Na Ciarraígh agus na Gaillmhigh a scaoil leis an gcaid chun dul ag plé le spórt eile

Leis an rugbaí a chuaigh leithéidí Moss Keane, Mick Galwey agus Eric Elwood ach le liathróid i bhfad níos lú ná sin a chuaigh Mick Morris ag plé

Mick Morris

Bliain agus fiche a bhí Mick Morris nuair a d’imir sé do Chiarraí i gCraobh na Mumhan den chéad uair ag deireadh mhí an Mheithimh 1964 – bua seacht gcúilín ar Thiobraid Árann ar Pháirc Semple. Sa líne lánchúil a bhí Muiríseach Thrá Lí, dream a fuair a ndóthain le déanamh ó dhuine de lántosaithe an fhreasúra – ógánach eile a raibh Michael Babs Keating mar ainm air.

Sé bliana dár gcionn bhí dhá thréimhse caite ag Morris mar chaptaen ar a chontae, imeartha aige i gCluiche Ceannais na hÉireann ceithre huaire (ceann amháin buaite), dhá bhonn sraithe aige, trí bhonn de chuid na Mumhan mar aon le craobhacha a chontae.

Ansin in aois a 29 bliain shocraigh Mick Morris aghaidh a thabhairt ar spórt eile ar fad.

Blianta dár gcionn thaistil Mick Galwey agus Moss Keane bóthar den chineál céanna, mar a rinne na Gaillimhigh Eric Elwood agus Noel Mannion. Ach ar a laghad chuaigh siadsan ag plé le spórt ina raibh liathróid den mhéid céanna i gceist, ainneoin cruth na huibhe a bheith anois uirthi. Bheadh an rud céanna le rá faoi Thadhg Kennelly a thug an Pheil Astrálach air féin.

Le liathróid i bhfad níos lú ná sin a chuaigh Mick Morris ag plé – an liathróidín bheag bhán. Ba bheag a chuir sin as dó agus in imeacht achair ghearr bhí Craobh Gailf na hÉireann tugtha leis freisin aige chomh maith le háit bhuan ar fhoireann idirnáisiúnta na tíre.

A chuid oibre le Bord Soláthair an Leictreachais a thug Mick go Baile Átha Cliath agus mura bhfuil mé ag dul amú go mór bhí Micheál Ó Muircheartaigh ar dhuine de na daoine ba thúisce a leag bata an ghailf ina lámh.

Sa mbliain 1978 bronnadh an gradam ‘Galfaire na Bliana’ ar an Muiríosach tar éis dó Craobh na hÉireann do Ghalfairí Amaitéaracha a bhuachan agus as sin go dtáinig 1984 d’imir sé ar fhoirne na tíre seo 51 uair.

Moss Keane. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Siad Mick Galwey agus Moss Keane is cáiliúla de na Ciarraígh a chuaigh ag plé leis an rugbaí tar éis dóibh cáil a bhaint amach le foirne peile an chontae sin sa bPeil Ghaelach – tá bonn craoibhe sinsearaí ag Galwey ó 1986. An bhliain dár gcionn agus gan é fós ach 20, ba é a bhí mar chomrádaí lár páirce ag Jack O’Shea le linn an tSraithchomórtais.

In aghaidh na Fraince (1991) a fuair Galwey an chéad bhlaiseadh den rugbaí idirnáisiúnta.

I dtús aimsire ba mhinice ná a chéile a chailleadh sé áit ar fhoireann na hÉireann tar éis dó imirt uirthi. Níor ghéill sé riamh. I gCraobh na 5 Náisiún 1993 scóráil sé úd in aghaidh Shasana agus roghnaíodh ar fhoireann na Leon é a chuaigh chun na Nua-Shéalainne. D’imir sé do Chúige Mumhan i 130 cluiche – é ina chaptaen in 85 acu. In intinn lucht leanta an chúige sin is beag idir ‘Gaillimh’, Anthony Foley nó Paul O’Connell.

Don Chorra, a bhfuil a bpáirc imeartha i bhfoisceacht 500 slat d’Aerfort Chiarraí ar an bhFearann Fuar, a d’imir Mick agus a chúrsa béal dorais Moss Keane, duine de charaictéirí móra an rugbaí.

Bhí Moss ar fhoireann Choláiste na hOllscoile Corcaigh nuair a bhuaigh siad Corn Mhic Shigiúir trí huaire. Cé gur imir sé rugbaí d’Éirinn ar feadh deich mbliana (1974-1984) agus go raibh sé ar an bpáirc an lá cáiliúil ar bhuaigh Cúige Mumhan ar an Nua-Shéalainn i 1978, ba í an pheil Ghaelach i gcónaí ab ansa le Moss, nó ‘Maurice Ignatius Keane’ mar a thugadh lucht an rugair go hoifigiúil air.

Ainneoin a chuid rógaireachta ar fad ba dhuine cúthaileach go leor a bhí sa gCathánach agus ba in aghaidh a thola a labhair sé le hiriseoir an BBC, Nigel Starmer Smith agus na Leoin ar thuras chun na Nua-Shéalainne an tseachtain dheireanach de mhí Iúil 1977.

‘Buaic an turais go dtí seo?’, a d’fhiafraigh Smith.

‘Glaoch gutháin a fuair mé ón mbaile ag rá gur thug Ciarraí dromáil do Chorcaigh i gCluiche Ceannais na Mumhan,’ a d’fhreagair Muiris Iognáid!

Is é Eric Elwood an Gaillimheach is iomráití a d’imir an pheil Ghaelach ag an ngrád ab airde ach a thuill a chlú as an rugbaí. I Muirbheach, in oirthear na cathrach, a tógadh Elwood agus i 1989 roghnaigh Billy Joyce é ar an bhfoireann a d’imir Londain sa gcéad bhabhta de Chraobh Chonnacht. An bhliain chéanna d’imir sé d’fhoireann Faoi 20 Rugbaí na hÉireann.

Fuair sé cúilín sa gcluiche leathcheannais in aghaidh Mhaigh Eo inar chríochnaigh na foirne ar chomhscór agus ba í an athimirt (a bhuaigh Maigh Eo) an uair dheireanach ar chaith sé geansaí cróndearg a chontae.

Agus an rugbaí ar thairseach na gairmiúlachta, chloígh Elwood leis an gcluiche sin. D’imir sé d’Éirinn 35 uair agus do Chonnachta 156 geábh – foireann a raibh sé ina bhainisteoir uirthi idir 2010-2013 agus a bhfuil sé i gceannas an acadaimh ann fós.

Bhí John Muldoon ar dhuine de na himreoirí ba thábhachtaí ar na foirne a chuir Elwood chun páirce agus b’amhlaidh cás dá chomharba siúd Pat Lam, a cheap Muldoon ina chaptaen in 2014. Ba é John a chroch Corn an Pro 12 i nDún Éideann ar an 28 Bealtaine 2016, an chéad chorn a bhuaigh siad riamh – ba é freisin ‘Laoch na hImeartha’.

Ag éirí aníos dó i bPort Omna i dtús na 1990idí níorbh aon imreoir rugbaí an laoch a bhí ag John ach iománaí na Gaillimhe Joe Cooney a bhí ar fhoirne na Gaillimhe a bhuaigh Corn Mhic Cárthaigh i 1987 agus 1988 agus a fuair cúig ghradam All Star.

Fear iomána amach agus amach a bhí i John Muldoon ag an tráth sin.

Faoin am a raibh sé 18 bliain bhí bonn Chraobh Mionúir na hÉireann ina phóca, ach deir sé anois gur thuig sé nach mbeadh ar a chumas an t-ardchaighdeán a shroich Cooney agus a chomharsa béal dorais féin, Joe Canning, amach.

Cosán an rugbaí a thug Muldoon air féin agus b’ait é a thuras.

Iománaí paiteanta freisin ab ea Aaron Connolly an t-imreoir sacair idirnáisiúnta atá ag imirt san Iodáil faoi láthair – ar iasacht ón gclub Príomhroinne, Brighton and Hove Albion.

In aice le Páirc na Rásaí i mBaile an Bhriotaigh a tógadh Connolly (níl aon ghaol aige leis na deartháireacha cáiliúla de bhunadh Chonamara a saolaíodh ansiúd freisin), ach ní raibh Aaron ach an oiread gann ar scileanna na fuinseoige agus d’imir ar fhoirne faoi aois an Chaisleáin Ghearr go ndeachaigh go Sasana.

Ansiúd freisin anois atá Rossa Ryan, marcach óg a bhfuil os cionn 400 rása buaite aige ar an talamh réidh do thraenálaithe móra na tíre sin le cúpla bliain.

Ná déan iontas más suite ar chathaoir i bPáirc an Chrócaigh atá sé inniu seachas a bheith ar dhiallait capaill – imreoir peile cumasach do Chora Fine ab ea an Rianach nó gur shroich seisean é féin gabhal ar bhóthar an spóirt.

Nuair a d’fhill Noel Mannion agus foireann rugbaí na hÉireann as an Astráil i Meitheamh na bliana 1987 ba é an chéad rud eile a rinne Mainíneach Bhéal Átha na Sluaighe ná imirt i gcluiche dúshláin peile in aghaidh Chorcaí. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin d’imir sé sa mbua ar Mhaigh Eo i gCluiche Ceannais Chonnacht. Faoin am a dtáinig babhta leathcheannais na hÉireann in aghaidh Chorcaí i lár mhí Lúnasa, bhí glaoch gutháin faighte aige ó chóitseálaí na hÉireann, Jim Davidson. Dúirt sé siúd leis go mba faoi féin a bhí sé ach nach bhféadfaí an dá thrá a fhreastal. Bhí áit bhuan ag Noel Mannion ar fhoireann na Gaillimhe as sin go 1993.

Fág freagra ar 'Na Ciarraígh agus na Gaillmhigh a scaoil leis an gcaid chun dul ag plé le spórt eile'