Na cúigí ag súil lena thuilleadh pointí roimh thús chomórtas na Sé Náisiún

Tá Babhta 14 den Pro 14 linn agus go leor imreoirí ar dualgas leis na foirne idirnáisiúnta, rud a fhágfaidh a lorg ar an gcomórtas

Na cúigí ag súil lena thuilleadh pointí roimh thús chomórtas na Sé Náisiún

James Lowe. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is minic liom tagairt a dhéanamh de chomh folláin agus atá an rugbaí gairmiúil sa tír seo agus bhí a fhianaise sin arís againn an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí bua ag na cúigí go léir sna comórtais Eorpacha don dara deireadh seachtaine as a chéile agus áit acu go léir i mbabhtaí ceathrú ceannais na hEorpa, cluichí a bheas á n-imirt ag deireadh mhí an Mhárta. Idir an dá linn, beidh babhta eile den Pro 14 againn an deireadh seachtaine seo sula gcuirfear tús an tseachtain seo chugainn le comórtas na Sé Náisiún.

De bharr na hoibre ullmhúcháin atá á déanamh do chomórtas na Sé Náisiún, ní bheidh fáil ar a gcéad rogha imreoirí ag an gcuid is mó d’fhoirne an Pro 14. Fágann sin go mbeidh buntáiste ar leith ag na foirne nach bhfuil mórán imreoirí idirnáisiúnta acu.

Beidh Cúige Laighean sa mbaile san RDS agus iadsan i gcoinne na Scarlets ón mBreatain Bheag inniu, Dé hAoine. Tá Cúige Laighean ar bharr Ghrúpa B faoi láthair agus cé nach bhfuil na Scarlets ach trí áit taobh thiar díobh, tá bearna ollmhór fiche pointe idir na foirne. Tá seisear déag imreoirí de chuid Chúige Laighean ar an bpainéal idirnáisiúnta agus gan fáil orthu don chluiche seo ach mar sin féin tá mise ag tuar go mbeidh an lá leo de bharr a bhfuil de thaithí anois ag an bpainéal atá curtha i dtoll a chéile ag Leo Cullen.

Inniu freisin a bheas Cúige Uladh ag cur fáilte go Béal Feirste roimh Treviso na hIodáile. Tá na hIodálaigh dhá áit chun cinn ar na hUltaigh faoi láthair agus iad ag imirt go han-mhaith ach beidh siad níos gainne ar imreoirí ná na hUltaigh rud a thugann seans d’fhoireann an bhaile. Is beag a bheas eatarthu.

Amárach, Dé Sathairn, a bheas Cúige Connacht agus Cúige Mumhan ag imirt, agus an dá fhoireann as baile thall sa mBreatain Bheag. Seans gur ag na Muimhnigh a bheas an cluiche is éasca agus iad i gcoinne na nDragons, foireann nár bhuaigh ach ceithre chluiche go dtí seo. Bua eile do na Muimhnigh, fiú agus iad gann go leor ar chuid de na himreoirí is túisce a roghnódh Johann Van Graan dá mbeadh an uile dhuine ar fáil dó.

Ní hionann an cás ag na Connachtaigh é agus iadsan ag tabhairt faoi Caerdydd. Tá na Connachtaigh cúig phointe agus áit amháin chun cinn ar Caerdydd i nGrúpa A ach mar atá fhios againn, is buntáiste mór é a bheith ag imirt sa mbaile sa gcomórtas seo. Má éiríonn leis na Connachtaigh an Satharn beag seo, beidh éacht déanta acu gan aon agó.

Fág freagra ar 'Na cúigí ag súil lena thuilleadh pointí roimh thús chomórtas na Sé Náisiún'