Na cosa tugtha léi ag Coimisinéir Teanga New-Brunswick agus tacaíocht an fhreasúra aici

Bhí d’Entremont sáinnithe i gconspóid le cúpla seachtain anuas a bhain le cás ina raibh sí féin mar ‘clamhsánaí’ ann

image

Tá na cosa tugtha léi ag Katherine d’Entremont, Coimisinéir Teanga New-Brunswick i gCeanada, a bhí faoi bhrú éirí as a post le cúpla seachtain anuas.

Bhí d’Entremont sáinnithe i gconspóid le cúpla seachtain anuas a bhain le cás ina raibh sí féin mar ‘clamhsánaí’ ann.

Ach tá tacaíocht an fhreasúra, na Progressive Conservatives, anois ag an gCoimisinéir i ndiaidh di ceisteanna a fhreagairt ag cruinniú de choiste tionóil.

Bhí an Coimisinéir faoi léigear mar nár thug sí le fios go soiléir gurbh í féin an ‘clamhsánaí’ i bhfiosrúchán a bhain le seirbhísí slándála an Chancery Place, ceannáras an rialtais.

Chuir d’Entremont féin tús leis an bhfiosrúchán conspóideach nuair nach raibh ar chumas doirseora i gceannáras Rialtas an Chúige freastal uirthi i bhFraincis.

Ina dhiaidh sin, rinneadh ciorrú ar uaireanta oibre Wayne Grant, an doirseoir nach raibh in ann freastal ar an gCoimisinéir i bhFraincis.

Dhein cúig cinn de pháirtithe polaitíochta i New-Brunswick cáineadh láidir ar chur chuige d’Entremont i gcás Grant.

D’éiligh ceannaire an pháirtí polaitíochta People’s Alliance, Kris Austin, go mbrisfí as a post an Coimisinéir agus go ndéanfaí Acht na dTeangacha Oifigiúla (Ceanada) a leasú.

Agus í á ceistiú ar feadh uair an chloig ag polaiteoirí, dheimhnigh d’Entremont nár dhein sí aon mholadh mar chuid den fhiosrúchán.

Dúirt sí go raibh dulagas uirthi an scéal a fhiosrú an chéad lá toisc go raibh fiosruithe curtha ar bun cheana ag a hOifig i dtaobh na seirbhísí slándála agus gan aon fheabhas tagtha ar chúrsaí.

Fág freagra ar 'Na cosa tugtha léi ag Coimisinéir Teanga New-Brunswick agus tacaíocht an fhreasúra aici'