Na Cúigí ag cur chun páirce arís san URC

In ainneoin gur ag imirt sa mbaile a bheas na hUltaigh, beidh dúshlán mór rompu

Na Cúigí ag cur chun páirce arís san URC

Don dara deireadh seachtaine as a chéile is meascán de thorthaí a bhí ag na Cúigí sna comórtais Eorpacha. Bua, faoi mar a bhí súil leis a bhí ag Cúige Laighean (36-10) agus iad sa mbaile, cé gur thóg sé sách fada orthu Racing 92 a chur ó dhoras i Staid Aviva. Bhí bua baile le scór dúbailte (22-11) ag na hUltaigh ar Sale agus iad ag cur na gcos go daingean ar ais fúthu arís.

Ní raibh súil le bua as baile do na Muimhnigh agus iad sa bhFrainc i gcoinne iarchuraidh na hEorpa Toulouse. Mar sin féin, thug siad taispeántas iontach uathu, agus, in ainneoin nár bhuaigh siad,  chinntigh siad go mbeidh siad fós sa gcomórtas seo sa gcéad bhabhta eile.

B’in an sprioc a bhí roimh na trí chúige ag tús an tséasúir, ach is ag Cúige Laighean amháin a bheas buntáiste imirt sa mbaile sa gcéad bhabhta eile. Beidh Cúige Uladh agus Cúige Mumhan ar an mbóthar, na hUltaigh ag taisteal go hÁth Cliath le tabhairt faoi Chúige Laighean agus na Muimhnigh ag dul go dtí an Afraic Theas le himirt i gcoinne na Sharks.

Bhí na Connachtaigh as baile in Newcastle an deireadh seachtaine seo caite. Bhí siad cinnte dá n-áit sa gcéad bhabhta eile de Chorn an Dúshláin fiú sular imríodh an    cluiche.

Mar sin féin, lig foireann na Gaillimhe síos iad féin go dona, chaill siad 21-35. Ciallaíonn an chailliúint sin nach mbeidh sé de bhuntáiste acu imirt ar an mBóthar Beag sa gcéad bhabhta eile den chomórtas seo. Is ar an Iodáil a bheas a dtriall, le himirt i gcoinne Benetton. Cailliúint ollmhór, ní hamháin dá lucht leanúna dílis ach do chuntasóirí an chúige freisin de bharr an méid airgid atá imithe le sruth. Ach sin comhrá do lá eicínt eile!

Cuirfidh na Cúigí chun páirce arís an deireadh seachtaine seo i mBabhta 13 den URC. In ainneoin gur ag imirt sa mbaile a bheas na hUltaigh, beidh dúshlán mór rompu. Tá an fhoireann seo sleamhnaithe go dtí an ceathrú háit ar an tábla, agus iad i gcoinne na Stormers, foireann atá sa dara háit. I gcás an URC seans gur maith an scéal é do na hUltaigh nár éirigh le mórán dá gcéad rogha imreoirí áit a fháil ar an bpainéal idirnáisiúnta atá ag réiteach don chéad bhabhta den Chomórtas Sé Náisiún faoi cheann seachtaine. Is deacair toradh na coimhlinte seo a thuar.

Caithfidh Cúige Uladh an sleamhnú a stopadh. An leor sin mar spreagadh dóibh?

Amárach a chuirfeas na trí chúige eile chun páirce. Cúige Mumhan (7ú háit) san Iodáil i gcoinne Benetton (6ú háit) ach gan eatarthu ach pointe amháin. Chuirfeadh bua as baile go mór le cáil aiséirithe na Mumhan agus lena n-iarracht iad féin a ardú go dtí an ceathrú háit nó níos airde ar an tábla. Mar sin féin, níl tada bog ag baint leis an bhfoireann Iodálach seo, go háirithe agus iad ag imirt sa mbaile. Beidh gá le cúram i measc fhoireann na Mumhan.

Fiú agus an t-uafás imreoirí chéad rogha in easnamh ar Chúige Laighean (barr an tábla), dream nár chaill cluiche in aon chomórtas ó thús an tséasúir seo, ní dóigh go mbeidh mórán stró orthu agus iad san RDS i gcoinne Caerdydd (10ú háit). Ábhar mór iontais agus cainte a bheas ann má theipeann ar fhoireann Leo Cullen.

Caithfidh Cúige Chonnacht (11ú áit) a bheith an-chúramach go deo, fiú agus iad sa mbaile i gcoinne na Lions (12ú háit). Cluiche é seo idir an dá fhoireann is laige sa gcomórtas ón tír seo agus ón Afraic Theas. Tá deis san oíche amárach ag Cúige Chonnacht maithiúnas a fháil óna lucht leanúna de bharr na lag-iarrachta a chonaic muid uathu seachtain ó shin. Deis freisin é an cluiche seo iad féin a chur níos gaire don ochtú háit ar an tábla. Caithfidh siad na deiseanna seo a thapú. Tá an iomarca leithscéalta ag baint le hiarrachtaí na gConnachtach ó thús an tséasúir seo.

Fág freagra ar 'Na Cúigí ag cur chun páirce arís san URC'