Na cúigí ag tiargáil do thús an tséasúir nua

Níl ach dhá fhoireann déag ag cur chun páirce ag tús an chomórtais seachas na cheithre fhoireann déag a d’imir ann anuraidh

Na cúigí ag tiargáil do thús an tséasúir nua

Rory O'Loughlin (Cúige Laighean) le Leon Brown agus Adam Warren (Dragons). Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan

Cuirfear tús anocht le séasúr rugbaí 2020/21, mí níos moille ná mar is iondúil.

Chaith na cúigí an mhí seo caite ar fad ag iarraidh críoch mhaith a chur le comórtais an tséasúir seo caite, comórtais a cuireadh ar athló de bharr Covid 19. Go deimhin, i gcás Chorn na gCuradh agus an Chomórtais Sé Náisiún, tá cúpla cluiche a bhaineann leis an séasúr seo caite le himirt fós.

Cé go bhfuil tús á chur le comórtas úr Pro 14, is fiú a mheabhrú freisin nach bhfuil rudaí soiléir maidir le leagan amach an chomórtais seo. Níl ach dhá fhoireann déag ag cur chun páirce ag tús an chomórtais seachas na cheithre fhoireann déag a d’imir ann anuraidh. D’fhág Southern Kings na hAfraice Theas an comórtas cúpla mí ó shin agus tá lucht bainistíochta an Pro 14 fós ag plé rannpháirtíocht fhoirne na tíre sin sa gcomórtas arís. Feicfidh muid linn amach anseo cén toradh a bheas ar an idirbheartaíocht sin.

Anocht, tá foireann Chúige Laighean curaidh an Pro 14,  ag cur tús leis an cosaint na craoibhe don triú séasúr as a chéile agus iad ag cur fáilte roimh na Dragons ón mBreatain Bheag san RDS.   Beidh an staid folamh le linn an chluiche seo mar a bheas do chuile chluiche eile sa gcomórtas sa tír seo go ceann cúpla mí eile ar a laghad.

Ní iontas ar bith é go bhfuil Leo Cullen ag tabhairt scíth do go leor dá chuid imreoirí chéadrogha don choimhlint seo. D’imir leithéidí Cian Healy agus Devon Toner i gcúpla cluiche thar a bheith fisiciúil  le cúpla seachtain anuas.  Beidh siad ar dualgas idirnáisiúnta arís faoi cheann cúpla seachtain eile. Fós féin tá Cullen ag cuir foireann sách laidir chun páirce agus ní dóigh gur baol do sheaimpíní an chomórtais i gcoinne na foirne is laige sa mBreatain Bheag.

Anocht freisin, beidh na hUltaigh ag dul chun páirce i gcoinne Benetton na hIodáile. Tá mise ag súil le sárchoimhlint anseo ach bheadh díomá orm dá dteipfeadh ar na hUltaigh agus iad sa mbaile. Cuimhnigh freisin gur imir Cúige Uladh i gcluiche ceathrú ceannais Chorn na gCuradh coicís ó shin.

Caithfidh Cúige Mumhan taisteal go dtí Parc Y Scarlets amárach le tabhairt faoi na Scarlets. Chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 13 anuraidh ach is i Luimneach a d’imir siad an cluiche sin agus bhí an lá go héasca (29-10) le foireann an bhaile. Beidh le feiceáil cén tionchar a bheas ag buntáiste an bhaile ar an gcluiche seo agus gan aon slua i láthair. Más faoi na Muimhnigh cur lena gcáil, agus tá an dea-cháil a bhí orthu ag sleamhnú uathu le cúpla séasúr anois, caithfidh siad ceithre nó cúig phointe a shlánú sna cluichí seo a bhíonn á n-imirt as baile.

Má tá an t-ádh ar na Connachtaigh gurb ar an mBóthar Beag atá siad ag cur tús amárach le comórtas na bliana seo, seans gur mí-ádh é gur i gcoinne Ghlaschú atá siad. D’imir na foirne seo cúig chluiche dhéag i gcomórtas an tséasúir seo caite agus ocht gcluiche atá buaite ag an dá fhoireann. Níor chas na foirne seo ar a chéile anuraidh ach níl tada iad eatarthu seachas buntáiste an bhaile ag na Connachtaigh.

Agus caithfidh foireann na Gaillimhe a chinntiú go mbaineann siad chuile leas as aon bhuntáiste atá ar fáil dóibh an séasúr seo, rud a theip orthu a dhéanamh le cúpla séasúr anois. Má theipeann orthu é sin a dhéanamh i mbliana seans maith go mbeidh siad ar an ngannchuid arís.

Fág freagra ar 'Na cúigí ag tiargáil do thús an tséasúir nua'