Deir Met Éireann go bhfuil ualach ceisteanna faighte acu ó dhaoine a chreideann go bhfuil faisnéis oifgiúil na haimsire á bréagnú ag an teocht atá á taispeáint ina gcuid carranna féin.
Dúirt urlabhraí de chuid Met Éireann le Tuairisc.ie go bhfuil go leor leor daoine ag fiosrú leo faoin neamhréir idir a mbíonn á rá ag lucht na haimsire agus an teocht a bhíonn le feiceáil ar dhais an chairr. Dúirt an t-urlabhraí go raibh míniú simplí ar an scéal go mbíonn an teocht ar an dais níos airde ná teocht an aeir.
“Is amhlaidh a thomhaiseann teirmiméadar an chairr teocht an aeir os cionn an chairr agus d’fhéadfadh sin a bheith níos airde ar chúiseanna éagsúla. D’fhéadfadh dromchla an bhóthair nó an carr féin a bheith téite ag radaíocht na gréine.
“Más go mall a bhíonn an carr ag gluaiseacht nó má bhíonn ina stad ar fad bíonn sruth an aeir os a chionn níos lú agus beidh an teocht atá á taispeáint níos airde dá bharr,” a dúirt urlabhraí Met Éireann.
Dúirt an t-urlabhraí gur chóir don té a bhfuil suim acu fáil amach cén teocht is airde in Éirinn cluas a thabhairt do na figiúirí oifigiúla a chuireann siad féin amach gach lá ag 7.15pm.
Fág freagra ar '‘Ná creid an teocht ar dhais an chairr. Níl sé baileach chomh te sin!’ – Met Éireann'