‘Ná caith amach! Eolas cúlra tábhachtach maidir le togra X!’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: is fiú go mór do scríbhneoir nótaí a choinneáil – ach b’fhiú dó freisin córas a fhorbairt chun ord agus eagar a choinneáil ar a chartlann féin

‘Ná caith amach! Eolas cúlra tábhachtach maidir le togra X!’

Bhí mé ar thóir leabhar nótaí a bhain le togra scríbhneoireachta a bhfuil mé ag filleadh air tar éis tamall de mhíonna. Shíl mé gurbh fhéidir go mbeadh sé sa vardrús, i gceann de na boscaí bróg ina gcoinním mo chuid seanleabhar nótaí. Nó sin, i dtarraiceán na stocaí nó áit éigin i measc mo chuid fobhristí – tá na boscaí bróg ag cur thar maoil le fada an lá.

Bliain nó dhó ó shin, rinne mé iarracht ord agus eagar a chur ar na leabhair nótaí sin ar fad. D’éirigh liom fáil réidh le cuid acu, fiú amháin. Ghreamaigh mé lipéid ar chuid eile: ‘Ná caith amach! Eolas cúlra tábhachtach maidir le togra X!’

Agus mé ag dul trí na mboscaí bróg sin an oíche faoi dheireadh, mheall leabhar nótaí amháin m’aird. Ní raibh lipéad air, ach ba léir ón gclúdach – a bhí déanta as adhmad agus a raibh Exu, dia Afra-Bhrasaíleach na cumarsáide (agus go leor stuif eile) péinteáilte air de láimh – gur leabhairín a bhí sa cheann sin nach raibh le caitheamh amach ar ór nó ar airgead pé scéal é. Is maith liom ó am go chéile leabhar nótaí ‘speisialta’ a cheannach do nótaí ‘speisialta’ – faraor géar, ní bhíonn na nótaí a bhreacaim síos iontu chomh ‘speisialta’ sin, cuid mhór den am, agus a bhí ar intinn agam nuair a cheannaigh mé iad.

Ach bhí na nótaí sa leabhairín seo fíorshuimiúil. Le linn na bliana 2019 a bhreac mé síos iad. Bhí mí nó dhó idir na hiontrálacha agus bhain siad le húrscéal a chríochnaigh mé le fíorghairid. Cur síos a bhí sna nótaí ar theacht chun cinn phearsantacht duine den bheirt phríomhcharachtar; an chaoi ar fhás pearsa fhicseanúil as triúr nó ceathrar a bhfuil aithne agam orthu san fhíorshaol agus ar chaith mé a dtréithe síceolaíocha agus fisiciúla isteach i bpota draíochta na cruthaitheachta. Bhí an machnamh ar fad (agus an féincheistiú maidir le heitic) a bhain leis an bpróiseas sin dearmadta agam, ach bhí sé fíorspéisiúil na nótaí a athléamh.

Idir an scríbhneoireacht mhochmhaidine a bhíonn ar siúl agam agus nótaí a bhaineann le mo chuid tograí, déarfainn go líonaim idir scór agus dhá scór leabhar nótaí gach bliain. Coinním thart ar leath acu sin – cá bhfios cén uair a mbeadh blúire fánach eolais éigin de dhíth, agus mar a deir an seanfhocal: mura bhfuil sé i mo mheabhair agam, tá sé i mo leabhar agam!

Ach an leabhar nótaí atá uait a aimsiú nuair a bhíonn sé uait, sin í an fhadhb. Chuardaigh mé na boscaí bróg agus tarraiceáin na stocaí agus na bhfobhrístí, agus fós níor aimsigh mé an leabhairín úd atá uaim (seans maith go bhfuil sé ar an taobh eile den domhan, i dteach mo mham, áit a bhfuil níos mó boscaí bróg fós.)

Cén fáth nach gcoinníonn tú do chuid nótaí ar do ríomhaire, a deir tú, nó níos fearr fós, ar do ghuthán? Beidh siad in aice láimhe i gcónaí! Breac síos i leabhar nótaí iad má bhíonn tú ag iarraidh a bheith seanfhaiseanta le peann agus páipéar ach clóigh isteach ina dhiaidh sin iad nó glac grianghraif díobh!

An-smaoineamh – ach is maith liom coincheap na cartlainne fisiciúla. An iomarca taithí le dioscaí crua agus araile ag teip, an dtuigeann tú? Ach dá dtabharfaí deontas dom lá breá amach anseo chun neach léinn a bheadh i mbun cúrsa scríbhneoireachta éigin a fhostú ar thaithí oibre, is éard a d’iarrfainn air nó uirthi a dhéanamh ná cartlann na mboscaí bróg agus tharraiceáin na stocaí agus na bhfobhrístí a dhigitiú.

Fág freagra ar '‘Ná caith amach! Eolas cúlra tábhachtach maidir le togra X!’'