Na Brístí Domhnaigh á mbabhtáil ag na ceannairí mar a dhéanadh fir bhochta na Gaeltachta

Is maith lenár gcuid polaiteoirí mór-is-fiú a dhéanamh díobh féin, ach, amharc, níl ann ach go bhfuil siad ag athrú bríste mar a dhéantaí sa Ghaeltacht san am a bhí thart

Na Brístí Domhnaigh á mbabhtáil ag na ceannairí mar a dhéanadh fir bhochta na Gaeltachta

Tháinig am na lánúineach agus ba mhaith le Conall Pheadair Bhig bean aige … Anois, bhí dhá rud de dhíth air – bean agus bríste. Ní raibh aon snáithe ar an duine bhocht ach seanbhríste lán poll agus paistí, agus greamanna de shnáth chasta agus de shnáth olla agus den uile chineál snátha ón bhásta go dtí barr na n-osán – Grásta ó Dhia ar Mhicí le Séamus ó Grianna.

Beagnach 100 bliain ó shin a foilsíodh scéal sin Shéamuis Uí Ghrianna, ‘Grásta ó Dhia ar Mhicí’, sa chnuasach Cith is Dealán. Baineann an scéal le cleamhnas agus le polaitíocht an phósta agus amharc go mbaineann sé linne go fóill. Scéal simplí atá ann: tá Conall Pheadair Bhig ag iarraidh pósadh; iarrann sé ar a chara, Micí Sheáinín Gréasaí, cleamhnas a dhéanamh idir é féin, Conall, agus Sábha Néill Óig. Tuilleann Micí é sin a dhéanamh ach tá fonn air féin Sábha a phósadh agus loiceann sé ar a chara, iarrann ar Shábha é a phósadh agus fágtar Conall ar an trá fholamh.

Ní fear saibhir a bhí ann mar Chonall agus bhí air iasacht bríste a iarraidh ar ghaol dá chuid le go mbeadh sé in ann pósadh, fear a raibh “trí bhríste” aige: “Bríste Domhnaigh, bríste chaite gach aon lae, agus bunbhríste.”

Agus amharc go bhfuil trí pháirtí againn atá i ndiaidh cleamhnas a dhéanamh agus go bhfuil Micí dár gcuid féin, Micheál Martin, i ndiaidh Bríste Domhnaigh a tharraingt air féin agus cleamhnas a dhéanamh nach mbeadh Conall Pheadair Bhig ná mórán dá chuid vótóirí in ann a chreidbheáil.

Mar bharr an dea-ádh, tá bríste caite gach aon lae le caitheamh ag Fine Gael agus beidh bunbhríste ar na Glasaigh – rud nach miste leo nó tá siad ar son rudaí a athchúrsáil. Faraor, ní fada go mbeidh ar Mhicí Martin an Bríste Domhnaigh a bhaint de agus iad a thabhairt d’Fhine Gael le caitheamh. (Filleann an feall ar an Fhiannafáiler, mar a déarfá.)

Sea, is maith lenár gcuid polaiteoirí mór-is-fiú a dhéanamh díobh féin; is maith leo a creidbheáil gur ceannairí den scoth iad; gur plúr na bpáirtithe iad. Ach amharc, níl ann ach go bhfuil siad ag athrú bríste mar a dhéanadh fir bhochta na Gaeltachta san am a bhí thart.

Seans mór gur cuma sa tsioc le Micí Martin nach mbeidh Bríste Domhnaigh air ach seal beag gairid féin. B’fhearr leis, is léir, bríste Domhnaigh ar iasacht ó Fhine Gael ná “bratóga beaga saora” a pháirtí féin. Shantaigh sé ardoifig agus tá ardoifig bainte amach aige. Tá na blianta caite aige ag obair as lámh a chéile le Fine Gael ach theip air rud ar bith fiúntach a bhaint amach mar cheannaire Fhianna Fáil; bhí a chuid polasaithe féin agus a chur chuige “lán poll agus paistí, agus greamanna de shnáth chasta agus de shnáth olla agus den uile chineál snátha ón bhásta go dtí barr na n-osán”.

Níl an chosúlacht ar an scéal go dtuigeann sé é sin ná an feall atá déanta aige ar a chuid vótóirí: “Ar maidin lá arna mhárach bhí ábhar cainte ag seanmhná na mbailte. Bhí, chomh maith agus a bhí acu lena gcuimhne. Conall Pheadair Bhig a chuir Micí Sheáinín Gréasaí dh’iarraidh mná, agus d’iarr Micí an bhean dó féin.”

Sea, sin feall agus feall den tsórt chéanna atá déanta ag Martin ar vótóirí Fhianna Fáil: iarradh rud amháin air – an ruaig a chur ar Fhine Gael – agus rinne sé rud eile. Cinnte, bainfidh mórán ball d’Fhianna Fáil ceol as an chleamhnas; ólfar poitín go maidin ar an bhainis ach, na vótóirí, na plain people of Ireland, a choinnigh an dé sa pháirtí ar feadh i bhfad, an chosmhuintir chiallmhar a chreid gur ghuth s’acusan, dá lochtaí é, gur ghuth s’acusan a bhí ann mar Fhianna Fáil, guth in éadan shotal agus airgead Fhine Gael, cad é is fiú dóibh an páirtí anois?

Cinnte, tá Bríste Domhnaigh ar Martin inniu ach is é fírinne an scéil é go bhfuil dhá olltoghchán caillte aige. Níor éirigh leis Kenny ná Varadkar a chloí. Cé a chreideann nach gcaillfidh sé an tríú holltoghchán?

Cé a chreideann ach oiread go gcuirfidh Fine Gael muinín i Leo Varadkar amach anseo? Bhronn an t-iar-iar-Thaoiseach, Enda Kenny, gradam an Taoisigh air sin agus ba é a chaith Bríste Domhnaigh Kenny go mórtásach ó shin. Beidh air bheith sásta le bríste caite gach aon lae go cionn tamaill ach nach cuma? Saothróidh sé cúpla euro deas agus iad air.

Agus na Glasaigh? Bhuel, seans mór go mbeidh siadsan sásta le bunbhríste ach an mbeidh duine ar bith eile sásta má bhíonn ar gach aon saoránach bunbhríste a chaitheamh?

Faraor, droch-chríoch a bhí ar Mhicí bocht agus níorbh fhada go raibh Conall Pheadair Bhig in ann cleamhnas a dhéanamh le Sábha as an nua. Do bharúil, i ndiaidh an chleamhnais ghránna seo, an gcuirfeadh sé iontas ar bith ort dá mbeadh fonn ar vótóirí Bríste Domhnaigh a fheiceáil ar Mary Lou?

Fág freagra ar 'Na Brístí Domhnaigh á mbabhtáil ag na ceannairí mar a dhéanadh fir bhochta na Gaeltachta'