Na cúigí ag coinneáil ainm na tíre in airde

Tá cluichí móra á n-imirt ag na cúigí go léir an deireadh seachtaine seo, ag tosú anocht le Cúige Uladh atá ar cuairt ar an ‘Stoop’ agus Harlequins…

Na cúigí ag coinneáil ainm na tíre in airde

Imreoir Chúige Laighean, James Lowe. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

B’fhéidir nach bhfuil cúrsaí rugbaí idirnáisiúnta na tíre seo thar mholadh beirte faoi láthair ach is port eile ar fad é maidir le scéal na bhfoirne cúige.

D’éirigh le trí chúige an lámh in uachtar a fháil ar an bhfreasúra i mBabhta 3 de Chorn na gCuradh, toradh a fhágann go bhfuil Cúige Laighean agus Cúige Uladh ar bharr na dtáblaí i nGrúpaí 1 agus 3. Tá na Muimhnigh sa dara háit i nGrúpa 4, gan iad ach aon phointe amháin taobh thiar de Racing 92, an fhoireann atá ar bharr an tábla.

Níl cás na gConnachtach chomh maith sin, faraor. Tá baol ann go deimhin go bhféadfaidís a bheith i dtrioblóid sa gcomórtas seo, níl ach cluiche amháin as trí cinn buaite acu.

Anocht i Londain a bheas na hUltaigh ag dul chun páirce sa ‘Stoop’ agus iad ag tabhairt faoi Harlequins den dara huair in imeacht seachtaine. Bhí an t-ádh ar fhir Bhéal Feirste an Satharn seo caite in ainneoin iad a bheith ag imirt sa mbaile. Ag brath ar chic éirice John Cooney sa 79ú nóiméad a bhí siad le bua a chinntiú, 25 -24. Seans gur mó spreagadh a bheas sa toradh sin do na ‘Quins’ ó tharla a fhios a bheith acu anois go bhfuil siad gar do chaighdeán imeartha na nUltach, cé gur dóigh go bhfuil a rás sa gcomórtas seo nach mór rite.

Amárach a bheas na trí chúige eile ag imirt. Tá buntáiste an bhaile ag Cúige Laighean agus ag Cúige Chonnacht. 

Níor cheart go mbeadh mórán stró ar fhir Átha Cliath agus iadsan ag imirt i Staid Aviva i gcoinne Northampton, foireann ar aimsigh siad seacht n-úd ina gcoinne seachtain ó shin. Cé gur imir fir Leo Cullen thar barr ar fad, is ábhar imní an gortú glúine a bhain do Sexton. Mar sin féin, níor chuir Ross Byrne, an té a tháinig chun páirce ina áit, cois amú. Sea, bua eile do Chúige Laighean agus iad ag daingniú a ngreim ar bharr Ghrúpa 1.

Cuirfidh foireann Andy Friend fáilte go Gaillimh roimh Gloucester agus iad ag iarraidh an lag-iarracht a chonaic muid uathu i mBabhta 3 a chur de leataobh. Fiú má bhíonn an lá leis na Connachtaigh, rud nach féidir a chur as an áireamh agus iad sa mbaile, beidh gá le bua agus le pointí bónais sa dá chluiche eile atá le n-imirt fós sna réamhbhabhtaí, sin más leo na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach. Cuimhnigh freisin go mbeidh na cluichí idirchúige á n-imirt faoi cheann seachtaine. Beidh cinneadh mór le déanamh ag foireann bainistíochta Chonnacht maidir le roghnú imreoirí. Ní bheidh sé éasca de bharr an líon imreoirí atá ar liosta an dochtúra.

Ach an oiread leis na hUltaigh, foireann a bhuaigh le pointe amháin ar Harlequins, bhí an t-ádh ar na Muimhnigh nár sheol curaidh an comórtais seo a gcéad rogha imreoirí go Luimneach an tseachtain seo caite. Mar sin  féin, d’éirigh le Saracens pointe bónais cailliúna a shlánú, toradh a thugann seans fós dóibh fanacht san iomaíocht sa ngrúpa. Má chuireann Saracens an fhoireann is fearr atá ar fáil acu chun páirce amárach agus iad ag imirt sa mbaile is deacair bua a thuar do na cuairteoirí. Mar sin féin, tá go leor den tuairim nach bhfuil mórán suime ag foireann Londan sa gcomórtas seo i mbliana. Más fíor sin, d’fhéadfadh toradh dearfach de chineál éicint a bheith i ndán do na Muimhnigh, mura mbeadh ann ach pointe bónais cailliúna féin.

Fág freagra ar 'Na cúigí ag coinneáil ainm na tíre in airde'

  • Con Ó Murchúa

    Shafoid amach is amach. Is Éire ainm na tíre. Rugger does not recognise our language or our national anthem.