NA CAINTEANNA Ó THUAIDH: Más toil leo é, tiocfar ar réiteach, ach an toil leo é?

Dúradh leis na páirtithe gurb iad ionadaithe an dá rialtas a bheadh i gceannas ar na cainteanna oidhreachta. An leor sin chun tathant ar náisiúnaithe gan cur i gcoinne Brokenshire?

NA CAINTEANNA Ó THUAIDH: Más toil leo é, tiocfar ar réiteach, ach an toil leo é?

James Brokenshire

Bhí athrú ar an atmaisféar nuair a chuaigh na páirtithe i Stormont ar ais i mbun cainte Dé Luain. Murab ionann agus an chéad bhabhta de na cainteanna seo a tháinig chun deiridh an tseachtain roimhe sin, bhí cuma níos gairmiúla agus níos éifeachtúla ar an iarracht seo.

Bhí plean oibre aontaithe ag an dá rialtas. Bhí struchtúir socraithe chun a chinntiú go mbeadh ceannairí na gcúig pháirtí ar an eolas faoina dtarlódh maille le seisiúin rialta chun léirmheas a dhéanamh ar dhul chun cinn – nó a mhalairt. Bhí teorainn ama sa phlean freisin, 10 lá. Thabharfadh sé sin go hAoine an Chéasta iad – arís.

Céim chun tosaigh ab ea an cur chuige eagraithe ach níor bharántas ar bith é go ndéanfaí réiteach. Idirphlé faoi chomhghéilleadh a bhí ar siúl, dar leis an bpáirtí is mó, an DUP. A mhalairt de thuairim a bhí ag an bpáirtí atá sna sála orthu (suíochán amháin de dhifear atá eatarthu anois), Sinn Féin, a dúirt gur chainteanna faoi chur i bhfeidhm socruithe a aontaíodh cheana ab ea iad.

Cé gur eisigh John O’Dowd ó Shinn Féin tvuít tráthnóna Dé Luain ag rá nár ghá ach na seanréitigh a chur i bhfeidhm, bhí port dearfach go leor ag na páirtithe.

Níor léir cén fáth, áfach.

Bhí ábhair ar nós clár rialtais, trédhearcacht sa rialtas, buiséad agus a leithéidí faoi chaibidil. Is sna babhtaí a bhaineann le gnóthaí inmheánacha Thuaisceart Éireann a liostáladh Gaeilge agus an Breatimeacht chomh maith; ceisteanna atá deacair, ach inréitithe.

Díol suntais ab ea é go raibh ceannaire na státseirbhíse i Stormont, Sir Malcolm McKibbin ina chathaoirleach ar sheisiúin an Luain. Bhí an t-eiteachas tugtha ag an státrúnaí James Brokenshire d’éilimh ó Shinn Féin agus an SDLP go mbeadh cathaoirleach seachtrach ar chainteanna. Bhí an dá pháirtí náisiúnacha meáite de nach raibh Brokenshire inniúil ar an gcathaoirleacht, go háirithe faoi cheisteanna oidhreachta.

Mhaígh siad gur pháirtí leasmhar ab ea an Státrúnaí chomh maith le rialtas na Breataine agus gur chur i gcéill aige é a bheith ag rá go raibh sé neodrach. Dhícháiligh Brokenshire é féin, dar le Sinn Féin agus SDLP nuair a scríobh sé alt nuachtáin dhá mhí ó shin ag cur a ladair i gceann de na díospóireachtaí ba theasaí agus ab íogaire sa phróiseas. Mar a phléigh an colún seo Tuairisc.ie ar ar an 5 Feabhra, mhaígh an Státrúnaí go raibh iomarca béime ar shaighdiúirí a fhiosrú murab ionann agus paraimíleataigh. D’eisigh Oifig na nIonchúiseamh Poiblí figiúirí a bhréagnaigh an Státrúnaí agus cháin an Tiarna Príomh-Bhreitheamh é ach níor aistarraing James Brokenshire a alt.

Scéal thairis é, seans, ach is é James Brokenshire an té is lú taithí de na daoine go léir atá i mbun idirbheartaíochta. Tá Comhaontas Glas ag iarraidh air seasamh i leataobh agus cathaoirleach seachtrach, tréitheach a cheapadh. Bhí aighneas idir Sinn Féin agus réamhtheachtaí an Státrúnaí, Theresa Villiers mar gur chuir sise, thar ceann rialtas na Breataine, cosaint ar bhonn ‘slándáil náisiúnta’ san áireamh i gcás ceisteanna oidhreachta.

Rinne grúpa acadúil moltaí chun an fhadhb sin a réiteach. Chuir siad faoi bhráid an dá rialtas na moltaí sin go príobháideach anuraidh. D’fhoilsigh an grúpa na moltaí an tseachtain seo le súil is go bhfaighidís éisteacht cé nár cuireadh san áireamh iad i gcáipéis a chuir James Brokenshire faoi bhráid na bpáirtithe sna cainteanna reatha.

Dúradh leis na páirtithe gurb iad ionadaithe an dá rialtas a bheadh i gceannas ar na cainteanna oidhreachta. An leor sin chun tathant ar náisiúnaithe gan cur i gcoinne Brokenshire? Nó an iarrfar ar Malcolm McKibbin bearna a líonadh? Tá comhairliúchán poiblí faoi cheisteanna oidhreachta – na socruithe d’íobartaigh, fiosruithe stairiúla nó scéalaíocht/fírinne faoi na Trioblóidí ina gcuid den dréachtphlean ón mBreatain.

Mura mbeadh teorainn ama chinnte leagtha síos ní bheadh ann ach an cheist á cur ar an méar fhada arís agus buille eile d’íobartaigh. Ach dá mba chomhairliúchán réamhreachta é a dheinfí i ráithe, seans go scaoilfeadh sé an tsnaidhm mharfach a chuir bac ar fhuascailt.

Is deacair réiteach a thuar ach fuasclaíodh ceisteanna deacra cheana. Más é sin a dtoil, is féidir réiteach a dhéanamh. An toil leo é? Sin í an cheist.