Na contaetha is fearr sa tír ó thaobh labhairt na Gaeilge…

Is i Muineachán agus Baile Átha Cliath atá na céatadáin is airde de chainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais nuair a chuirtear na contaetha Gaeltachta as an áireamh

Na contaetha is fearr sa tír ó thaobh labhairt na Gaeilge…

Tá Muineacháin ar cheann de na contaetha is fearr sa tír ó thaobh céatadán an phobail atá ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.

Ní haon ionadh gurb iad na contaetha ina bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu – Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, Port Láirge agus Corcaigh – na contaetha ina bhfuil an céatadán is mó de chainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais de réir torthaí Daonáirimh 2022, ach údar suime go bhfuil Muineachán chomh hard i measc na gcontaetha eile.

De réir na bhfigiúirí a chuir an Phríomhoifig Staidrimh ar fáil an tseachtain seo, bhí 724 cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i Muineachán in 2022, ardú 5% ar an méid a bhí sa chontae in 2016. Fágann sin go raibh 1.1% den 65,288 duine a bhí ina gcónaí i Muineachán in Aibreán 2022 ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.

Bhí an 1.1% sin ar comhchéim leis an gcéatadán den daonra i mBaile Átha Cliath a bhí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, an contae ina raibh an céatadán is mó de chainteoirí laethúla lasmuigh de na contaetha Gaeltachta.

Mar fhreagra ar an gceist nua a bhí i nDaonáireamh 2022 maidir le líofacht na Gaeilge, dúirt 12% de dhaonra Muineacháin go raibh Gaeilge an-mhaith acu, céatadán níos airde ná in aon chontae eile seachas i gcontae na Gaillimhe (20.3%), Dún na nGall (19.7%) agus Ciarraí (12.3%).

16,440 cainteoir laethúil Gaeilge a bhí i mBaile Átha Cliath ar fad ach bhí briseadh síos tugtha freisin ar an gcontae de réir ceantair chomhairle.

Is i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin a bhí an céatadán is mó cainteoirí laethúla Gaeilge – 1.5% – as na ceithre cheantar comhairle i mBaile Átha Cliath. D’fhág an t-iomlán sin go raibh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin níos airde ná mar a bhí i gCorcaigh, i Maigh Eo, i bPort Láirge nó i gcontae na Mí.

Bhí An Clár, Cill Dara agus Cill Mhantáin ar na contaetha eile ina raibh ar a laghad 1% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, de réir Dhaonáireamh 2022.

An Cabhán an contae ba mheasa ó thaobh an líon den phobal a bhí ina gcainteoirí laethúla. Níor thug ach 479 den 81,704 a bhí ina gcónaí sa chontae le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá, is ionann sin agus 0.6%. Ní dúirt ach 6.5% de dhaonra an Chabháin go raibh Gaeilge an-mhaith acu, an céatadán is ísle sa stát.

Bhí 0.6% i gceist leis An Longfort chomh maith, in ainneoin gur tháinig méadú 13% ar líon na gcainteoirí laethúla sa chontae idir 2016-2022, ó 257 go dtí 291 duine.

Bhí An Iarmhí, Loch Garman, Uíbh Fhailí, Laois agus Ros Comáin i measc na gcontaetha eile ina raibh níos lú ná 0.75% den daonra sa chontae ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.

Contaetha Gaeltachta

2022 Daonra Cainteoirí Laethúla % den Daonra atá ina gCainteoirí Laethúla Cainteoirí Seachtainiúla % den Daonra atá ina gCainteoirí Laethúla nó Seachtainiúla
Gaillimh* 277737 13507 4.86% 10,785 9%
*Contae na Gaillimhe 193323 11335 5.86% 6252 9%
*Cathair na Gaillimhe 84414 2172 2.57% 2930 6%
Dún na nGall 167084 7750 4.64% 4533 7%
Ciarraí 156458 3763 2.41% 4302 5%
Maigh Eo 137970 2049 1.49% 3831 4%
Port Láirge 127363 1800 1.41% 2865 4%
Corcaigh 584156 6906 1.18% 14424 4%
An Mhí 220826 2594 1.17% 4725 3%

Baile Átha Cliath

2022 Daonra Cainteoirí
Laeuthúla
% den Daonra atá ina gCainteoirí Laethúla Cainteoirí
Seachtainiúla
% den Daonra atá ina gCainteoirí Laethúla nó Seachtainiúla
Baile Átha Cliath* 1458154 16440 1.13% 29624 3%
*Dún Laoghaire-Ráth an Dúin 233860 3528 1.51% 6274 4%
*Baile Átha Cliath Theas 301075 3506 1.16% 5950 3%
*Cathair Bhaile Átha Cliath 592713 6054 1.02% 10736 3%
*Fine Gall 330506 3352 1.01% 6664 3%

Contaetha Eile

2022 Daonra Cainteoirí   Laethúla % den Daonra atá ina gCainteoirí Laethúla Cainteoirí
Seachtainiúla
% den Daonra atá ina gCainteoirí Laethúla nó Seachtainiúla
Muineachán 65288 724 1.11% 1358 3%
An Clár 127938 1415 1.11% 3142 4%
Cill Dara 247774 2699 1.09% 5857 3%
Cill Mhantáin 155851 1580 1.01% 3216 3%
Luimneach 209536 1853 0.88% 4319 3%
Cill Chainnigh 104160 919 0.88% 2314 3%
Liatroim 35199 309 0.88% 788 3%
Sligeach 70198 578 0.82% 1488 3%
139703 1048 0.75% 2576 3%
Tiobraid Árann 167895 1258 0.75% 3540 3%
Ceatharlach 61968 464 0.75% 1179 3%
Ros Comáin 70259 523 0.74% 1455 3%
Laois 91877 678 0.74% 1933 3%
Uíbh Fhailí 83150 586 0.70% 1536 3%
Loch Garman 163919 1123 0.69% 2895 2%
An Iarmhí 96221 632 0.66% 1786 3%
An Longfort 46751 291 0.62% 782 2%
An Cabhán 81704 479 0.59% 1415 2%

 

Fág freagra ar 'Na contaetha is fearr sa tír ó thaobh labhairt na Gaeilge…'

  • Mícheál Ó Máirtín

    Caithfidh mé a rá gur cúis díomá dom nach bhfuil níos mó cainteoirí laethúla sna contaetha le Gaelscoileanna iontu

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Scannalach go bhfuil an laghad sin cainteoirí gaeilge sa tír! Ba cheart go mbeadh tearmann gaeilge nó limistéir gaeltachta ag ACHAN contae faoin am seo agus muid 100 bliain ó bunaíodh an stáit.
    Cúis iontais é nach bhfuil i bhfad níos mó cainteoirí gaeilge fá Bhaile Átha Cliath! An contae leis an phríomhchathair agus an dlúthas daonra is mó sa stáit.

  • Aodán Mac Séafraidh

    Dochreidte nach bhfuil ach an Saorstát sa tuairisc seo…ach intuartha! (Tá na figiúirí ann)

  • Donnchadh Ó Seaghdha

    Níl an leanúnachas ann i ndiaidh na nGael-scolaíocht dara leibhéal. Cár imigh na sluaite a d’fhoghlaim an Ghaeilge sna Gaelscoileanna agus corr-bhunscoil le daichead bhliain anuas
    Ní raibh seans níos fearr leis an nGaeilge a fhoghlaim le RnaG , TG4 agus an idirlion srl sa lá atá inniu ann