Na Connachtaigh ag dul i gcleachtadh ar bharr an tábla

Cé go bhfuil Caerdydd i bhfad taobh thiar de Chúige Chonnacht ar an tábla, iad sa 10ú háit agus gan ach cluiche amháin buaite acu ó thús an chomórtais, ní mór do na cuairteoirí a bheith an-chúramach

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

As baile atá na Connachtaigh an Aoine seo don dara deireadh seachtaine as a chéile, iad thall sa mBreatain Bheag ag tabhairt faoi Chaerdydd. Níl aon dabht faoi ach go mbeidh fir na Gaillimhe ar thóir toradh mar a fuair siad i Luimneach, áit ar fhág a mbua stairiúil ar bharr thábla an Pro 12 iad, rud nach bhfuil mórán cleachtaidh acu air.

Ní hamháin sin, ach beidh Pat Lam ag iarraidh an churiarracht iontach, seacht mbua as ocht gcluiche sa bPro 12, a chosaint agus ag an am céanna scíth a thabhairt d’imreoirí sinsearacha roimh bhabhta a trí de Chorn an Dúshláin faoi cheann seachtaine. Ní bhíonn an bainistiú painéil seo éasca ar chor ar bith, ach is léir go bhfuil sé sin faoi smacht ag Lam, go dtí seo ar aon chaoi.

Cé go bhfuil Caerdydd i bhfad taobh thiar de Chúige Chonnacht ar an tábla, iad sa 10ú háit agus gan ach cluiche amháin buaite acu ó thús an chomórtais, ní mór do na cuairteoirí a bheith an-chúramach.  Ní maith leis na Breathnaigh ariamh go mbuailfí sa mbaile iad gan trácht ar an masla a bheadh ag baint le foireann ar nós Chonnacht, foireann atá ar bheagán cáil sa gcomórtas, a bheith ag fáil an ceann is fearr orthu.

Filleann na hUltaigh ar Bhéal Feirste an Aoine seo freisin, díoltas de bharr bua na Laighneach an Aoine seo caite ar intinn acu. Tá Dún Éideann sa séú háit ar an tábla, áit amháin an cinn ar na hUltaigh. Mar sin féin, is cinnte go mbeidh sé deacair ag na cuairteoirí an ceann is fearr a fháil ar Chúige Uladh, go háirid agus iad sa mbaile agus freisin mar go mbeidh leathshúil acu ar Chorn na gCuradh nuair a bheas siad ag tabhairt faoi Toulouse i gceann seachtaine. Caithfidh Cúige Uladh na deacrachtaí a tháinig chun solais i gcoinne Chúige Laighean Dé hAoine a chur ina gceart agus níl acu ach an cluiche seo leis sin a dhéanamh.

Seans gur i thall i nGlaschú ar an Satharn a bheas an cluiche is fearr i measc chluichí na deireadh seachtaine seo. Beidh Glaschú, foireann an bhaile agus curaidh an comórtais faoi láthair, foireann atá sa 5ú háit ar an tábla ag tabhairt faoi Chúige Laighean atá sa ceathrú háit. Cuirfidh réiteach an dá fhoireann do Chorn na gCuradh go mór leis an teannas a bhaineann leis an gcluiche seo. Tabharfaidh Cúige Laighean faoi Toulon agus Glaschú faoi na Scarlets, cé gur deacair bua do cheachtar foireann a thuar sna cluichí sin, is cinnte nach mbeidh seans na ngrást acu mura gcuirfidh siad snas ar an imirt an Satharn seo.

Beidh brú damanta ar na Muimhnigh tar éis cailleadh i gcoinne Chúige Chonnacht i mbabhta a hocht. Má theipeann orthu ar an Domhnach agus iad as baile i gcoinne na nDragons, seans maith go dtitfidh siad níos ísle ná an ceathrú háit ar an tábla. Scarann sé áit iad féin agus na Dragons óna chéile agus is cinnte nach bhfuil siad ag imirt ar chaighdeán na Mumhan faoi láthair. Tá sé chluiche caillte ag na Dragons go dtí seo; fágann sin gurb deacair bua dóibh a shamhlú an Domhnach seo.

Fág freagra ar 'Na Connachtaigh ag dul i gcleachtadh ar bharr an tábla'