Na cosa tugtha léi arís ag May ach gan aon mhaolú ar an éiginnteacht

325 feisire a vótáil i gcoinne an rúin mímhuiníne i Rialtas na Breataine anocht agus 306 a bhí ar a shon

Na cosa tugtha léi arís ag May ach gan aon mhaolú ar an éiginnteacht

Thug Príomh-Aire na Breataine Theresa May na cosa léi arís tráthnóna nuair a vótáil móramh i bparlaimint Westminster i gcoinne rún mímhuiníne ina rialtas.

325 feisire a vótáil i gcoinne an rúin agus 306 a bhí ar a shon, toradh a fhágann gur dócha go gcuirfidh May tús anois le hiarracht eile teacht ar chomhréiteach maidir leis an mBreatimeacht.

Ciallaíonn an toradh nach mbeidh aon olltoghchán ann, agus cé gur údar beag faoisimh do May é is ar éigean go ndéanfaidh sé an éiginnteacht mhór faoi chúrsaí Breatimeachta a mhaolú.

Mar a bhíothas ag tuar thacaigh na Breatimeachtóirí is diongbháilte ina páirtí féin agus feisirí an DUP le rialtas May.

Níorbh léir tráthnóna áfach cén cineál iarrachta a dhéanfaí anois réiteach a fháil ar sháinn an Bhreatimeachta.

Dúirt May go gcuirfidh sí tús anocht le cainteanna le ceannairí gach páirtí agus le feisirí ó gach taobh den speictream polaitiúil chun iarracht a dhéanamh teacht as an tsáinn.

Ní léir, áfach, go bhfuil sé i gceist aici aon ní a ghéilleadh i dtaobh na gceisteanna atá á lua le fada aici mar bhunphrionsabail, is é sin go bhfágfar an margadh aonair agus an t-aontas custam agus nach mbeifear faoi smacht Chúirt Bhreithiúnais an AE a thuilleadh. 

Tá feisirí Pháirtí an Lucht Oibre den tuairim go bhféadfaí fuascailt na faidhbe a fháil dá gceadófaí go bhfanfadh an Bhreatain san aontas custam, ach polasaí trádála neamhspleách a theastaíonn ó May i gcónaí.

Is deacair a rá mar sin cá bhfuil síol an chomhréitigh agus gan móramh sa pharlaimint d’aon cheann de na moltaí fuascailte is mó atá á lua.

Is cinnte, áfach, gurb é dearcadh an AE i gcónaí gur faoin mBreatain féin atá sé cinneadh a dhéanamh faoin gcéad chéim eile.

Dúirt Margaritis Schinas, urlabhraí an Choimisiúin Eorpaigh tráthnóna gur le Londain ‘an imirt anois’. 

“Níl tada eile gur féidir linne a dhéanamh anseo ag an bpointe seo. An rud is tábhachtaí anois ag an bpointe seo ná go mbeadh a fhios againn cad atá beartaithe ag an Ríocht Aontaithe, agus sin rud nach bhfuil a fhios againn,” arsa urlabhraí an Choimisiúin.

Maidir leis na roghanna atá ag an mBreatain, leag Coiste Breatimeachta Theach na dTeachtaí síos ceithre cinn acu inniu, roghanna a chreideann siad gur cheart iad a chur faoi bhráid na parlaiminte. Is iad na roghanna sin:

1. Go mbeadh vóta eile ann faoi mhargadh imeachta Theresa May, an margadh ar dhiúltaigh móramh ollmhór sa pharlaimint aréir dó.

2. Go bhfágfaí an tAE ar an 29 Márta gan aon mhargadh a bheith déanta maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe amach anseo agus gan aon tréimhse eatramhach 

3. Go n-iarrfaí ar an Rialtas iarracht a dhéanamh dul i mbun idirbheartaíochta arís faoin margadh imeachta ar mhaithe le sprioc áirithe a bhaint amach. Is iad na spriocanna a luaitear ná: a) go n-iarrfaí go ndéanfaí leasuithe ar an gcúlstop; b) go lorgófaí socrú amhail an tsocraithe atá ag Ceanada leis an AE; c) go n-iarrfaí cead ballraíochta san EEA agus go bhfanfaí san aontas custam 

4. Go mbeadh reifreann eile ann.

Fág freagra ar 'Na cosa tugtha léi arís ag May ach gan aon mhaolú ar an éiginnteacht'