Na Bundúchasaigh agus an scannán a rinneadh 50 bliain ó shin ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

Insint dhíreach atá sa scannán ar an méid a tharla nuair a chuir bundúchasaigh na hAstráile tús le feachtas cearta sibhialta taobh amuigh de theach na parlaiminte in Canberra

Na Bundúchasaigh agus an scannán a rinneadh 50 bliain ó shin ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

An tsuim i scéal Mhuiris Uí Shúilleabháin a thug le chéile muid an chéad lá. Bhí súil ag an léiritheoir scannán as an Astráil Haydn Keenan, an scéal a bhí mar bhunús leis an leabhar Fiche Bliain ag Fás a chur ar an scáileán, dá bhféadfadh sé. Níor cruthaíodh an fhís sin go fóill, ach coinníodh an teagmháil leis an Astrálach beo.

Agus Fleadh Scannán na Gaillimhe ar na bacáin, chuir Haydn ar an eolas muid faoi scannán a raibh baint aige leis, a bheadh ar taispeáint ansin – an léiriú deireanach sa bhFleadh.

‘Ningla-A’na’ an teideal bhí air, (Cumha i ndiaidh Ár dTalún). Is beag a insíonn sé sin duit faoi ábhar an scéil. Ach, má deirim go ndearnadh é leathchéad bliain ó shin agus go bhfuair sé léirmheas ‘cúig réalt’ ó nuachtán an Guardian anuraidh, b’fhéidir go músclódh sé sin do shuim ann?

Bhí ár gcara Haydn Keenan chun tosaigh sa bhfeachtas chun an seanscannán a athchóiriú. Bhí an t-aisteoir Russell Crowe ar dhuine de na daoine mór le rá a thug cúnamh airgid don obair – $40,000 a chosain sé.

I 1972 a rinneadh ‘Ningla-A’na.’ Séard atá ann ná insint dhíreach ar an méid a tharla nuair a chuir bundúchasaigh na hAstráile tús le feachtas taobh amuigh de Theach Parlaiminte na hAstráile in Canberra agus iad ag lorg cearta bunúsacha daonna.

I dtús na bliana sin, leag dream beag díobh parasól ar an bplásóg féir trasna ón Teach Parlaiminte.

‘Ambasáid na mBundúchasach’ a thug siad air – ag tabhairt le fios gur dream iad a raibh tír dá gcuid féin acu agus nár ghéill siad aon talamh riamh do Choróin Shasana.

Agus fós sa lá inniu, aithnítear an ‘Ambasáid’ mar ionad na hagóide is faide agus is sine ar domhan, ag lorg cearta talún.

Ní scannán é atá leagtha amach ar bhealach traidisiúnta. Leanann an ceamara an t-aicsean le linn na hagóide agus leanann sé scéalta eile a bhí ina ndlúthchuid den ‘éirí amach’ – na hiarrachtaí le cúrsaí sláinte agus oideachais a chur ina gceart freisin.

Ní bhfuair an stiúrthóir Alessandro Cavadini aon chúnamh airgid leis an scannán a dhéanamh. Rinneadh é le seanstoc scannáin a bhí fágtha ar leataobh ag ABC News. ‘On the smell of an oily rag,’ an cur síos a rinne Haydn air. Ach is fianaise luachmhar atá ann – níor tugadh cead d’éinne eile an agóid sin a thaifeadadh.

Chuir sé laethanta tosaigh Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gcuimhne dom. Dá gcasfá síos an fhuaim ar na carachtair faoin bparasól, thabharfá an leabhar gur ag bunú Saor-Raidió Chonamara a bhíodar.

Arís agus arís eile, thug na póilíní ruathar faoin ‘Ambasáid’ mhídhleathach agus leagadar go talamh í. Frítheadh amach ansin nach raibh sé in aghaidh an dlí a bheith ag campáil ar phlásóg na Parlaiminte. Ach ritheadh dlí nua go sciobtha tríd an bParlaimint agus go tobann, bhí campáil ansin in aghaidh an dlí agus tugadh fúthu arís. Ach fós níor ghéilleadar.

Tá brúidiúlacht na bpóilíní le feiceáil go soiléir sa scannán. Ní hamháin sin, ach tá an díospóireacht laethúil idir na léirsitheoirí agus an pobal geal, chomh maith leis an díospóireacht i measc na léirsitheoirí féin, le feiceáil agus le cloisteáil.

‘Cén fáth a n-úsáideann sibh droch-chaint? Cén fáth an bhfuil sibh chomh maslach sin?’ a d’fhiafraigh bean ón mórphobal (geal) de na léirsitheoirí.

‘An bhfuil a fhios agat céard atá maslach, céard atá gáirsiúil,’ a d’fhreagair duine de na ceannairí, Gary Foley, le racht feirge. ‘An méid atá ag tarlú i measc mo phobail – sin é atá náireach, sin é atá gáirsiúil.’

‘Measaim féin gur náireach an rud é go bhfuil an ráta báis is airde ar domhan i measc leanaí óga an phobail bhundúchasaigh,’ a dúirt sé. ‘That is offensive to me,’ a dúirt sé léi.

Dream beag daoine a chuir an campa beag ar an bplásóg. Gach uair a baineadh anuas é, chuir siad suas arís é. Meastar gurb é an chéad uair é ar thug an pobal bundúchasach dúshlán phobal an mhóraimh. Tharraing sé aird idirnáisiúnta orthu féin agus ar a gcás.

Cé gur cearta talún a bhí uathu ar an gcéad dul síos bhí i bhfad níos mó ná sin i gceist leis an agóid. ‘What do we want?’ ‘Land.’ ‘When do we want it?’ ‘Now’, a bhéic siad ag na léirsithe ach taispeántar scéal i bhfad níos leithne ná sin sa scannán.

I lár an scannáin tá agallamh thar a bheith cumhachtach le hOllamh le Leigheas faoi shláinte na mbundúchasach.

I dtús na seachtóidí, nuair a rinneadh an scannán, bhí galar an ‘tracóma’ glanta den saol ag na hAstrálaigh i measc an mhórphobail, le hos cionn 100 bliain. Baineann an galar tracóma an t-amharc de dhaoine ach is féidir é sin a sheachaint le cúram sláinte.

Ach bhí an tracóma ar cheann de na galair ba choitianta a bhain amharc na súl de dhaoine i measc an phobail bhundúchasaigh. Droch-chaighdeán an uisce, drochshláinteachas, agus droch-chaighdeán maireachtála a chuidigh le scaipeadh an ghalair. Ní fheictear an galar sin ar chor ar bith i dtíortha atá ‘forbartha’.

Agus caoga bliain tar éis chéad léiriú an scannáin seo, ina bpléitear sláinte an phobail sin, céard é an scéal ó thaobh cearta daonna an phobail sin anois?

Labhair mé ar an bhfón lenár gcara Haydn Keenan leis an scéal is deireanaí a fháil uaidh. Bhí an-áthas air gur ghlac Fleadh Scannán na Gaillimhe le ‘Ningla-A’na’ agus gur fháiltigh an lucht féachana roimhe.

Ní haon dea-scéala a bhí aige dom chomh fada agus a bhaineann le sláinte na mbundúchasach. Dar leis, tá fad saoil acu atá 15 bliain níos giorra ná mar atá ag an bpobal geal.

Is ar éigean a bhog na staitisticí sláinte ar chor ar bith, ón uair a cuireadh an parasól sa phlásóg, a deir sé. Tá cearta áirithe talún anois ag bundúchasaigh is de réir a chéile atá siad ag fáil na gceart sin.

Is deacair a chreidiúint go raibh tráth ann nár aithníodh an pobal sin mar shaoránaigh. D’inis Haydn dom gur ritheadh reifreann san Astráil i 1967, a thug aitheantas dóibh den chéad uair mar ‘lán-saoránaigh.’ Roimhe sin ní raibh cead ag na bundúchasaigh taisteal as a gceantar féin gan cead a fháil i scríbhinn.

Cuimhnigh gur daoine iad seo a bhfuil sé de cháil orthu gurb iad an dream is faide atá beo in aon chultúr, in aon tír ar domhan.

I ndiaidh an reifrinn sin, bhog go leor bundúchasach amach as na drocháitribh ina raibh cónaí orthu ar an díthreabh [bush]. Thug 60,000 duine díobh aghaidh ar na slumaí sna cathracha. Sa mheascán mearaí sin, maíonn Haydn gur cothaíodh smaointe radacacha, agus as sin gur tháinig dream óg fuinniúil aníos a thosaigh ag éileamh a gcuid ceart. Ní dream ciúin sibhialta a bhí iontu mar a bhí in ionadaithe na mbundúchasach roimhe sin. Bhíodar glórach, bhíodar in ann labhairt amach go poiblí, agus ba chuma leo céard a cheap daoine fúthu.

Sin iad an dream atá le feiceáil sa scannán seo.

Agus tá gach seans go gcuirfear fáilte níos mó roimhe anois ná mar a cuireadh leathchéad bliain ó shin nuair a cuireadh ar an scáileán é den chéad uair.

Fág freagra ar 'Na Bundúchasaigh agus an scannán a rinneadh 50 bliain ó shin ag Fleadh Scannán na Gaillimhe'

  • Eoghan Ó Néill

    Na bundúchasaigh san Astráil, na Maori, na Cherokee, na Chucktaw, na Latoka etc. etc. bíonn tuiscint ag na Gaeil ar a tharla ….