Na Cait agus Luimneach an rogha, ach níl Áth Cliath ná an Clár gan seans

Tá deireadh seachtaine ollmhór iomána againn inniu agus amárach agus an chéad dhá dhuais craoibhe sinsir le bronnadh

Na Cait agus Luimneach an rogha, ach níl Áth Cliath ná an Clár gan seans

Comhghairdeas le cleas faoi-20 Uíbh Fhailí.

Thug na sluaite aghaidh ar Pháirc Uí Nualláin seachtain ó shin, iad glórach agus ildaite, agus thugadar leo abhaile Corn Uí Nualláin. Bhíodar thar cionn.

Tá deireadh seachtaine ollmhór iomána againn inniu agus amárach agus an chéad dhá dhuais craoibhe sinsir le bronnadh.

I gCúige Laighean níos déanaí inniu rachaidh na seaimpíní Cill Chainnigh chun páirce agus iad ar thóir a gcúigiú craobh i ndiaidh a chéile, an séú craobh is seachtó ar fad. Áth Cliath (a tháinig aniar aduaidh orainn le mí anuas) a sheasann eatarthu féin agus Corn Bob O’Keeffe.

Sa chéad chluiche craoibhe cúpla seachtain ó shin a bhí ag leads na hardchathrach bhí an t-ádh dearg leo críochnú cothrom le Loch Garman. Is beag duine a cheap an tráthnóna sin go mbeidís sa chluiche ceannais. B’ionann cás an tseachtain ina dhiaidh sin nuair nach raibh ach cúig chúilín d’fharasbarr acu i gCeatharlach. Ach ó shin i leith tá feabhas mór tagtha orthu agus Eoghan O’Donnell, a bhí ag uimhir a seacht an chéad lá, ar ais anois ag uimhir a trí agus Chris Crummey, thar cionn sa líne leathchúlaithe.

Tá Conor Donoghue suntasach mar leathchúlaí láir cumasach.  Tá Seán Currie ag imirt an-mhaith mar atá Dónal Burke, Brian Hayes, Paddy Doyle, Darragh Power agus Dara Purcell. Chomh maith le cumas agus ardchaighdeán scileanna, tá siad ag imirt le plean agus le fuinneamh. Tá an-chreidiúint ag dul don bhainisteoir Micheál Donoghue agus a chomhbhádóirí ón nGaillimh, Franny Forde agus Noel Larkin.

Bhí fir na hardchathrach gach pioc chomh maith le Cill Chainnigh trí seachtaine ó shin ach theip orthu an buntáiste a dhaingniú nuair a bhíodar chun tosaigh.

Ní raibh Cill Chainnigh thar barr go dtí seo ach tá a ndóthain déanta acu agus ar ndóigh Cill Chainnigh atá againn agus seantaithí acu ar chraobhacha a bhuachaint agus traidisiún an bhua go smior iontu. Bhíodar ag brath arís an lá faoi dheireadh ar Chonn Céad Cath, TJ Reid a fuair 1-13 ó phocanna saora.

Cinnte beidh na Cait mar rogha ach tá seans réasúnta ag Áth Cliath, measaim.

I gCúige Mumhan tá na seaimpíní Luimneach ar thóir a séú craobh i ndiaidh a chéile. Coicíos ó shin bhí an baol ann dá gcaillfidís go mbeidís as an ‘rás’ ar fad ach thángadar amach mar a bheadh ainmhithe gonta ann i gcoinne na nDéise agus bhí cluiche againn a bhí thar a bheith fíochmhar ar feadh tréimhsí fada. Ach ní dóigh liom gur shroich siad fós i mbliana an t-ardchaighdeán a chonaiceamar sa dara leath de chluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Sa chluiche deireanach sin chuireadar scór seansanna amú.

Dar ndóigh is laige iad gan Seán Finn agus Peter Casey. Ionadaithe ábalta iad Fergal Horgan, Donncha Ó Dálaigh, Shane O’Brien agus Adam English.

Gan dabht seo an tríú bliain as a chéile go bhfuil na foirne céanna ag imirt a chéile. Anuraidh ní raibh ach cúilín eatarthu agus in 2022 farasbarr de chúl a bhí ann. Roimh an dá chraobh eile sin, cheapas go raibh gach seans ag An Clár. Nílim róchinnte an uair seo. Tá bonn Chúige Mumhan tuillte ag an ngrúpa leads seo ach ní i gcónaí san spórt ag an leibhéal seo a fhaigheann imreoirí gach rud nó aon rud a bhíonn tuillte acu. Tuigeann siad conas tabhairt faoi Luimneach. Tá sé sin déanta acu ach níl na cluichí is tábhachtaí buaite acu.

Ceann des na buntáistí atá ag an Clár ná go bhfuil Tony Kelly ag teacht ar ais chuige féin agus gach seans go mbeidh tionchar aigesean ar an gcluiche seo amárach. Tá Shane O’Donnell beagnach dochloíte ó chluiche ceannais na sraithe agus cabhair aige ó leithéidí David Fitzgerald, Mark Rodgers agus Aidan McCarthy sna tosaithe. Tá aonad cúlaithe teann acu agus caithfidh siad greim docht a choimeád ar thosaithe thar a bheith dainséarach Luimnigh. Ní haon chúram beag é sin.

Ón méid atá feicthe agam i mbliana ceapaim go mbeidh an bua ag Luimneach ach má éiríonn leis an gClár coinneáil leo isteach sna nóiméid dheireanacha b’fhéidir go mbeidh sciorta beag den ádh leo an uair seo.

Fág freagra ar 'Na Cait agus Luimneach an rogha, ach níl Áth Cliath ná an Clár gan seans'

  • JP

    Dob fhiú an caighdeán maoirseoireachta a lua chomh maith agus an ‘cluiche’ a bheidh ag an réiteoir agus na maoir.
    Tuigimíd go léir an deacracht a bhaineann le maoirsiú ceart cruinn a dhéanamh ar chluiche iomána an lae inniu.
    Ach is mór an briseadh croí don imreoir é cluiche a chailliúint i gcás go ndéantar cinneadh neamhcheart, ‘éagórach’ ina choinne.
    Ag tagairt don gcúl a chuir iománaithe fé 20 Chorcaí ar Thiobraid Árann ach nár ceadaíodh atáim, in ainneoin don réiteoir dul i gcomhairle leis an dá oifigeach cúil.
    Cúl a thóg an ghaoth as sheolta na gCorcaíoch i nDúrlas Éile i gcluiche ceannais na Mumhan agus cúl “a sciob an cluiche uathu.”
    Léirigh na ceamaraí gur cúl scun scan a bhí ann gan aon agó.
    Tarlaíonn tuaiplisí ollmhóra mar sin ró-mhinic ar fad agus is léir go bhfuil géarghá leis an Seabhac Spéire i stáid Semple …ar a laghad.
    Airgead a infheistiú chun cuidiú leis an réiteoir srl agus chun cothromaíocht a thabhairt do na hiománaithe dícheallacha, amaitéaracha sin a théann chun páirce bliain i ndiaidh bliana.
    An dtógfá orthu é dá n-éireoidís as nuair nach fiú le CLG an méidín sin amháin a dhéanamh ar a son? D’fhéadfaí an brabús a dhéantar as GAAGO a úsáid mar shampla….

  • Carraig

    Am, áit & cainéal teilifíse?

  • JP

    É seo á scríobh tar éis chluichí an deireadh seachtaine;
    An Clár & Luimneach: Nuair atá tú os comhair an chúil agus gan ach an báireoir le sárú agat buail RASPAR fíochmhar feadh na talún agus beidh leat. Chaill na Cláirínigh dhá chúl dá dheascaibh sin dála mar dhein siad i gcluichí eile roimhe sin. Ceacht NÁR foghlaimíodh.
    BÁC & Cill Chainnigh: Bí ann nó as. (chun na Dubs é sin)