Na ceithre chúige ag imirt i gcomórtas URC

Mumhain agus Ulaidh i staid Kingspan i mBéal Feirste anocht agus Connachta agus Laighin san Afraic Theas amárach

Na ceithre chúige ag imirt i gcomórtas URC

Babhta 16 URC

Fiú má tá deireadh le rás na nUltach i gCorn na gCuradh, níl siad gan seans greim a fháil ar chorn i gcomórtas an URC. Ach chun sin a chinntiú caithfidh siad taispeántas maith eile a thabhairt i mBéal Feirste anocht agus iad ag cur chun páirce i gcoinne a sean-namhaid rugbaí, Cúige Mumhan. Níl ach trí phointe idir na foirne seo ar bharr thábla an URC faoi láthair, Cúige Uladh atá sa dara háit agus Cúige Mumhan sa gceathrú háit agus gan ach trí chluiche réamhbhabhta le n-imirt sa gcomórtas. Fágann sin go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cluiche an lae inniu.

Is cinnte gur ar Mhumha is mó atá an brú agus iad ag taisteal ó thuaidh, iad ag iarraidh a chinntiú nach sleamhnaíonn siad amach as an gceathrú háit nó dul níos airde ar an tábla chun cluiche ceathrú ceannais baile a chinntiú dóibh féin. Ní hamháin sin, ach beidh leathshúil acu freisin ar chluiche ceathrú ceannais i gCorn na gCuradh a bheas á imirt faoi cheann coicíse i gcoinne Toulouse i Staid Aviva.

Beidh foireann bainistíochta na Mumhan ag iarraidh a chinntiú go mbeidh fáil acu ar a gcéad rogha imreoirí don choimhlint sin. Fágann sin seans ag na hUltaigh díoltas a bhaint amach de bharr bua Chúige Mumhan (18- 13) i mí Eanáir, ach ba as baile a bhí foireann Bhéal Feirste ag imirt ar an ócáid sin. Má imríonn na foirne seo leath chomh maith fiú agus a d’imir an deireadh seachtaine seo caite beidh sárchluiche eile againn anocht ach roimh an gcluiche is le foireann an bhaile atá an buntáiste ar fad.

Amárach cuirfidh Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean tús lena gcamchuairt dhá chluiche ar an Afraic Theas. Caithfidh na Connachtaigh an greadadh náireach (56-20) a fuair siad ó Chúige Laighean ar an Aoine seo caite a chur as a gcloigeann agus iad ag tabhairt faoi na Lions amárach.

Cé gurb iad na Lions an fhoireann is laige ón Afraic Theas atá ag imirt san URC faoi láthair is fiú a mheabhrú nach bhfuil ach dhá áit agus dhá phointe idir iad féin agus foireann na Gaillimhe atá sa deichiú háit le tríocha a dó pointe. Tá na Lions sa dara háit déag le tríocha pointe. Ní raibh ach cúpla lá ag na Connachtaigh chun dul i gcleachtadh ar imirt chomh hard os cionn leibhéal na farraige agus beidh siad d’uireasa cúpla imreoir céad rogha. Tá dúshlán mór agus ochtó nóiméad crua roimh fhir Andy Friend amárach.

Is ionann an cás do churaidh an chomórtais, Cúige Laighean é. Beidh siad ag dul chun páirce in Durban i gcoinne na Sharks, foireann atá sa séú háit ar an tábla agus atá ar a míle dícheall iad féin a bhrú isteach sa gceathrú háit nó níos airde.

Dá mbeadh deis ag Leo Cullen a chéad rogha imreoirí a chur chun páirce ní dóigh go mbeadh mórán stró ar Chúige Laighean, ach de bharr go bhfuil leathshúil aige ar an gcluiche sin i gcoinne na Leicester Tigers faoi cheann coicíse ní raibh an dara rogha aige ach meascán imreoirí a chur chun páirce. Fágann sin go bhfuil seans iontach ag na Sharks.

Fág freagra ar 'Na ceithre chúige ag imirt i gcomórtas URC'