Na Connachtaigh ar an mbóthar arís agus bua ag teastáil go géar uathu

Seans gur áit sna cluichí cáilithe atá i ndán do Chúige Chonnacht agus Babhta 19 den PRO 12 á imirt ag na cúigí an deireadh seachtaine seo

Na Connachtaigh ar an mbóthar arís agus bua ag teastáil go géar uathu

Ar an mbóthar atá na Connachtaigh arís tráthnóna agus iad in ísle brí tar éis do Zebre, an fhoireann is measa i gcomórtas an Pro 12, an ceann is fearr a fháil orthu an Satharn seo caite. Is cinnte go bhfuil aiféala ar Pat Lam gur thug sé scíth do chúpla imreoir don chluiche sin agus é ag ceapadh go mbeadh a fhoireann dara rogha in ann ag Zebre, foireann nár buaigh ach cluiche amháin eile go dtí an Satharn seo caite.

Anois agus bearna 11 pointe idir iad féin agus Glaschú, an fhoireann atá sa séú háit ar an tábla, tá ar Chúige Chonnacht dul go hAlbain le tabhairt faoi Dhún Éideann, foireann atá sa naoú háit ar an tábla. Tá a fhios ag Lam gurb iad freasúra na hoíche anocht an fhoireann is laige atá fós le himirt acu sa gcomórtas agus má theipeann orthu bua le pointe bónais a aimsiú go mbeidh deireadh lena seans ar an séú háit órga sin. Go deimhin, fiú má bhíonn an lá leo sa gcluiche seo, is mór an dúshlán atá roimh na Connachtaigh, agus cluichí i gcoinne Ghlaschú, Chúige Laighean agus Chúige Mumhan fós le n-imirt acu.

Seans gur áit sna cluichí cáilithe a imríonn na foirne a bhíonn sa seachtú háit sa bPro 12, sa bPremiership (i Sasana) agus sa Top 14 (sa bhFrainc) atá i ndán dóibh.

Bíonn áit i gCorn na gCuradh ar fáil ag an bhfoireann a mbíonn an bua acu sa tsraith cluichí sin.

Ar an Satharn a bheas na hUltaigh, dream atá sa gceathrú háit ag imirt sa mbaile i gcoinne Caerdydd (atá san ochtú háit). Is deacair bua do na cuairteoirí a thuar sa gcluiche seo mar go mbeidh na hUltaigh ag iarraidh chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile, agus iad ag iarraidh fanacht sa gceathrú háit, go háirithe agus cluiche as baile i gcoinne Ospreys agus Chúige Mumhan fós le n-imirt acu.

Seans gur roimh chúigí Laighean agus na Mumhan, atá sa gcéad agus sa dara háit ar an tábla, atá an dúshlán is mó an deireadh seachtaine seo, As baile a bheas foireann Átha Cliath agus iad i gcoinne na foirne is fearr sa mBreatain Bheag, na hOspreys (atá sa tríú háit).

Beidh sárchluiche sa gcoimhlint seo agus fios ag na Breatnaigh go mbeidh Leo Cullen ag iarraidh bainistiú a dhéanamh ar a chuid imreoirí agus leathshúil acu ar chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh a bheas á imirt ag deireadh na míosa. Tá deis iontach dá bharr ag na hOspreys an ceann is fearr a fháil ar iarchuraidh an Pro 12.

Is ionann an cás ag na Muimhnigh é seachas go bhfuil de bhuntáiste acu a bheith ag imirt sa mbaile (i gCorcaigh). Beidh siadsan ag tabhairt faoi Ghlaschú, foireann atá sa séú háit agus iad beagnach cinnte de go mbeidh siad i gCorn na gCuradh arís an chéad séasúr eile, in ainneoin gur chaill siad sna cluichí ceathrú ceannais an Domhnach seo caite.

Idir an dá linn, beidh na Muimhnigh ag iarraidh bua a chinnteoidh go mbeidh siad fós sa dara háit agus ag imirt sa mbaile i gcluiche leathcheannais an chomórtais. Ag an am céanna caithfidh fir an bhaile a bheith an-airdeallach ar fad. Ní mór dóibh scíth a thabhairt do chúpla imreoir a bheas ag teastáil uathu i gcluiche leathcheannais Chorn na gCuradh faoi cheann coicíse.

Fág freagra ar 'Na Connachtaigh ar an mbóthar arís agus bua ag teastáil go géar uathu'