Na Cúigí ag dul sa ghleo arís ach tábhacht níos mó le cluichí áirithe ná a chéile

I gCorn an Dúshláin, beidh na Connachtaigh ag taisteal go dtí an Fhrainc agus na hUltaigh ag súil le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh

Guinness PRO12, The Sportsground, Galway 16/5/2015 Connacht vs Ospreys The Connacht team huddle Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
©INPHO/James Crombie

Athimirt den chluiche a d’imir na Muimhnigh i gcoinne Stade Francais i bPáras an deireadh seachtaine seo a chuirfidh tús le cluichí na gCúigí i gCorn na gCuradh ar an Satharn seo. Seans go mbeidh sé fíordheacair ag foireann bhainistíochta na Mumhan mórán dá lucht leanta a mhealladh chomh fada le Páirc Thuamhan tar éis an greadadh a fuair siad ón bhfoireann chéanna seo i bPáras an tseachtain seo caite.

Níl seans cáilithe ag na Muimhnigh anois agus trí chluiche as trí cinn caillte acu sa gcomórtas go dtí seo.  Mar sin féin beidh a lucht tacaíochta – má tá aon duine fanta leo fós – ag súil ar a laghad le hiarracht níos fearr a fheiceáil ón bhfoireann.

Is cuma faoin toradh anois, léargas ar seansprid na Mumhan atá uatha. Meas tú an féidir le Foley agus Andy Farrell splanc a lasadh uair amháin eile?

Ní bheidh an cluiche sin ach thart nuair a thabharfaidh na hUltaigh faoi Saracens ar Pháirc Allianz i Londain. Cé gur cinnte go mbeidh foireann Les Kiss ar a míle dícheall tógáil ar an mbua iontach a bhí acu sa mbaile an Domhnach seo caite i gcoinne Oyonnax, is deacair an toradh céanna a thuar dóibh. Is léir go mbeidh an greadadh 27 – 9 a thug Saracens dóibh sa mbaile i mBéal Feirste ag deireadh mhí na Samhna go mór i gcuimhne na nUltach. Ní mór dóibh an cineál sin greadta a sheachaint arís, agus, lena gceart a thabhairt do na hUltaigh, tháinig an-fheabhas orthu sa gcomórtas seo ón lá sin.

Tá siad sa dara háit ar an tábla faoi láthair agus Toulouse na Fraince cloíte faoi dhó acu.

Má éiríonn leo pointe bónais cailliúna a thabhairt leo as an gcluiche seo, beidh siad go mór san iomaíocht le cáiliú do na babhtaí ceathrú ceannais agus gan ach cluiche amháin, i gcoinne Oyonnax, le n-imirt acu faoi cheann seachtaine: cluiche a bheas á imirt i mBéal Feirste.

Cé nach bhfuil seans na ngrást ag na Laighnigh cáiliú do bhabhtaí ceathrú ceannais an choirn, ní dóigh go mbeidh siad sásta luí síos agus géilleadh d’aon fhreasúra, go háirithe agus iad san RDS. Thug Bath an lá leo, agus trí phointe mar fharasbarr acu, nuair a chas siad ar Chúige Laighean i mBabhta 2 den chomórtas, ach, mar sin féin, creideann go leor go bhfuil na deacrachtaí a bhí á gcrá ó thús an chomórtais curtha de leataobh anois ag na Laighnigh.  Ach an oiread le cluiche na Mumhan, ba cheart go mbeadh sárchoimhlint ann san RDS, cé nach mbeidh de luach saothair ag na foirne dóibh ach údar bróid!

I gCorn an Dúshláin, beidh na Connachtaigh ag taisteal go dtí an Fhrainc le tabhairt faoi Brive. Dhá phointe a scarann an dá fhoireann seo ar an tábla i nGrúpa a hAon, grúpa ina bhfuil na Connachtaigh chun tosaigh ar chách.  Cuimhnigh gur thug na Francaigh dóthain le déanamh do Chúige Chonnacht nuair a chas siad ar a chéile i mBabhta 2 agus go raibh buntáiste an bhaile ag fir an iarthair ar an ócáid sin.  Cé gur chuir na Connachtaigh tús iontach leis an séasúr, agus iad ar bharr an tábla nó gar dó sa dá chomórtas, tá cúig chluiche as na sé cinn deiridh a d’imir siad caillte acu faoin tráth seo. Níl mise cinnte an mbeidh siad in ann an taoide a chasadh sa bhFrainc an Satharn seo. Feicfidh muid linn.

Fág freagra ar 'Na Cúigí ag dul sa ghleo arís ach tábhacht níos mó le cluichí áirithe ná a chéile'