Na ceithre fhoireann is fearr sa tír ag dul chun catha anocht

Tá dhá chluiche móra ann anocht i Roinn 1 den tSraith Náisiúnta Peile agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo agus Tír Eoghain ag tabhairt faoi Pháirc an Chrócaigh

Na ceithre fhoireann is fearr sa tír ag dul chun catha anocht

Jim Gavin. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Cé nach bhfuil ach seachtain ann ó cuireadh tús i gceart leis an séasúr peile, beidh dhá cheann de na coimhlintí is suimiúla sa tSraith Náisiúnta Peile anocht againn.

Is iad Baile Átha Cliath, Ciarraí, Maigh Eo agus Tír Eoghain rogha na coitiantachta chun Cluiche Ceannais Peile na hÉireann a bhuachan mí Mheán Fómhair seo chugainn agus tá na ceithre fhoireann san iomaíocht anocht. Ar Pháirc Aibhistín de Staic i dTrá Lí atá Maigh Eo ag triall ag tabharfaidh Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh.

Ciarraí v Maigh Eo

Páirc Aibhistín de Staic, 19:00

Chuir Ciarraí tús maith lena bhfeachtas sraithe an Domhnach seo caite nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Dhún na nGall. Ba é sin an chéad uair gur éirigh leo a gcéad chluiche sraithe a bhuachan ó tháinig Éamonn Fitzmaurice isteach mar bhainisteoir agus thug siad taispeántas láidir uathu. Anuas air sin, chuir Fitzmaurice go leor imreoirí óga chun páirce agus bhí leithéidí Jason Foley, Tom O’Sullivan, Jack Barry agus Jack Savage uile go mór sa treis i ndeá-imirt na Ríochta.

Bhí an bua ag Ciarraí nuair a thug na foirne aghaidh ar a chéile sa tsraith anuraidh, toradh a d’fhág go raibh Maigh Eo i mbaol ísliú céime agus ba dhrochthús ceart le feachtas na bliana acu a bheadh ann dá gcaillfeadh foireann Stephen Rochford anocht. Fuair Muineachán an ceann is fearr orthu an Satharn seo caite i bPáirc Mhic Éil agus roinnt athruithe déanta ag Rochford ar an bhfoireann a chaill i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Ba dhona an tús a chuir siad leis an gcluiche, agus beidh siad ar a ndícheall ag iarraidh gan an rud céanna a dhéanamh anocht.

Tá níos mó imreoirí ar iarraidh ar Chiarraí de bharr Chraobhacha na gClubanna. Níl fáil acu ar Cholm Cooper, Johnny Buckley, Fionn Fitzgerald ná Darran O’Sullivan ach níl in easnamh ar Mhaigh Eo ach Lee Keegan. I bhfianaise chluichí na seachtaine seo caite, bheifeá ag súil mar sin féin gur leis an bhfoireann baile a bheidh rith an ráis anocht.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Baile Átha Cliath v Tír Eoghain

Páirc an Chrócaigh, 19:00

Níor chaill Baile Átha Cliath ná Tír Eoghain aon chluiche le linn na sraithe anuraidh agus Roinn 1 agus Roinn 2 buaite faoi seach acu. Tá tús maith curtha ag an dá fhoireann le feachtas na bliana seo chomh maith agus a gcéad chluichí sa tsraith buaite acu an deireadh seachtaine seo caite.

Thug Jim Gavin deis d’imreoirí nua i gcomórtas Chorn Uí Bhroin mí Eanáir ach bhí na himreoirí mór le rá ar ais an deireadh seachtaine seo caite agus thosaigh dhá dhuine dhéag a d’imir in athimirt chluiche ceannais na hÉireann ceithre mhí ó shin sa chluiche in aghaidh an Chabháin. D’imir Jack McCaffrey a chéad chluiche dóibh ó 2015 agus beidh fáil arís ar Johnny Cooper, a bhí ar fionraí an Domhnach seo caite.

Bhí bua sé phointe ag Tír Eoghain ar Ros Comáin san Ómaigh ach mar sin féin beidh foireann Mickey Harte buíoch dá gcúl báire, Mickey O’Neill, a thug taispeántas den scoth uaidh.

Beidh fonn ar Harte leigheas a fháil ar na fadhbanna sin i measc na gcosantóirí ach tá ábhar imní eile aige freisin. Bhain comhtholgadh de Mattie Donnelly de bharr gortú sa chluiche in aghaidh Ros Comáin agus tá amhras ann an mbeidh an fear lár páirce sé ar fáil do chluiche na hoíche anocht. Is mór an chailliúint a bheadh ann agus é sách deacair Baile Átha Cliath a bhualadh mar atá.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath