Na Cait ag triall ar Staid an Phiarsaigh i gceann de chluichí móra an deireadh seachtaine

Caitheann Tuarisc.ie súil ar an gcluiche mór i mBóthar na Trá tráthnóna, chomh maith leis na cluichí sa chraobh peile

Na Cait ag triall ar Staid an Phiarsaigh i gceann de chluichí móra an deireadh seachtaine

Michael Malone (Cill Chainnigh) agus Adrian Touhey (Gaillimh). Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Gaillimh v Cill Chainnigh, Staid an Phiarsaigh, 4.00i.n.

Is í an choimhlint idir Gaillimh agus Cill Chainnigh an cluiche mór i gCraobh Iomána Laighean inniu agus na Gaillimhigh ag imirt ag baile den chéad uair riamh sa chomórtas.

Tar éis dóibh Uíbh Fhailí a chloí sa chéad bhabhta, níor imir Gaillimh an tseachtain seo caite. Ar an láimh eile, tá dhá chluiche crua as a chéile imeartha ag Cill Chainnigh in aghaidh Átha Cliath agus Uíbh Fhailí.

Cé go mbainfidh siad tairbhe as na cluichí sin, tá ceisteanna á gcur toisc gur thóg sé chomh fada ar Chill Chainnigh na foirne a chur de dhroim seoil. Bhuaigh Gaillimh éasca go maith ar Uíbh Fhailí sa chéad bhabhta agus cé go raibh ar Loch Garman teacht aniar a dhéanamh chun Áth Cliath a shárú, ba cheart go mbeidís ceansaithe ag imreoirí Davy Fitzgerald i bhfad roimhe sin.

Tugadh an-mholadh do Chill Chainnigh tar éis dóibh an tsraith a bhuachan níos luaithe i mbliana agus dornán imreoirí nua tagtha chun cinn ach b’fhéidir nach bhfuil siad snoite le chéile i gceart mar fhoireann go fóill.

Ba cheart go mbeadh an-tuiscint ag imreoirí na Gaillimhe d’imirt a chéile mar thosaigh triúr déag a thosaigh cluiche ceannais na hÉireann anuraidh sa chluiche in aghaidh Uíbh Fhailí. Cé go raibh dhá phointe déag d’fharasbarr ag foireann Mhicheál Donoghue sa chluiche sin, thóg sé tamall orthu an bhearna sin a oscailt agus is léir nach bhfuil siad i mbarr a maitheasa go fóill.

Ní ghéillfidh buachaillí Brian Cody tada éasca dóibh tráthnóna, ach má thagann feabhas ar Gaillimhigh os comhair a lucht leanúna féin i Staid an Phiarsaigh, ba cheart go dtiocfaidh siad slán.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Frank McGlynn (Dún na nGall) agus Fergal Doherty(Doire). Pictiúr: INPHO/Presseye/Andrew Paton

Doire v Dún na nGall, Páirc na gCeilteach, 4.00i.n.

Tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an gCabhán cúpla seachtain ó shin, tá peileadóirí Dhún na nGall ag dul chun páirce arís tráthnóna agus deis acu cluiche leathcheannais Uladh a bhaint amach. Is iad fir Dhoire a bheidh rompu tráthnóna agus cé go mbíodh sárchoimhlintí idir na foirne seo sna blianta a caitheadh, seans nach amhlaidh a bheidh tráthnóna.

Tá foireann peile Dhoire in ísle brí faoi láthair agus thit siad ó Roinn 1 go dtí Roinn 4 taobh istigh de thrí bliana. Cé gur díbríodh Dún na nGall ó Roinn 1 i mbliana, tá dóchas ann sa chontae go bhfuil dul chun cinn a dhéanamh acu agus iad faoi stiúir Declan Bonner.

Tá an-chuid imreoirí óga cumasacha sa chontae agus chruthaigh leithéidí Michael Langan, Jamie Brennan agus Eoghan Bán Gallagher ar fheabhas sa chluiche a bhuaigh siad in aghaidh an Chabháin. Beidh Odhrán Mac Niallais agus Paddy McGrath ar fáil do Bonner do chluiche an lae inniu chun cur le taithí na gConallach.

Níl cluiche craoibhe buaite ag Doire ar Dhún na nGall le deich mbliana anuas agus is beag seans go gcuirfidh siad é sin ina cheart tráthnóna.

Cuirfidh seaimpíní na hÉireann, Áth Cliath, tús lena bhfeachtas craoibhe tráthnóna chomh maith nuair a chasfaidh siad ar Chill Mhantáin i bPort Laoise. Níl aon duine ag súil le hiomaíocht ghéar sa chluiche seo foireann ó Roinn 1 agus foireann ó Roinn 4. Níl hamhlaidh an scéal faoi cluiche Chill Dara i gcoinne Cheatharlach, áfach, agus seo deis ag Ceatharlach bua gan choinne a fháil. Sa chluiche eile i gCraobh Peile Laighean, beidh An Longfort ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar An Mhí sa chraobh don chéad uair ó 1982.

Fág freagra ar 'Na Cait ag triall ar Staid an Phiarsaigh i gceann de chluichí móra an deireadh seachtaine'