Na céadta trácht ciníoch fágtha faoi fhíseán de chainteoir Gaeilge de bhunadh na Nigéire

‘Fianaise atá ann ar an ngráin atá ann do dhaoine cosúil liom féin a bhíonn ag labhairt na teanga,’ a deir Ola Majekodunmi

Na céadta trácht ciníoch fágtha faoi fhíseán de chainteoir Gaeilge de bhunadh na Nigéire

Ola Majekodunmi

B’éigean don iris chultúir NÓS an córas tráchtanna faoi fhíseán YouTube dá gcuid a mhúchadh i ndiaidh “ionsaí eagraithe ciníoch”. An cainteoir Gaeilge de bhunadh na Nigéire, Ola Majekodunmi, a bhí le feiceáil san fhíseán a foilsíodh Dé Máirt.

Go gairid i ndiaidh do NÓS an físeán a fhoilsiú ar YouTube agus ar na hardáin eile inné, scaipeadh é ar “ghrúpaí ciníocha in Éirinn, i Meiriceá, sa Ghearmáin, agus i Sasana” agus fágadh na céadta trácht maslach faoi.

Dúirt Ola Majekodunmi, craoltóir agus ball de Bhord Fhoras na Gaeilge, lena leantóirí ar Twitter nár chuir sé ionadh uirthi go raibh “go leor tagairtí ciníocha” á bhfáil aici faoin bhfíseán ach go gcuireann sé isteach uirthi go mbeadh “daoine le Gaeilge” á bhfágáil chomh maith le cinígh an Bhéarla.

“Is fianaise é sin den ghráin atá ann do dhaoine cosúil liom féin a bhíonn ag labhairt na teanga. Tá a fhios agam cheana nach bhfuil daoine sásta leis an obair atá mé féin a dhéanamh agus is cuma liom, ach tá mé ag iarraidh go bhfeicfidh daoine eile sa phobal go bhfuil an ghráin seo ann.

“Bíonn sé deacair orm labhairt faoin ngráin seo toisc go bhfuilim mar pháirt den phobal seo, ach caithfidh mé an fhírinne a insint go bhfuil ciníochas ann [i saol na Gaeilge] chomh maith. Nuair a bhí mé ar scoil, níor thaitin sé le roinnt daoine go raibh duine cosúil liom féin i nGaelscoil. Tá a fhios agam go mbreathnaím difriúil le formhór na ndaoine eile i spásanna Gaeilge ach tá an mhuinín agam féin leanúint ar aghaidh le m’obair agus tuiscint a bheith agam go bhfuil cead agam a bheith sa spás sin chomh maith,” a dúirt Ola Majekodunmi ar Twitter.

Bhí os cionn cheithre chéad trácht faoin bhfíseán nuair a múchadh an córas tráchtanna ar an gcainéal YouTube aréir, agus go leor acu á bhfágáil ag cuntais a bhí cláraithe i Sasana, i Meiriceá agus ar Mhór-Roinn na hEorpa.


Dúirt eagarthóir na hirise, Maitiú Ó Coimín, gur léir go raibh “feachtas eagraithe ciníoch” i gceist agus go mb’éigean dó iarraidh ar stiúrthóir Fhíseáin NÓS, Gráinne Holland, an córas tráchtanna faoin bhfíseán a mhúchadh.

Dúirt Ó Coimín gur tugadh os cionn míle “ordóg síos” don fhíseán sa chúpla uair an chloig i ndiaidh dó a bheith curtha amach agus gur fágadh idir 300 agus 400 trácht maslach ciníoch faoi.

Dúirt Stiúrthóir Fhíseáin NÓS, Gráinne Holland, a rinne an físeán le hOla i gcathair Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite, nár rith sé léi “in am ar bith” go mbeadh daoine “réidh le hionsaí a dhéanamh” ar Ola agus ar an teachtaireacht a bhí á craobhscaoileadh aici san fhíseán.

“Bhí NÓS ag iarraidh físeán a dhéanamh i gcomhthéacs Black Lives Matter agus na heachtraí uafásacha a tharla sna Stáit Aontaithe níos luaithe i mbliana. Bhí muid ar an eolas faoin obair iontach a bhíonn ar siúl ag Ola agus bhí muid an-sásta an deis a fháil físeán a léiriú léi, bunaithe ar a cuid scríbhneoireachta faoi ghruaig na mban dubh.

“Níor rith sé liom in am ar bith go mbeadh daoine amuigh ansin réidh le hionsaí a dhéanamh ar an teachtaireacht chróga atá aici ag ar gach a seasann sí dó.

“Bhí a fhios agam, ar ndóigh, go raibh an ciníochas ann ach chuir sé iontas, brón agus fearg orm cuid de na tráchtanna a fágadh ar an fhíseán a léamh. Ní thig liom ach a shamhlú cad é mar a bheadh sé cur suas leis an leibhéal ciníochais sin ó lá go lá agus tá mé féin agus gach duine eile i dteaghlach mór NÓS ag seasamh go láidir le hOla. Tá ár dtacaíocht uilig aici,” a dúirt Holland le Tuairisc.ie.

Dúirt Holland gur gá do “gach duine taobh amuigh agus taobh istigh de phobal na Gaeilge” cur go mór i gcoinne an chiníochais agus “fáilte a chur roimh chách páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí seo”.

“Caithfidh muid a chinntiú gur leis an fháilte, an oscailteacht agus an grá a bheidh an lá,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Na céadta trácht ciníoch fágtha faoi fhíseán de chainteoir Gaeilge de bhunadh na Nigéire'

  • Muiris Ó Fiannachta

    Tá samhnas agus fearg orm é seo a léamh, a Ola. Cuireann sé masmas orm. Seasann teaghlach Raidió na Life agus formhór mór mór phobal na Gaeilge gualainn le gualainn leat.

  • Gabriel Rosenstock

    Cuir fear gorm nó bean ghorm ag léamh na Nuachta ar TG4/ RTÉ – mar thús.

  • Lillis Ó Laoire

    Caithfear gníomhú leis an chiníochas oscailte bhagarthach seo a chur faoi smacht. Ní móide gur féidir fáil réidh leis ach is cinnte gur féidir teachtaireacht shoiléir a thabhairt nach nglacfar leis beag ná mór.

  • Caoimhín

    Is mór an náire. Tá aithreachas orm as ciníochas na ndaoine geala.

  • Mícheál Ó Beigléinn

    Dlúthpháirtíocht léi.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Tá seo náireach. An dtig leis na Gardaí a dhath a dhéanamh fá dtaobh de? Tá lúb ar lár sa dlí mura féidir.

  • Áine Lutes

    Tá mo chroí briste a seo chloisteáil. Cuir sé ionadh orm i gcomhthéacs stair na hÉireann go bhfuil an méid sin ciníochas ann.

  • Eoin Mc Evoy

    Cuireann an scéal seo alltacht orm. Tá súil agam go gcoinneoidh tú ort, a Ola, ag cur do chuid ealaíne ar fáil dúinn. Is amhlaidh nach raibh aon tuiscint agam ar ghruaig na mban dubh sular léigh mé do phíosa in Meascra ón Aer agus ba mór an oscailt súl dom é. Sin é an rud a bhíonns uaim is mé ag léamh in aon teanga: teacht ar thuiscintí nua faoin saol. Rinne do phíosa sin dom agus go barr feabhais agus tá súil agam nach dtiocfaidh na hamadáin seo idir tú agus do phobal. Is saibhre i bhfad pobal na Gaeilge agus tú inár measc.

  • Peter Gilmore

    Cuirtear as dom go gcuirtear an fiseán smaointeach as d’éinne.

  • S. Mac Muirí

    Labhair Ola an-fhéinmhuiníneach ar RnaG ar ball. Is léir go bhfuil an bhean cheart san áit cheart os comhair na ndaoine 7 múinfidh sí ceacht do chuiteogaí an mhéarchláir le himeacht ama. Is mór an gar í. Beidh méid áirithe de lucht an chiníochais ag sní aníos ó am go chéile ach braithim go bhfuil siad lagaithe go maith sa tír ó na 1990í, a bhuí le Jason Sherlock 7 muintir Uí Ailpín 7 daoine eile, treise leo. San am soin, measaim nach bréag a rá go raibh liarlóga na hardchathrach beagnach ag feachtasaíocht ar son an chiníochais. Is cuimhin liom dhá eachtra i nGlas Mochaonóg in aghaidh poitigéara 7 bialainne. Dhá stócach sa gceantar ba siocair leis, agus na nuachtáin in éineacht leo. Caithfidh sinne seasamh 7 ár gcuidiú a léiriú le gach éinne a mhaslaítear nó a ionsaítear ar aon bhealach.
    Léirigh Ola Majekodunmi ina cuid cainte inniu ar RnaG go bhfuil stuaim 7 téagar inti thar mar a shamhlaigh lucht a hionsaithe. Treise léi!

  • Áine

    Níl sé sin ceart ná cóir. Ní féidir glacadh le gráin in aon áit sa saol. Déan neamhaird orthu mar ní fiú do chuid fuinnimh a chur amú leo. Seasaim leat a Ola. Treise ort.

  • Eoin Ruairí Bheag

    Ní cheart don fhíseán seo a bheith foilsithe ag NÓS sa chéad áit! Ráiméis agus cur amú ama!

  • Colin Ryan

    Tá maslóirí ann agus beidh siad ann go deo – amadáin shuaracha. Lig dóibh dul i dtigh diabhail. Dá mhéad éagsulacht atá ag baint le saol na Gaeilge is ea is fearr.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Mo cheol thú a Ola.

  • Máire Úna Ní Bheaglaoich

    Na h”Éireannaigh” a scríobhann rudaí suaracha mar gheall ar a dteanga féin,tá aigne chóilíneach acu,ní maith leo an teanga féin…agus ní lú leo an sioc ná leithéidí Ola a bheith dhá labhairt chomh líofa san.Tá dearcadh ana-chuid daoine a rugadh in Éirinn,ana-dhiúltach,bíonn siad ag cuimhneamh ar a laethanta scoile féin…teastaíonn uathu ná beadh an teanga ann in ao’chor chun nár ghá dhóibh í a labhairt.Cúl le cine. Ach ba cheart fíneáil a chur ar na gaiscígh pinn seo agus iad a náiriú.Is scanrúil an rud é do dhuine óg an fuath so a bheith dírithe orthu.Polasaí dearfach rialtais ag teastáil go géar ach tá an rialtas féin ciníoch mar gheall uiethi.Tá súil agam go leanfaidh Ola léithe ag craolach,le tacaíocht uainne gur cás linn an scéal lofa .

  • Adam Lawson

    Agus tuige a Eoin nár cheart? Físeán den scoth atá ann dar liom agus dar a lán eile, a phléann ábhar atá tromchúiseach do dhaoine dubha agus nach bhfuil a lán tuisceana air i measc daoine bána. Mura bhfuil sé díreach bainteach le do chuid taithí fhéin ní féidir a mhaíomh nár cheart é a fhoilsiú mar gheall air sin: tá mé cinnte go bhfuil mórán nithe a bhaineann le do shaol fhéin nach mbaineann le mo cheann-sa, agus bheadh fearg ort agus ceart agat dá mbeinnse ag maíomh nár cheart do na meáin a bheith á bplé siúd. Nuair a fheiceann muid ábhar nach bhfuil taithí againn air sna meáin is fearr dúinn éisteacht agus foghlaim: ar an bhealach sin beidh muid níos eolaí agus níos críonna. Tá fíorshúil agam go leanfaidh Ola agus NÓS araon ag plé cúrsaí dubha agus cúrsaí ciníochais go háirithe agus cúrsaí polaitíochta go ginearálta: is géarghá lena leithéid sin i meáin na Gaeilge agus i meáin an ‘Domhain Iartharaigh’ araon.

  • Seán Ó Riain

    Is Gaelaí tú ná lucht do cháinte, a Ola. Agus is Gaelaí duine gorm le Gaeilge ná duine geal gan Ghaeilge.

  • Seosamh Watson

    Éireannach den chéad ghrád thú, a Ola — coinnigh ort!

  • Sinéad

    Scéal áiféiseach. Coinnigh ort a Ola!