Na cúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile…

Táthar ag súil go mór leis na cluichí idirchúige i mBabhta 11 den Pro 14

Na cúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile…

Bíonn suim ollmhór i gcónaí ag lucht leanta rugbaí na tíre seo sna cluichí idirchúige a bhíonn á n-imirt thar thréimhse na Nollag agus na hathbhliana. De bharr na sár-imeartha a chonaic muid ó cheithre chúige agus iad ag fáil an ceann is fearr ar fhoirne as Sasana agus as an bhFrainc le coicís anuas, is cinnte go mbeidh a dhá oiread ag freastal nó ag breathnú ar na cluichí sin a bheas á n-imirt i mBabhta 11 den Pro 14 amárach agus ar an Mháirt, Lá’l Stiofáin.

Ar an mBóthar Beag amárach a bheas an chéad cheann de na dearbaithe seo á n-imirt idir na Connachtaigh agus na hUltaigh . Beidh na mílte de lucht  tacaíochta dílis Chonnacht ag súil go mbeidh a bhfoireann in ann leanacht leis an tsárimirt a chonaic  muid uathu le cúpla seachtain anuas. Chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 6 den chomórtas seo i gcluiche ina raibh buntáiste an bhaile ag na hUltaigh agus an bua (16-6) acu freisin.

Is cinnte gur imir na Connachtaigh go maith sa gcomórtas Eorpach le coicís anuas: dhá bhua as dhá chluiche ach is oth liom a mheabhrú daoibh gur theip orthu (24-10) agus iad as baile i gcoinne Zebre, ceann de na foirne is laige sa gcomórtas. Tá dúshlán ollmhór roimh fhir an Iarthair amárach agus iad ag cur fáilte roimh fhoireann nár chaill ach faoi dhó sa gcomórtas seo.  Mar sin féin níor éirigh le Cúige Uladh ach oiread (32-32) agus iadsan i gcoinne na Dragons, foireann an-lag eile i mBabhta 10. Splanc dhóchais é sin do na Connachtaigh, go háirithe ós rud é nach bhfuil Rory Best, captaen na hÉireann ar fáil do Chúige Uladh.

Lá’l Stiofáin ar Pháirc Thuamhan a bheas an cluiche is mó de dhá dhearbaí na hÉireann á imirt, idir Cúige  Mumhan agus Cúige Laighean. D’imir na foirne seo a chéile i mBabhta 6 freisin agus ar an ócáid sin bhí an lá le Cúige Laighean, foireann an bhaile (23-17). Ach idir sin agus seo tá an-dul chun cinn déanta ag na Muimhnigh, foireann nár chaill cluiche le sé seachtaine anuas. Níl ach dhá chluiche caillte ag na Laighnigh as deich gcinn sa bPro 14 ach is scéal agus dúshlán eile ar fad na Muimhnigh a chloí agus iad ag imirt sa mbaile i Luimneach, go háirithe agus  muid ar fad, a lucht leanta féin san áireamh, breá sásta go bhfuil conarthaí nua  trí bliana sínithe ag Peter O’Mahony agus ag CJ Stander leis an gcúige. Is deacair toradh an chluiche seo a thuar, ach tá mise ag seasamh le fir an bhaile.

Fág freagra ar 'Na cúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile…'