Na Connachtaigh ag seasamh an fhóid san Eoraip, Leicester fós ag treabhadh leo agus na scéalta móra spóirt eile ón deireadh seachtaine

Is iad Cúige Chonnacht a dhéanfaidh ionadaíocht d’Éirinn san Eoraip; fadhbanna ag Cúige Laighean agus Joe Schmidt de bharr gortaithe; buntáiste na gcomórtas réamhshéasúir; agus athrú stíle ag cabhrú le Leicester

JP Cooney takes to the field 19/10/2014Cúige Chonnacht an t-aon údar dóchais do na hÉireannaigh san Eoraip

Den chéad uair ó 1998, ní bheidh foireann ar bith ón tír seo ag glacadh páirt i gcluichí ceathrú ceannais chraobh rugbaí na hEorpa tar éis do Chúige Uladh cailleadh amach ar áit sa bhabhta sin in ainneoin a bhua ar Oyannax.

go raibh bua ollmhór, 56-3, acu in aghaidh na bhFrancach ar an Satharn, níorbh fhiú tada é nuair a bhuaigh Northampton agus Stade Francais a gcluichí siúd, buanna a d’fhág an dá fhoireann pointe amháin chun tosaigh ar na hUltaigh. Cé gur bhuaigh Cúige Mumhan ar Treviso, bhí siad curtha as áireamh cheanna féin agus léiríodh an athuair deacrachtaí na Laighneach sa chomórtas i mbliana nuair a chaill siad 51-10 in aghaidh Wasps ar an Satharn.

Ciallaíonn sé seo uile gurb iad Cúige Chonnacht an t-aon fhoireann ón tír seo atá fós san iomaíocht san Eoraip tar éis d’fhoireann Pat Lam an bua a fháil ar na Rúisigh, Enisei-STM, Dé Sathairn. Bhí 42 pointe le spáráil ag na Connachtaigh, 47-5, agus nuair a bhuaigh Newcastle ar Brive an oíche chéanna bhí a ngrúpa buaite ag na Connachtaigh. Mar thoradh air sin, tabharfaidh siad aghaidh ar Grenoble na Fraince dá gcluiche ceathrú ceannais i gCorn an Dúshláin.

Tá mé cinnte go mbainfidh Joe Schmidt leas as cluiche i gcoinne freasúra réasúnta lag le deis a thabhairt don chuid eile den phainéal cleachtadh a fháil ar imirt ar ardán domhanda, go háirithe roimh an dá chluiche crua i gcoinne na hIodáile agus na Fraince, cluichí atá fós le n-imirt. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Gortuithe ag teacht ag an am mícheart do Joe Schmidt

Mar bharr ar an donas do Chúige Laighean, baineadh gortaithe de bheirt imreoirí dá gcuid a raibh súil acu a bheith ag imirt d’Éirinn sa Chraobh Sé Náisiún in aghaidh na Breataine Bige.

Baineadh gortú cloiginn do Johnny Sexton sa chéad leath in aghaidh Wasps agus bhí air an imirt a fhágáil dá bharr. Cé go ndúirt na Laighnigh ar dtús gur theip ar Sexton sa mheasúnú ghortú cloiginn a rinneadh air, dúirt Leo Cullen inniu gur phasáil an leathchúlaí sa scrúdú sin agus nár chuir siad ar ais san imirt é ar eagla na heagla.

mbeadh gortú cloiginn ag cur as do Sexton, bheadh sé i mbaol cailleadh amach ar an gcéad chluiche i gCraobh na Sé Náisiún, a imreofar faoi cheann coicíse. Dar ndóigh, ní seo an chéad uair a bhain gortú cloiginn de Sexton – chaill sé amach ar an gcéad chluiche sa Chraobh Sé Náisiún anuraidh nuair a bhí an gortú céanna ag cur as dó.

Fear eile a chaillfidh amach cinnte ar an gcomórtas ná Marty Moore, a tharraing teannán na hioscaide sa chluiche céanna. Is buille ollmhór atá ann do Joe Schmidt, go háirithe agus Moore le teacht isteach in áit Mike Ross, fear eile atá gortaithe agus a chaillfidh an chéad chluiche. Fágann sé sin go mbeidh Nathan White agus Tadhg Furlong san iomaíocht d’ionad ar an bhfoireann mar fhrapa ar dheis.

Adrian Varley (Gaillimh) ag éalú ó Conor McGill (An Mhí) sa chéad leath den chluiche i bPáirc an Phiarsaigh. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy
Adrian Varley (Gaillimh) ag éalú ó Conor McGill (An Mhí) sa chéad leath den chluiche i bPáirc an Phiarsaigh. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy

Rath ar ullmhúchán do Ghaillimh, An Mhí agus Tír Eoghain

nach mbeidh mórán daoine ag ceiliúradh na mbuanna seo ag deireadh na bliana, tá leas bainte ag an nGaillimh, An Mhí agus Tír Eoghain as na comórtais réamhshéasúir agus na trí chontae ag ag súil le hardú céime a fháil ó Roinn 2 an t-earrach seo.

Agus an bhearna ag dul i méad idir grúpa beag d’fhoirne buacacha agus an chuid eile den tír, tá thar a bheith tábhachtach do chontaetha cluichí a imirt in aghaidh foirne atá ar ardchaighdeán. Mar sin, is í an phríomhaidhm a bhíonn ag na foirne i Roinn 2 ná ardú céime a bhaint amach chomh luath agus is féidir.

Breathnaíonn sé nach mbeidh mórán idir na foirne i Roinn 2 i mbliana agus tá obair mhaith déanta ag na foirne seo cheanna féin. Cé nach bhfuil an tSraith FBD, Corn Mhic Cionnaith nó Corn Uí Bhroin chomh tábhachtach sin, tabharfaidh na buanna spreagadh d’fhoirne Kevin Walsh, Mickey Harte agus Mick O’Dowd agus feachtas crua rompu i Roinn 2.

Bainisteoir Leicester, Claudio Ranieri. INPHO/Getty Images
Bainisteoir Leicester, Claudio Ranieri. INPHO/Getty Images

An bhfuil sé in am againn muinín a bheith againn i Leicester?

go bhfuil Leicester ar bharr tábla na Príomhroinne, nó gar go maith dó, ó tús an tséasúir, tá gach duine fós ag fanacht ar an lá go dtitfidh an tóin astu ar fad. Nuair a tháinig deireadh le gaiscí scórála Jamie Vardy ag tús na míosa seo caite, bhreathnaigh sé go mbeadh foireann Claudio Ranieri san fhaopach, ach neadaithe ar bharr na Príomhroinne atá siad i gcónaí.

An chúis is mó gurb amhlaidh atá ná an t-athrú stíle atá curtha i bhfeidhm ag a mbainisteoir agus, go háirithe, an sárchosaint atá déanta acu le roinnt cluichí anuas. Níl ach sé chúl ligthe isteach acu ó lár mhí na Samhna agus cé nach bhfuil Vardy nó Riyad Mahrez ag imirt chomh maith is a bhí cúpla mí ó shin, is beag cluiche a chaillfidh siad fad is atá éacht á dhéanamh ag na cosantóirí.

An deireadh seachtaine seo caite, bhuaigh siad 3-0 ar Stoke, foireann atá ag imirt thar barr iad féin i mbliana. D’aimsigh Vardy a chéad chúl le sé chluiche anuas. Tá bearna trí phointe anois idir Leicester agus Manchester City agus Arsenal, atá sa dara háit, agus má thosaíonn Vardy ag scóráil go rialta arís, fanfaidh Leicester ar bharr an tábla ar feadh tamaill eile ar a laghad.

Fág freagra ar 'Na Connachtaigh ag seasamh an fhóid san Eoraip, Leicester fós ag treabhadh leo agus na scéalta móra spóirt eile ón deireadh seachtaine'