Na cosa tugtha leo ag Gaoth Dobhair agus an Daingean ach údar díomá ag foirne eile Gaeltachta

Tá Gaoth Dobhair anois ag fáil réidh do choimhlint dhian idir iad féin agus Cill Charthaigh i gcluiche leathcheannais i dTír Chonaill ach tháinig deireadh le feachtais craoibhe an Spidéil agus Bhéal Átha an Ghaorthaidh an deireadh seachtaine seo

Na cosa tugtha leo ag Gaoth Dobhair agus an Daingean ach údar díomá ag foirne eile Gaeltachta

Odhrán Mac Niallais. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Dún na nGall

Beidh cluiche ollmhór ann i gcraobh shinsir Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo chugainn nuair a thabharfaidh seaimpíní 2018, Gaoth Dobhair, agus seaimpíní 2017, Cill Charthaigh, aghaidh ar a chéile i mbabhta leathcheannais na craoibhe.

Bhain Gaoth Dobhair áit amach sa chluiche sin tar éis dóibh buachan ar Réalt na Mara Bhun Dobhráin i gcluiche drámatúil.

Bhí cuma na maitheasa ar fhir Mhachaire Gathlán agus iad ocht bpointe chun tosaigh agus ceathrú uaire fágtha, 2-12 in aghaidh 0-10. Is é Odhrán Mac Niallais a d’aimsigh na cúil do Ghaoth Dobhair, an péire ó chiceanna éirice, ach chlis go hiomlán ar fhoireann Mhic Niallais sa cheathrú uaire dheireanach.

Bhí Réalt na Mara fós sé phointe chun deiridh agus an t-am beagnach caite ach d’aimsigh Gary Clancy cúl dóibh ó chic saor agus fuair siad trí phointe as a chéile in am cúitimh chun na foirne a fhágáil ar comhscór, 1-15 in aghaidh 2-12.

Tháinig Gaoth Dobhair chucu féin in am breise áfach. D’aimsigh siad sé phointe as a chéile sa chéad leath den am breise, Éamonn Ó Colm a fuair trí cinn acu sin. Chuaigh Gaoth Dobhair seacht bpointe chun cinn sa dara leath d’am breise agus cé go bhfuair Réalt na Mara cúl eile roimh an deireadh, bhí a ndóthain déanta ag fir na Gaeltachta chun an cluiche a thabhairt leo, 2-20 in aghaidh 2-16.

Tabharfaidh siad a n-aghaidh anois ar Chill Charthaigh tar éis d’fhir Bhaile an Droichid an ceann is fearr a fháil ar na Cealla Beaga Dé Sathairn, 2-14 in aghaidh 0-11. Ba léir luath go maith sa chluiche go raibh Cill Charthaigh rómhaith dá gcomharsana béal dorais. D’aimsigh Andrew McClean an chéad chúl sa chluiche tar éis naoi nóiméad agus nuair a scóráil Patrick McBrearty cúl eile trí nóiméad ina dhiaidh sin, bhí Cill Charthaigh sé phointe chun cinn.

Andrew McClean (Cill Charthaigh) ag imirt i gComórtas Peile na Gaeltachta 2019. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Naoi bpointe a bhí idir na foirne ag leath ama agus cé go ndearna na Cealla Beaga teacht aniar, ní raibh bearna níos lú ná ceithre phointe idir na foirne aon uair sa dara leath. D’aimsigh Cill Charthaigh cúig phointe sa cheathrú uaire dheireanach chun naoi bpointe a fhágáil idir na foirne ar deireadh, 2-14 in aghaidh 0-11.

Is iad Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill a bheidh sa chluiche leathcheannais eile Dé Domhnaigh seo chugainn.

Scóráil Naomh Adhamhnáin cúig chúl agus thug siad greadadh do Bhaile na nGallóglach. Farasbarr 26 pointe a bhí ag foireann Leitir Ceanainn ar deireadh, 5-22 in aghaidh 0-11.

Bhí rás Bhaile na nGallóglach rite luath go maith sa chluiche agus bhí siad ceithre phointe dhéag chun deiridh ag leath ama, 3-12 in aghaidh 0-7. D’aimsigh Eoin McGeehin péire de na cúil sin do Naomh Adhamhnáin sa chéad leath agus fuair sé a thríú ceann i dtreo dheireadh an himeartha.

Imreoidh Naomh Adhamhnáin anois i gcoinne Naomh Conaill, a bhfuil an babhta leathcheannais bainte amach acu den séú bliain as a chéile. Fuair fir na nGleanntach an ceann is fearr ar Ghleann Fhinne inné, 1-14 in aghaidh 0-13.

Bhí Gleann Fhinne trí phointe chun tosaigh luath sa chluiche ach d’aimsigh Charles McGuinness cúl do Naomh Conaill leath bealaigh tríd an gcéad leath agus faoin am go raibh leath ama sroichte acu, bhí Naomh Conaill chun tosaigh, 1-5 in aghaidh 0-6.

Bhí na foirne ar comhscór arís ag tús an dara leath ach bhí taithí Naomh Conaill cinniúnach agus d’aimsigh siad sé phointe as a chéile chun ceannas a ghlacadh ar an gcluiche agus níor éirigh le Gleann Fhinne coinneáil leo.

Ciarraí

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá na babhtaí ceathrú ceannais de chraobh shinsir peile Chiarraí bainte amach ag Daingean Uí Chúis tar éis dóibh teacht slán ó choimhlint chrua i gcoinne Uí Chéirín-Uí Rathaille Dé Sathairn. Farasbarr aon phointe amháin a bhí ag fir an Daingin i bPáirc an Ághasaigh, 2-9 in aghaidh 1-11.

Is beag a bhí idir na foirne tar éis 15 nóiméad agus Ó Céirín-Ó Rathaille 0-3 in aghaidh 0-2 chun tosaigh. D’aimsigh Paul Geaney cúl agus dhá phointe don Daingean roimh leath ama, rud a d’fhág trí phointe chun tosaigh iad ag an mbriseadh, 1-5 in aghaidh 0-5.

Mhéadaigh an Daingean an bhearna idir na foirne ag tús an dara leath agus bhí cuma na maitheasa orthu nuair a d’aimsigh Niall Geaney an dara cúl dóibh chun iad a fhágáil sé phointe chun tosaigh agus 38 nóiméad imeartha, 2-7 in aghaidh 0-7.

Tháinig foireann Thrá Lí ar ais go láidir agus bhí an bhearna laghdaithe faoina leath acu agus 53 nóiméad imeartha. D’aimsigh Cathal Bambury scór tábhachtach don Daingean a chuir ceithre phointe idir na foirne agus cé gur aimsigh Ryan Carroll cúl ó chic éirice d’Ó Céirín-Ó Rathaille, bhí foireann an Daingin fós pointe amháin chun cinn ag an deireadh.

Cé gur chaill Ciarraí Thiar i gcoinne an Léigiúin inné, níl siad as an áireamh sa gcraobh shinsir agus cluiche i mbabhta 3 anois acu i gcoinne Sheamróga Neidín. Bhí an bua tuillte go maith ag an Léigiún i gcluiche an lae inné agus farasbarr cúig phointe acu ar a gcéilí comhraic faoi dheireadh, 2-14 in aghaidh 2-9.

Chlis ar Chiarraí Thiar sa chéad leath agus faoin am go raibh an chéad 30 nóiméad imeartha, bhí siad 2-7 in aghaidh 0-4 chun deiridh. Is iad Jamie O’Sullivan agus Conor Keane a d’aimsigh na cúil don Léigiún agus theip ar Chiarraí Thiar aon scór ón imirt a fháil sa chéad leath sin.

Bhí 11 phointe de bhearna idir na foirne go luath sa dara leath ach nuair a d’aimsigh Brian Ó Beaglaoich cúl do Chiarraí Thiar tar éis 35 nóiméad, thosaigh siad ag teacht ar ais beagán ar bheagán. Cúig phointe a bhí idir na foirne agus deich nóiméad fágtha agus cé go bhfuair Pádraig Óg Ó Sé cúl eile do Chiarraí Thiar in am cúitimh, bhí cúig phointe fós idir na foirne ag deireadh na himeartha.

Corcaigh

Eric Mac Roibeard (Na Dúnaibh) agus Michael Ó Tuama (Béal Átha an Ghaorthaidh). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá rás Bhéal Átha an Ghaorthaidh rite sa phríomhghrád idirmheánach i gCorcaigh tar éis d’fhir na Gaeltachta a gcluiche ceathrú ceannais i gcoinne Éire Óg a chailliúint, 2-16 in aghaidh 1-11.

Ní raibh mórán idir na foirne sa chéad leath. Chuir Béal Átha an Ghaorthaidh tús maith leis an gcluiche agus iad imithe 0-3 in aghaidh 0-1 chun cinn ach d’aimsigh Brian Hurley cúl d’Éire Óg chun iad a fhágáil chun tosaigh. Bhí na foirne ar comhscór arís i dtreo dheireadh an chéad leatha ach d’aimsigh Éire Óg cúl agus pointe in am cúitimh chun iadsan a fhágáil ceithre phointe chun cinn ag leath ama, 2-6 in aghaidh 0-8.

D’aimsigh Éire Óg cúig phointe as a chéile ansin sa dara leath rud a d’fhág ceannas iomlán acu ar chúrsaí agus cé gur aimsigh Ben Seartan cúl do Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus cúig nóiméad fágtha, bhí an iomarca fós le déanamh acu.

Gaillimh

Cillín Ó hEochaidh ag imirt don Spidéal. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Údar díomá a bhí ag imreoirí an Spidéil i Staid an Phiarsaigh don dara deireadh seachtaine as a chéile. Seachtain tar éis d’fhoireann peile an chumainn an chraobh shinsir a fhágáil, chinn ar fhoireann iomána an Spidéil áit a bhaint amach sa chraobh idirmheánach nuair a fuair Eanach Dhúin an ceann is fearr orthu, 2-17 in aghaidh 1-15.

Ba iad an Spidéal an fhoireann ab fhearr sa chéad leath. D’aimsigh Cillín Ó hEochaidh cúl dóibh tar éis 11 nóiméad agus bhí siad cúig phointe chun tosaigh ag tráth amháin. Trí phointe a bhí idir na foirne ag leath ama ach bhí Eanach Dhúin ar ais ar comhscór i dtús an dara leath nuair a scóráil Matthias Coleman cúl dóibh. Bhí na foirne gob ar ghob as sin go deireadh ach d’aimsigh Eanach Dhúin cúl agus dhá phointe in am cúitimh chun an cluiche a thabhairt leo.

Fág freagra ar 'Na cosa tugtha leo ag Gaoth Dobhair agus an Daingean ach údar díomá ag foirne eile Gaeltachta'