPríomhroinn

Ag deireadh mhí Mheán Fómhair, bhí brú ag teacht cheana féin ar bhainisteoir Chelsea, Antonio Conte. Bhí a fhoireann san ochtú háit i bPríomhroinn Shasana, buanna éasca faighte ag Liverpool agus Arsenal orthu agus é ag teip ar Chelsea taispeántais mhaithe a thabhairt uathu. Is mór an t-athrú atá tagtha ar an scéal ó shin.

D’athraigh Conte an córas imeartha a bhí in úsáid ag Chelsea agus d’fhill sé ar an gcóras triúr cosantóirí sa lár a d’oibrigh chomh maith sin dó le Juventus. Agus é sin déanta, níor chaill siad cluiche le trí mhí anuas, agus iad anois ar barr na sraithe agus naoi gcluiche as a chéile buaite acu sa tsraith.

Tá foireann Conte trí phointe chun cinn ar Arsenal atá sa dara háit agus d’fhéadfadh siad cur leis an bhfarasbarr sin i rith na Nollag. Beidh siad ag tabhairt aghaidh ar Sunderland, Crystal Palace, Bournemouth agus Stoke City as seo go dtí an bhliain nua agus ní chuirfeadh sé ionadh ar aon duine dá mbuafadh siad gach ceann de na cluichí sin.

Beidh Nollaig i bhfad níos deacra ag na foirne is gaire do Chelsea. Tabharfaidh Manchester City aghaidh ar Liverpool agus Arsenal as seo go ceann cúpla seachtain. Is cinnte go bhfuil tréimhse chinniúnach romhainn.

Fág freagra ar 'Na cúigí ar mhuin na muice sa rugbaí ach neamhaird á tabhairt orthu sa bhaile'