Na cúigí ag dul sa ghleo arís

Cé nach raibh aon easpa rugbaí ar na scáileáin le cúpla seachtain anuas bhí scíth cúig seachtaine againn ón bPro14

Na cúigí ag dul sa ghleo arís

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Nuair a chas na foirne ar a chéile Pro 14 ag tús mhí Eanáir ba iad Cúige Laighean agus Dún Éideann a bhí ar bharr an dá ghrúpa agus na hUltaigh agus na Scarlets sa dara háit.

Is fiú a mheabhrú nár chaill foireann Átha Cliath oiread agus cluiche amháin fós sa gcomórtas seo, ná in aon chomórtas eile go deimhin ó thús an tséasúir. 

Is beag duine a cheapann go gcaillfidh siad an stádas sin an deireadh seachtaine seo agus iad sa mbaile amárach i gcoinne Cheetahs na hAfraice Theas. Tá bearna sé phointe dhéag idir na Cheetahs atá sa tríú háit i nGrúpa A agus na Laighnigh atá ar a bharr.

Caithfidh foireann an bhaile a bheith an-chúramach agus iad ag dul chun páirce agus gan fáil ar mhórán dá gcuid imreoirí céadrogha mar go bhfuil siad fós leis an bpainéal idirnáisiúnta. Mar sin féin, cinntíonn an painéal breá imreoirí ar ardchaighdeán atá ag Leo Cullen gur deacair bua a thuar do na cuairteoirí.

Roimh chluiche na Laighneach cuirfidh na Muimhnigh chun páirce i gCorcaigh anocht agus iad i gcoinne na Southern Kings, ceann de na foirne is laige sa gcomórtas seo agus iadsan ar thóir a ndara bua an séasúr seo. Ní dóigh liomsa ná le haon duine eile go mbeidh ar chumas na Kings é sin a fháil anocht.

Amárach freisin a bheas na hUltaigh agus na Connachtaigh ag cur chun páirce i mBabhta 11. Is sa mbaile sa mBreatain Bheag a bheas Cúige Uladh in iomaíocht leis na hOspreys, foireann atá ar íochtar Ghrúpa A agus naoi bpointe acu. Tá na hUltaigh i bhfad chun cinn orthu agus 36 pointe acu, rud a fhágann gurb iadsan an rogha don chluiche seo. Is deacair easaontú leis sin seachas a rá gur ag na hOspreys atá buntáiste an bhaile.

Mar sin féin ba cheart go mbeadh foireann Bhéal Feirste róláidir dóibh.

Ar an mBóthar Beag a bheas coimhlint an deireadh seachtaine seo, idir Cúige Chonnacht agus Caerdydd, foireann atá díreach taobh thiar d’fhoireann na Gaillimhe i nGrúpa B.

Tá Cúige Chonnacht ar 25 pointe agus Caerdydd ar 24 pointe. Caithfidh na Connachtaigh chuile leas a bhaint as an gcluiche seo atá á imirt sa mbaile acu agus comórtas na Sé Náisiún ar siúl, rud a fhágann nach mbeidh fáil ag go leor foirne ar a gcéad rogha imreoirí.

Níl an oiread sin imreoirí ag na Connachtaigh sa mbád sin, faraor, ach is buntáiste a bheas ansin don chluiche seo amárach.

Má theipeann ar Chúige Chonnacht sa gcluiche seo, ag sleamhnú a bheas siad, rud nach maith le haon fhoireann. Caithfidh siad é sin a sheachaint. 

Bua don fhoireann bhaile ar an mBóthar Beag i mo thuairimse.

Fág freagra ar 'Na cúigí ag dul sa ghleo arís'