Na Cúigí ag súil le cur lena dtús iontach

Tús maith leath na hoibre ag na cúigí, go háirithe Cúige Laighean nár chaill oiread agus cluiche amháin fós

Na Cúigí ag súil le cur lena dtús iontach

Imreoirí Chúige Chonnacht ag ceiliúradh a mbua i gcoinne na Cheetahs. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tá na cúigí ag imirt i mBabhta 5 den Pro 14 an deireadh seachtaine seo tar éis dóibh fad a láimhe a fháil in uachtar ar an bhfreasúra an deireadh seachtaine seo caite.

Fágann sin gurb iad na Laighnigh (Grúpa A) agus na Connachtaigh (Grúpa B) atá ar bharr a gcuid táblaí. Go deimhin, tá Cúige Uladh sa tríú háit i nGrúpa A agus tá Cúige Mumhan sa dara háit i nGrúpa B agus gan ach cluiche amháin as ceithre cinn caillte ag an dá fhoireann.

Sea, tús iontach leis an séasúr ar fad, i gcás Chúige Laighean go háirithe. Níor chaill an fhoireann seo oiread agus cluiche amháin fós, cé go raibh an t-ádh glan orthu agus iad as baile i gcoinne Zebre i mBabhta 4 i gcluiche nár aimsigh siad ach trí phointe sraithe ann. Ba leor sin mar sin féin.

Ní dóigh go mbeidh mórán stró ar fhir Átha Cliath ceithre nó cúig phointe a chinntiú agus iad ag cur fáilte go dtí an RDS anocht roimh na Dragons. Tá dhá chluiche caillte ag an bhfoireann seo ón mBreatain Bheag. Ábhar mór iontais a bheas ann má éiríonn leo croitheadh a bhaint as na Laighnigh agus iadsan sa mbaile.

Anocht freisin a bheas na hUltaigh in aghaidh Zebre na hIodáile, foireann nár bhuaigh aon chluiche fós an séasúr seo. Ní dóigh liomsa go mbeidh siad in ann an scéal sin a leigheas i mBéal Feirste. Seans go mbeidh na hUltaigh ag súil le bua le ceithre úd anocht.

As baile amárach, sa mBreatain Bheag, a bheas Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan ag tabhairt faoi na hOspreys agus Caerdydd, faoi seach. Tá mise den tuairim gur roimh na Connachtaigh atá an dúshlán is mó an deireadh seachtaine seo.

Tháinig an-fheabhas go deo ar na hOspreys ó thús an tséasúir. Go deimhin féin thug siad a ndóthain le déanamh do na Muimhnigh seachtain ó shin, rud a bheas mar spreagadh agus mar údar dóchais acu agus iad sa mbaile amárach. Níl cúis ar bith ann nach dtabharfadh foireann na Gaillimhe an lá leo, ach cuimhnigh go bhfuil fíor-dhrochthuairisc orthu agus iad ag imirt sa mBreatain Bheag. Caithfidh siad a bheith an-chúramach.

Ní dóigh gur gá do na Muimhnigh a bheith chomh hairdeallach agus iad i gcoinne Caerdydd, foireann nár bhuaigh ach cluiche amháin go dtí seo.

Mar sin féin is acusan atá buntáiste an bhaile. Beidh an bua ag na Muimhnigh cé nach rachainn i mbannaí ar an bpointe bónais.  

Fág freagra ar 'Na Cúigí ag súil le cur lena dtús iontach'