‘Na coireanna uafásacha céanna a rinne réimeas Hitler á ndéanamh in ionradh Putin’

Ag comóradh Lá an Bhua i Moscó, mhaígh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin go raibh na Rúis “á cosaint” féin san Úcráin

‘Na coireanna uafásacha céanna a rinne réimeas Hitler á ndéanamh in ionradh Putin’

Ag paráid mhór mhíleata ag comóradh Lá an Bhua sa gCearnóg Dhearg i Moscó, mhaígh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, leis an slua go raibh “a dtír dhúchais á cosaint” ag trúpaí na tíre in oirthear na hÚcráine.

Dúirt sé gurbh éigean sin a dhéanamh toisc “bagairt nach bhféadfaí glacadh léi” a bheith á déanamh ar an Rúis.

Mar fhreagra air sin, dúirt údaráis na hÚcráine nach aon imní ach uaillmhianta impiriúla ba chúis leis an ionradh agus cuireadh i leith Putin go raibh sampla Hitler agus na Naitsithe á leanúint aige.

Ó cloíodh na Naitsithe sa nGearmáin 77 bliain ó shin, bíonn comóradh mór míleata sa Rúis ag comóradh Chogadh an Tírghrá mar a thugann siad ar an dara cogadh mór.

D’ainneoin go leor daoine san iarthar a bheith ag tuar le tamall go ndéanfadh an tUachtarán ráiteas tábhachtach faoin gcogadh inniu agus cloí na Naitsithe sa dara cogadh domhanda á chomóradh ag an Rúis, ní dhearna sé ach an bua sin a úsáid chun trúpaí na Rúise san Úcráin agus an pobal ag baile a spreagadh:

“Tá sibh ag troid ar son na tíre dúchais, ar son a todhchaí, ionas nach ndéanfaidh aon duine dearmad ar cheachtanna an dara cogadh domhanda.”

Bhí os cionn saighdiúir 11,000 saighdiúir agus 130 feithicil mhíleata ar paráid inniu agus dúirt an tUachtarán leo go raibh an troid in aghaidh “an Naitsíochais” á fearadh fós ag saighdiúirí na tíre san Úcráin. Bhí sé an-tábhachtach, ar sé, “gach rud a dhéanamh ionas nach dtarlódh uafás an chogaidh dhomhanda arís”.

Leag Putin an milleán faoin gcogadh san Úcráin ar an iarthar agus ar an Úcráin féin agus dúirt go raibh rialtas Chív agus a chuid comhghuaillithe ag ullmhú “le hionradh a dhéanamh ar ár dtailte stairiúla”, maíomh nach léir aon bhunús a bheith leis.

“Bhí bagairt á déanamh orainn nach bhféadfaimis a scaoileadh tharainn, díreach ar theorainneacha ár dtíre,” agus thagair sé do na hairm agus na comhairleoirí eachtracha a bhí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) a chur ar fáil don Úcráin.

Dúirt an tUachtarán Putin nár fágadh aon rogha ag an Rúis ach teacht roimh an ionsaí sin agus gurbh é sin an t-aon chinneadh a d’fhéadfadh “tír a bhí neamhspleách, láidir agus ceannasach” a dhéanamh.

Níor ghlac na húdaráis san Úcráin go raibh aon bhaol ann go ndéanfadh tíortha NATO aon ionsaí ar an Rúis.

Agus cloí na Naitsithe sa dara cogadh domhanda á cheiliúradh aige, chuir an tUachtarán Volodymyr Zelensky teachtaireacht físe amach inar fhógair sé nach dtabharfadh an Úcráin “píosa amháin” dá gcuid talún don Rúis.

“Táimid ag troid ar son bua eile. Tá an ród deacair go dtí é ach níl aon amhras orainn ach go mbuafaimid,” a dúirt sé.

Ag tagairt d’ionradh Putin, dúirt Zelensky go raibh “na coireanna uafásacha a rinne réimeas Hitler á ndéanamh arís inniu”. Dúirt Zelensky gur “gealt” é Putin agus go raibh an Rúis ag cloí go docht le “fealsúnacht na Naitsithe agus aithris á déanamh acu ar gach a ndearna siad”.

Ní fada go mbeadh “dhá Lá Bua” san Úcráin, arsa Zelensky.  “Agus ní bheidh an ceann fhéin ag duine áirithe,” arsa Zelensky.

Dúirt Mykhailo Podolyak, comhairleoir de chuid Uachtarán na hÚcráine, nach aon imní ach uaillmhianta impiriúla ba chúis leis an ionsaí ar an Úcráin.

“Ní raibh aon ionsaí ar an gCrimé á phleanáil ag an Úcráin. Tá saighdiúirí na Rúise ag fáil bháis chun tír eile a ghabháil seachas ar son a dtír dhúchais a chosaint. Ní raibh aon údar stuama leis an ionsaí seo ach uaillmhianta impiriúla samhnasacha.”

Tuairiscítear as Mariupol go bhfuil na Rúisigh ag géarú ar an ionsaí ar mhonarcha Azovstal le hairtléire agus tancanna. Maíonn na hÚcránaigh go bhfuil teilgeoirí ar an Muir Dhubh ag an Rúis anois atá in ann suas le leathchéad diúracán a scaoileadh leis an gcathair.

Dúirt Rúnaí Cosanta na Breataine, Ben Wallace gur “scéalta sí” a bhí sna cúiseanna a thug an tUachtarán Putin leis an ionsaí ar an Úcráin agus chuir sé “coireanna cogaidh” i leith a chuid ginearál.

Dúirt Wallace go raibh bradaíl á déanamh ag ginearáil na Rúise ar “stair uasal a sinsear” agus nach “lá bua é ach lá náire”.

Dúirt Vladimir Medinsky, an príomh-idirbheartaí atá ag an Rúis sna cainteanna síochána, go bhfuil an idirbheartaíocht sin ar siúl an t-am ar fad ó chian cé nár tháinig an dá thaobh le chéile san aon ionad ón 29 Márta.

Nuair a fiafraíodh de an mbeadh an dá thaobh ag teacht le chéile ag cainteanna dúirt Medinsky “nár mhór mionsonraí a bheith acu le plé sula dtiocfadh an dá thaobh os comhair a chéile”.

Dúirt an tUachtarán Zelensky an tseachtain seo caite gurb é an rud ba lú a bhí ag teastáil le go bhféadfaí margadh síochána a dhéanamh “go rachadh fórsaí na Rúise ar ais go dtí an ait a raibh siad ar an 23 Feabhra”.

Fág freagra ar '‘Na coireanna uafásacha céanna a rinne réimeas Hitler á ndéanamh in ionradh Putin’'