Ná ceaptar go bhfuil na Sasanaigh gan aon chártaí le himirt acu san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht

Ábhar sásaimh dúinne a cheapadh nach bhfuil a fhios ag na Sasanaigh céard atá siad ag iarraidh a dhéanamh maidir leis an mBreatimeacht…

Ná ceaptar go bhfuil na Sasanaigh gan aon chártaí le himirt acu san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht

Pictiúr: RollingNews.ie

Maidir leis an díospóireacht faoin mBreatimeacht meastar go coitianta nach bhfuil aon chártaí ag na Sasanaigh le himirt, nach bhfuil a fhios acu céard atá siad ag iarraidh a dhéanamh nó dá mbeadh cén chaoi a ndéanfaidís é.

Ábhar sásaimh is ea an insint seo ar an scéal do thráchtairí is polaiteoirí in Éirinn, mar más amaidí atá i gcur chuige na Breataine maidir leis an mBreatimeacht ní gá na himpleachtaí a bhaineann leis dúinne a scrúdú is a mheas go dáiríre.

Cinnte tá rialtas na Breataine in aimhréidh, ach is amhlaidh atá, ní mar gheall ar easpa tuisceana faoina bhfuil ag teastáil ó lucht an Bhreatimeachta ach mar gheall ar easaontas sa dá mhórpháirtí faoin scéal, mar a bhfuil roinnt daoine ar son an Bhreatimeachta, agus roinnt eile go nimhneach ina choinne.

Sa bPáirtí Caomhach tá móramh ann i bhfabhar briseadh leis an Aontas, agus is cuma leo más briseadh ‘crua’ a bheidh ann, cé go mb’fhearr leo é sin a sheachaint.

I bPáirtí an Lucht Oibre tá díospóireacht fós ar siúl. Tá móramh na bhfeisirí parlaiminte naimhdeach don cheannaire Jeremy Corbyn agus iad faoi thionchar Tony Blair i gcónaí. Tá siad i mbun feachtais le brú a chur ar Corbyn agus iad sásta géilleadh don Aontas agus fanacht san aontas custaim agus sa mhargadh aonair.

Tá móramh na mball ag tacú le Corbyn ach tá cathú orthu buntáiste a bhaint as na scoilteanna i measc na dTóraithe agus tá súil ag lucht Blair leas a bhaint as na scoilteanna sin.

Tá Corbyn féin amhrasach ar ndóigh faoin Aontas mar tuigeann sé go bhfuil rialacha an Aontais scríofa sa gcaoi nach féidir éalú ón margadh saor is ó phrionsabail an nualiobrálachais. 

Ach léiríonn gach suirbhé go bhfuil móramh na vótóirí i Sasana, agus sa Bhreatain ar fad mar stát, fós i bhfabhar imeacht ón Aontas fiú mura bhfuil móramh na bhfeisirí in Westminster den tuairim chéanna.

Is bunchloch de chreideamh na bunaíochta in Éirinn é go mbeidh an Breatimeacht ina thubaiste ar fad don Bhreatain, agus ag deireadh thiar go ngéillfidh daoine ‘ciallmhara’ don tuairim nach féidir maireachtáil taobh amuigh den Aontas Eorpach, nó den aontas custaim nó den mhargadh aonair.

Cinnte, beidh deacrachtaí ann murar féidir teacht ar aontú idir an Bhreatain agus an Eoraip i dtaobh an Bhreatimeachta, ach beidh na deacrachtaí sin i gceist don dá thaobh.

Agus beidh na deacrachtaí sin níos measa don tír seo nó d’aon tír eile ó thaobh na teorann ar an oileán is ó thaobh na trádála leis an mBreatain.

Is fíor gur lucht impireachta den tseanstíl iad leithéidí Jacob Rees Mogg, ach is duine é atá ar an imeall a n-oireann sé dó go mbeadh tábhacht á lua leis nach mbaineann leis dáiríre. Tuigeann an Páirtí Caomhach i gcoitinne ámh go n-íocfaidh muide praghas ard má bhíonn Breatimeacht crua ann.

Maidir leis an teorainn ar an oileán seo, ní dóigh liom go ndéanfaidh na Sasanaigh tada.  Glacfaidh siad le comhairle Bhertie Ahern go dtabharfaidís súil chaoch don teorainn.  Ach an mbeidh an tAontas Eorpach sásta leis sin, nó cén tionchar a bheas ar an scéal abhus má áitíonn an Eoraip go gcaithfidh teorainn chrua a bheith ann i gcás an Bhreatimeachta chrua?

Maidir leis an gcuid eile den Eoraip, ó thaobh cúrsaí airgeadais de tá tábhacht ag baint le Sasana don chuid is mó de na ballstáit, agus tábhacht leo ó thaobh na trádála freisin i gcás chuid mhaith acu.

Mar shampla, is í an Bhreatain an tríú tír is tábhachtaí don Ghearmáin maidir le trádáil, agus is í an tír is mó ó thaobh sochar trádála. Díolann an Ghearmáin luach €50 billiún níos mó leis an Bhreatain ná mar a cheannaíonn siad uathu.

Dúirt Angela Merkel go gcuirfeadh sí prionsabail an Aontais chun tosaigh ar na riachtanais seo, ach an mó údarás atá aici anois agus deacrachtaí móra taobh istigh dá rialtas féin?

Gan dabht níl an tsolúbthacht ba mhaith leo ag rialtas na Breataine mar gheall ar fhorlámhas an DUP ar an rialtas. Fágann an socrú leis an DUP nárbh fhéidir an teorainn eacnamaíoch a bhogadh go dtí Muir Éireann, beartas a réiteodh fadhb na teorann ar an dtoirt.

’Sé firinne an scéil ag deireadh thiar ámh ná nach bhfuil aon chártaí againne le himirt. Thugamar cead imeartha ar ár son don Aontas Eorpach. Ag an bpointe seo ní féidir linn géilleadh maidir leis na bunéilimh i dtaobh na teorann, ach is beag tionchar atá againn san idirbheartaíocht.

Is mór an sásamh é mar sin dúinne a cheapadh nach bhfuil a fhios ag na Sasanaigh céard tá uathu maidir leis an mBreatimeacht?  Is mór an sásamh dúinne é chomh maith a cheapadh nach bhfuil aon bhaol ann go mbeidh Breatimeacht crua ann. Ach b’fhéidir go bhfuil agus b’fhéidir gur chóir dúinne díospóireacht níos doimhne a bheith againn faoin gcúrsa a thógfaimis i gcás an Bhreatimeachta chrua. Mar tá sé ag éirí níos deacra in aghaidh an lae a dhéanamh amach cén chaoi a seachnófar a leithéid.

Fág freagra ar 'Ná ceaptar go bhfuil na Sasanaigh gan aon chártaí le himirt acu san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Ceapaim go bhfuil dul amú ar fad ar Eoin anseo. N’fheadar mé cá bhfuair sé an tuairim go bhfuilimid ar fad breá sásta nach bhfuil aon bhaol ann go mbeidh Breatimeacht crua ann. Is é an torradh is dochúla ar fad ag an bpointe seo ná Breatimeacht gan mharagadh. Tá an ceart aige go mbeidh a leithéad de chás crua orainn, ach beidh sé i bhafad éirinn níos measa thall i Seasana. Ag deireadh an lae is beag gur féidir linn a dhéanamh, áfach. Más maith le rialtas na Breataine an tAE a fhágáil gan mharagadh, is orthu siúd atá an locht. Níl rogha eile againn ach dul ar aghaidh mar atá.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Dhéarfainn go dtuigeann Eoin go maith go bhfuil dul amú air ach caithfidh sé an druma seo a bhuaileadh aon uair a thugtar deis dhó, tiomáinte ag meascán den ghráin atá aige ar an Aontas Eorpach agus an ard mheas a bhíodh is atá aige ar an Rúis. Is deacair glacadh leis gur anailís a bhíonn ar bun aige maidir leis an mBreatimeach ach tuairimíocht chlaonta, bunaithe ar an dóchas atá aige go scriosfaidh imeacht na Breataine an Aontas Eorpach!

  • Eoin Ó Murchú

    Tugaim faoi ndear nach ndéanann Donncha aon argóint i gcoinne na pointí a dhéanaim. Is cosúil nach bhfuil sé ar a chumas ach fógairt nach n-aontaíonn sé.
    Maidir le Criostóir, ní aontaí,m leis og mbeidh Breatimeacht crua níos measa do Shasana nó dúinne. Beidh deacrachtaí ag Sasana cinnte, ach mar a mhíním beidh deacrachtaí móra ag an nGearmáin freisin. Féach a bhfuil á rá anois ag Seehofer, leas-shainsailear i rialtas na Gearmáine. Sé an rud is measa ná go bhfuil muid chómh dílis sin don AE nach bhfeiceann muid aon rogha. Mar sin beidh an Ostair, mar shampla, ag an mbord, ach ní bheidh muide mar thug muid cead don AE labhairt ar ár son. Ní feidir le Donncha fiú an fhíric sin a shéanadh.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Feicim an mór phictiúr, a Eoin, agus cuireann sé faitíos orm. Siad na fórsaí atá ag iarraidh deireadh a chur leis an Aontas Eorpach ná lucht na heite dheis san Iodáil, san Ostair, sa Ghearmáin, sa bhFrainc, san Isealtír, san Ungáir, agus i Sasana chomh maith le Trump. In éindí leo tá corr dhuine ar an eite clé a bhí chomh fada i bpóca na Soibhéide is nach tig leo smaoineamh taobh amuigh den ideolaíocht frith AE, a chothaíodh iontu mar lucht tacaíochta na Rúise, na blianta nuair a bhí smacht ag Impireacht na Sóibhéide ar an leath thoir den Eoraip. An chontúirt a fheicim ná go bhfuil an Eoraip ag druidim i dtreo smacht a ghéilleadh i go leor leor tíortha do lucht pholaitíochta, a chuirfeadh deireadh leis na gnéithe is fearr a bhaineann leis an Aontas Eorpach, cearta daonna go speisialta. Tá sé spéisiúl an dearcadh frith imircigh atá ag na daoine atá ag iarraidh an Aontas Eorpach a lagú. Níl sé i bhfad ón dearcadh frith Iúdach a bhí ag lucht tacaíochta Hitler sa Ghearmáin.

    Tá sé admhaithe cheana ag Eoin go bhfuil sé ar son na Breatimeachta a theastaíonn ón dream is faide ar dheis i Sasana, mar go bhfeiceann sé gur sin é an bealach leis an Aontas Eorpach a bhriseach as a chéile. Agus ansin Eoin, cé bheas ag glacadh cumhachta sna tíortha éagsúla? Daoine a bhfuil meas acu ar chearta oibrithe, ar chearta na mban, ar chearta mionlaigh, ar cearta imircigh? Ní dóigh liom é.

  • Eoin Ó Murchú

    Bhuel ar a laghad ar bith tá iarracht ar argóint sa bpíosa is deireannaí sin ó Dhonncha, in ionad maslú. Failtím roimhe sin. Ar ndóigh tá rialacha an Aontais Eorpaigh – Maastricht, Aon-Ionstraim Eorpach, Lissabóin, Cómhaontú Fioscach – scríofa sa gcaoi nach bhfuil cead ag stáit cur isteach go díreach ar an eacnamaíocht. Ní féidir oibrithe a chosaint ó dhéine faoina rialacha sin; ní féidir leis na stáit fostaíocht a chruthú go díreach. Ní féidir sóisialachas de chineál ar bith a bheith ann.
    Is fíor go bhfuil taobh na gcearta náisiúnta glactha ina seilbh ag forsaí na deise, ach sin toisc gur thréig an eite chlé a muintir féin.
    Mura labhrann an eite chlé ar son daonlathais is ar son cearta oibrithe, fágtar i lamha agus i mbéil na heite deise iad.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Go raibh maith agat, Eoin, faoi méid sin a phlé. Deireann tú nach féidir leis an stát faoi rialacha an AE ‘oibrithe a chosaint ó dhéine’; ‘fostaíocht a chruthú go díreach’ agus nach féidir le ‘sóisialachas de chineál ar bith a bheith ann’. Ba mhaith liom a fháil amach céard iad na forálacha, atá aontaithe ag tíortha an AE, faoi a leagtar síos cosc ar fhostaíocht a chruthú nó oibrithe a chosaint. Cén conradh ina bhfuil sé ráite nach féidir ‘sóisialachas de chineál ar beith a bheith ann’, mar a thugann tú le fios? Dá vótáilfeadh tír ar bith ar son rialtas sóisialach ‘de chineál ar bith’, an bhfuil tú ag ceapadh nach gceadódh an AE don rialtas sin dul i mbun cumhachta? Nó ceard tá i gceist agat?

  • Eoin Ó Murchú

    Tá polasaithe a chuireann an stát sa túsáit san eacnamaíocht in aghaidh forálacha Mhaastricht, toisc nach bhfuil sé ceadaithe treiseacht an stáit a usáid le cur isteach ar chomortas le comhlachtaí príobháideacha. Ni féidir fiú téarmaí páighe agus coinníollacha oibre a rialú ag leibhéal an stáit, mar a rialaíodh sa gcás Laval sa tSualainn.
    Ní chuirfeadh an tAE isteach go díreach ar rialtas a choinneáil ó chumhacht, ach a luaithe is a sháródh an rialtas sin rialacha an Aontais (ar rialacha nualiobrálachais iad) bheadh lámh láidir an AE orthu (cuir ceist ar an nGréig). Mar sin is féidir páirtí a thugann ‘sóisialach’ air a thoghadh, ach ní féidir leis an bpáirtí sin a bheith sóisialach agus fanacht san AE.
    Ní fhéadfadh le Corbyn mar shampla comhlachtaí stáit a bhunú le tabhairt faoi fhadb na dífhostaíochta i dtuaisceart Shasana (an dream is mó a vótail ar son Bhreatimeachta) de réir rialacha Mhaastricht.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Ni féidir fiú téarmaí páighe agus coinníollacha oibre a rialú ag leibhéal an stáit” a deireann tú. Ní dóigh liom go bhfuil an tuiscint cheart agat, Eoin, ar an mbealach a oibríonn rialacha an AE. Tá téarmaí páighe agus coinníollacha oibre á rialú ag an stát i go leor leor réimsí. Nach é an stát a leagann síos an ráta bunphá, i dtíoracha éagsúla? Nach é an stát a leagann síos an teora uaireanta ar féidir iarraidh ar duine a bheith ag obair agus coinníollacha eile oibre chomh maith etc etc?
    Ní dóigh liom go bhfuil gach rial san AE ceart agus cóir agus ní maith liomsa ach an oiread an iomarca den ‘nualiobrálachais’ a bheith mar bunchloch le modus operandi an AE.
    Ach b’fhearr liom a bheith istigh san AE agus ag iarraidh é a fheabhsú agus a dhéanamh níos daonlathaí agus níos cothroime ná bheith sa gcampa céanna leis an daoine atá ag iarraidh é a scrios: Trump, Farage, Boris Johnson, Le Pen. Dá olc é an AE, níor mhaith liom a bheith ag maireachtáil faoi réimeas na ndaoine sin.