Tríúr ceannairí páirtí tofa i dToghchán Stormont

Ba í Kellie Armstrong. Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance), an chéad duine de 90 duine a thoghfar chun an Tionóil

Tríúr ceannairí páirtí tofa i dToghchán Stormont

Michelle O'Neill, Leasuachtarán Shinn Féin agus i tofa i Lár Uladh

Tá na céad torthaí istigh i dtoghchán Stormont agus Leasuachtarán Shinn Féin, Michelle O’Neill, agus ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, i measc na gcéad iarrthóirí a toghadh. I Lár Uladh a toghadh Michelle O’Neill, a d’fhéadfadh a bheith ina Céad-Aire, agus 10,845 vóta céad rogha aici.

Toghadh Jeffrey Donaldsoni gCluain an Lagáin agus farasbarr thart ar 4,000 vóta aige.

Toghadh ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta, Naomi Long, agus Joanne Bunting an DUP i mBéal Feiste Thoir.

Bhí an lá leis an iar-aire Pobal Deirdre Hargey do Shinn Féin i mBéal Feirste Theas agus 9,511 vóta aici. 7,824 an cuóta a bhí ann.

Ba í Kellie Armstrong. Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance) an chéad duine de 90 duine a thoghfar chun an Tionóil.

I Loch Cuan a toghadh Armstrong agus 7,015 vóta céadrogha aici. 6,811 an cuóta a bhí ann.

Fógraíodh ina dhiaidh sin tráthnóna go raibh Gerry Kelly agus Carál Ní Chuilín tofa do Shinn Féin i mBéal Feirste Thuaidh.

8,395 vóta céadrogha a bhí ag Kelly agus 7,943 duine a  thug a vóta céadrogha do Ní Chuilín. Bhí an bheirt go maith os cionn an chuóta, 7,672.

Toghadh Danny Baker do Shinn Féin in iarthar Bhéal Feirste agus 9,011 vóta céadrogha aige agus é i bhfad os cionn an chuóta, 7,278. Rinne Declan Kearney an beart don pháirtí céanna in Aontroim Theas.

Bhí an lá le Robin Swann, iarcheannaire an UUP, in Aontroim Thuaidh agus é ar bharr an chomhairimh le 9,530 vóta. Toghadh chomh maith ansin Philip McGuigan do Shinn Féin agus é sa dara háit le 9,348 vóta céad rogha. 8,438 an cuóta.

Agus an chuma ar an scéal gur lá maith a bheidh ann do Shinn Féin, toghadh Sinéad Ennis (14,381) agus Cathy Mason (9,663) ar an gcéad chomhaireamh sa Dún Theas. Toghadh Nicola Brogan don pháirtí céanna ar an gcéad chomhaireamh i dTír Eoghain Thiar.

Rinne Alex Easton, atá ina neamhspleách ó d’fhág sé an DUP, an beart sa Dún Thuaidh. 9,568 vóta céad rogha a bhí aige. Dúirt Easton inniu nach raibh sé i gceist aige filleadh ar an DUP i ndiaidh an toghcháin. Dúirt sé go bhfanfadh sé ina neamhspleách mar gur ar an mbonn sin a sheas sé.

Táthar ag comhaireamh na vótaí ó mhaidin i dtoghchán a d’fhéadfadh athrú stairiúil a dhéanamh ar chothromaíocht na cumhachta sa Tuaisceart.

Tá na vótaí a caitheadh inné á gcomhaireamh i dtrí ionad – ionad an Titanic i mBéal Feirste, Machaire Fíolta i nDoire agus Jordanstown in Aontroim.

Ag 10pm aréir a dhún an 606 bothán vótála sa Tuaisceart agus 239 iarrthóir a bhí ag seasamh don 90 suíochán tionóil in 18 toghcheantar.

De réir na bpobalbhreitheanna ar fad le tamall bheadh Sinn Féin ar an bpáirtí is mó sa Tuaisceart i ndiaidh na vótála, cor cinniúnach i stair an stáit a bunaíodh chun go mbeadh móramh buan ag aontachtaithe.

Meastar go bhféadfadh gur toghchán stairiúil a bheadh ann chomh maith do pholaitíocht an láir agus borradh mór faoin bpáirtí Alliance.

De réir fhormhór na bpobalbhreitheanna beidh Alliance ar an tríú páirtí is mó i ndiaidh an toghcháin. B’ionann vóta mór don pháirtí agus díscaoileadh an tseanreachta faoinar vótáil daoine de réir na scoilte traidisiúnta idir ‘oráiste’ agus ‘glas’.

Dhiúltaigh an DUP a rá go dtí seo cé acu an mbeidís sásta filleadh ar an bhFeidhmeannas nó nach mbeadh sa chás go mbeadh tús áite ag Sinn Féin orthu.

Ní féidir an Feidhmeannas a athbhunú gan céad-aire agus leaschéad-aire.

Cúig shuíochán atá i ngach toghcheantar agus meastar go mbeidh troid go bun an angair don gcúigiú suíochán in go leor de na ceantair sin.

28 suíochán a bhí ag an DUP sa toghchán deireanach in 2017, ceann níos mó ná Sinn Féin ar éirigh leo 27 suíochán a ghnóthú.

Bhí 12 suíochán ag an SDLP, deich gcinn ag an UUP agus ocht gcinn ag Alliance. Bhí dhá shuíochán ag an gComhaontas Glas agus ceann an páirtí ag Pobal Seachas Brabús agus TUV.

Fág freagra ar 'Tríúr ceannairí páirtí tofa i dToghchán Stormont'